BÓITHRE Á nDÚNADH GO SEALADACH
Acht na mBóithre 1993 - Alt 75
Rialacháin na mBóithre 1994 – Airteagal 12
Fógra Cinnidh
TUGTAR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil ordú déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe an bóthar a leanas a dhúnadh:-
Sráid Forster: An Trácht uile ach amháin Busanna & Tacsaithe
Sráid Eglinton: An Trácht uile ach amháin Busanna & Tacsaithe
Sráid Gheata Liam: An Trácht uile ach amháin Busanna & Tacsaithe
An Tréimhse Dúnta: Ó 10am go 2pm, Dé hAoine 22 Meán Fómhair 2017
Cúis: Lá Saor ó Charranna na hEorpa
Bealaí Malartacha:Cuirfear bealaí malartacha ar fáil don trácht agus beidh comharthaí le feiceáil de na bealaí atreoraithe
Bealaí Atreoraithe:
Sráid Forster - Tá bealach atreoraithe ar fáil via Bóthar Fhaiche an Aonaigh, Bóthar Loch an tSáile, Bóthar na Long, Bóthar na nDuganna, Sráid na nDuganna Nua & Bóthar na gCeannaithe. Cinnteofar go mbeidh cead isteach i gcónaí ag daoine áitiúla. Beidh comharthaíocht do mhalairt slí in airde sula ndúnfar na bóithre seo.
Sráid Eglinton & Sráid Gheata Liam – Tá bealach malartach ar fáil via Ascaill Naomh Uinseann, Barr an Chalaidh, & Sráid an Iarsaigh, nó via Cnoc an Radharc, Bóthar na mBan, Bóthar Áth Cinn & Ascaill Naomh Uinseann. Cinnteofar go mbeidh cead isteach i gcónaí ag daoine áitiúla. Beidh comharthaíocht do mhalairt slí in airde sula ndúnfar na bóithre seo.
Sínithe: Tomás Ó Conaill,
Stiúrthóir Seirbhísí,
An Stiúrthóireacht Iompair, Caitheamh Aimsire & Áineasa, An Stiúrthóireacht Seirbhísí Corparáideacha,
Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Fortheach Choláiste Yeats, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.
