Latest News

Leabhar Comhbhróin - Las Vegas


Leabhar Comhbhróin - Las Vegas

D'oscail Méara Chathair na Gaillimhe, An Comhairleoir Pearce Flannery, leabhar comhbhróin ag Halla na Cathrach, ar an Déardaoin 4 Deireadh Fómhair 2017 ar a 2pm.

Osclaíodh an leabhar i gcuimhne ar na daoine a bhásaigh san eachtra thragóideach i Las Vegas, Nevada, i Stáit Aontaithe Mheiriceá ar an 1 Deireadh Fómhair 2017.

Beidh an leabhar ar fáil don phobal le síniú i Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, i rith uaireanta oscailte go dtí an Aoine 21 Deireadh Fómhair.

Déanann an Comhairleoir Flannery comhbhrón ó chroí le daoine muinteartha agus cairde na n-íospartach ar son Chomhairle Cathrach agus mhuintir na Gaillimhe.