Latest News

Seimineár na nGairdíní Pobail ar Cheiliúradh an Fhómhair Fógartha


Seimineár na nGairdíní Pobail ar Cheiliúradh an Fhómhair Fógartha

Tá Duilleog Ghlas na hEorpa, Réigiún Gastranómachais na hEorpa agus Comhpháirtíocht Chathair na Gaillimhe fíorshásta a fhógairt go mbeifear ag cur fáilte roimh tháirgeoirí bia agus roimh dhaoine a bhfuil suim acu sa gharraíodóireacht chuig Seimineár na nGairdíní Pobail ar Cheiliúradh an Fhómhair Dé hAoine an 20 Deireadh Fómhair 2017 ón 2-5 in Óstán Harbour.

I measc na gcainteoirí beidh Charles Dowding, a bhíonn ag cur an gharraíodóireacht 'Gan Tochailt' chun cinn. Bíonn Charles ina aoi rialta ar raidió agus ar theilifís an BBC; An Dr Colin Sage, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh & Comhairle Beartas Bia Chorcaí; Dee Sewell, Greenside Up & Gairdíní Pobail na hÉireann chomh maith le hionadaithe ó Ghairdíní Pobail na Gaillimhe.

Ócáid saor an aisce a bheidh anseo, ach mar gheall ar easpa spáis, caithfear clárú ar líne ar dtús trí https://galwayharvestseminar2017.eventbrite.ie nó is féidir clárú trí theagmháil a dhéanamh le Arlene Finn, Comhordaitheoir Dhuilleog Ghlas na hEorpa Arlene.finn@galwaycity.ie nó trí ghlaoch ar 091 536 840.

Leanfaidh an ceiliúradh ar feadh an deireadh seachtaine agus beidh Fómhar an Phobail agus Ócáid na Samhna do Veigeáin le Pobal Veigeán na Gaillimhe agus Tríú Spás na Gaillimhe ar siúl in Áras na nGael Dé Domhnaigh an 22 Deireadh Fómhair, 1-3pm. Beidh caint ann maidir le Daonlathas Bia, curadóireahct inbhuanaithe agus pobail ó Eimhin David Callahan, comhbhunaitheoir Food Commons, Táirgeoirí Pobail Bhiorra. Ós rud é gurb í an Samhain a bheidh ann, beidh fáilte roimh dhaoine éide bréige a chaitheamh agus cluichí traidisiúnta na Samhna in Éirinn a spraoi. Tabhair leat do sneaic veigeáin féin, milseoga nó deochanna - is cuma má rinne tú féin sa bhaile é nó má cheannaíonn tú sa siopa é, fhad agus gur do veigeáin é. Má thaitníonn comhábhair orgánacha leat a bhíonn á gcur go háitiúil do do bhéile, féadfaidh tú na comhábhair a úsáid uathu, a bhíonn á dtabhairt uathu ag garrraíodóirí ag na gairdíní pobail áitiúla agus ag na garraíodóirí a mbíonn táirgí orgánacha áitiúla acu - féadfaidh tú teacht orthu ach cuairt a thabhairt ar Stephanie ag an stalla Slánbhia Orgánach Gan Dramhaíl dar teideal 'Contain Yourself' ag Margadh na dTrádálaithe Beaga an tseachtain seo chugainn Dé Sathairn an 21 Deireadh Fómhair in Áras na nGael.

Deir Arlene Finn, Comhordaitheoir Dhuilleog Ghlas na hEorpa gur áiteanna bríomhara iad na Gairdíní Pobail do dhaoine a oibríonn go deonach agus foghlaimíonn siad le torthaí agus glasraí a fhás - iad féin! Is spásanna iontach iad chun casadh le daoine atá ar chomhintinn le chéile agus chun sult a bhaint as a bheith páirteach i dtogra pobail. Níos tábhachtaí fós, cuireann na Gairdíní Pobail leis an eolas a bhíonn ag an bpobal ar tháirgeadh bia áitiúil agus orgánach - go háirithe sa tsochaí uirbeach ina bhfuilimid, is beag eolais agus taithí atá againn a thuilleadh ar conas bia a tháirgeadh. Deir sí gur deis iad na Gairdíní Pobail chun an t-eolas sin a roinnt arís. Tugann na hócáidí seo a deir Arlene deis do dhaoine tuilleadh eolais a fháil ar conas a gcuid bia féin a tháirgeadh, agus tuilleadh eolais a fháil faoi Líonra na nGairdíní Pobail i nGaillimh - beidh fáilte roimh chách.