Tá an gradam iomráiteach, An Bhratach Chorcra bronnta an athuair ar Chathair na Gaillimhe. Is athnuachan atá anseo ar an mBratach Chorcra a bronnadh ar an gcathair den chéad uair i 2015. Is é an Cumann Bainistithe Bailte agus Cathracha (ATCM) a bhronnann an creidiúnú don Bhratach Chorcra agus déantar an ceantar a mheas de réir dhian-critéir. Is gradam creidiúnaithe idirnáisiúnta í an Bhratach Chorcra a bhronntar ar chathracha agus ar bhailte a chomhlíonann sárchaighdeán feabhais ó thaobh bhainistiú an gheilleagair tráthnóna agus oíche.
D'oibrigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe go dlúth le cumainn agus le líonraí gnó áitiúla agus iad ag ullmhú an phróisis iarratais don Bhratach Chorcra, ina measc Cumann Tráchtála na Gaillimhe, An Ceathrú Laidineach, an tSráidbhaile Thoir agus Iarthar Chathair na Gaillimhe chomh maith le daoine eile a bhíonn ag obair i gcomhar leis an nGarda Síochána chun bríomhaireacht agus spleodar an cheantair atá ainmnithe don Bhratach Chorcra i nGaillimh a léiriú.
Tá sé cruthaithe ag Cathair na Gaillimhe, mar cheantar a bhfuil an t-ainmniúchán bainte amach acu don Bhratach Chorcra, go gcuirtear fáilte roimh chách, go bhfuil bealaí sábháilte ann do thurasóirí chun taisteal abhaile sa dorchadas agus go bhfuil meascán ilghnéitheach ionad ann.
Rinne beirt mheasúnóirí measúnú thar oíche ón 5.00pm go dtí 5.00am sa cheantar i gCathair na Gaillimhe atá ainmnithe don Bhratach Chorcra, ceantar a shíneann ó Bhóthar an Choláiste, Sráid Forster, An Fhaiche Mhór, Barr an Chalaidh, Sráid Eglington, Sráid Liam, Sráid na Siopaí, an Ceathrú Laidineach, an Margadh Éisc agus an Póirse Coach agus ar fud Iarthar Chathair na Gaillimhe.
Thug Caitríona Morgan, Comhordaitheoir na Brataí Corcra le fios go raibh sí fíor-shásta gur éirigh le Cathair na Gaillimhe Gradam na Brataí Corcra a choimeád. Deir sí go bhfuil siad thar a bheith sásta gur éirigh le Cathair na Gaillimhe an Bhratach Chorcra a athnuachan agus gur aitheantas é ar na hiarrachtaí móra agus an infheistíocht atá déanta acu chun geilleagar oíche na cathrach a chruthú agus a fheabhsú. Deir sí go bhfuil siad fíor-bhródúil an Bhratach Chorcra a bheith ar foluain agus gur léiriú é seo ar na comhpháirtíochtaí leanúnacha agus chomh gníomhach agus a bhíonn siad leis na príomhpháirtithe leasmhara go léir.
Fuarthas aiseolas a bhí an-dearfach go deo sa tuairisc ó na measúnóirí neamhspleácha a deir: "Go bhfuil gnólachtaí na Gaillimhe gníomhach go maith sa Ghrúpa Oibre don Bhratach Chorcra agus go bhfuil cúnamh acu ó dhaoine aonair chun cuidiú leo an obair a dhéanamh. Mar thoradh air sin, is léir go bhfuil an caidreamh idir an pobal gnó agus na páirtithe leasmhara ón gComhairle agus na Gardaí láidir ach go háirithe."
Tháinig fógairt athnuachan na Brataí Corcra ag am cinniúnach mar go mbeidh Cathair na Gaillimhe i mbun ceiliúrtha ar an deireadh seachtaine don Bhratach Chorcra ón 6ú - 8ú Deireadh Fómhair, 2017. Beidh imeachtaí agus tionscnaimh éagsúla ar siúl le linn an deireadh seachtaine agus beidh tuilleadh eolas ar fáil ina leith ar www.galwaycity.ie
