Nuacht is Déanaí

HEREEEEE

FÓGRA POIBLÍ: Fógra maidir le Leasú Beartaithe ar Phlean Forbartha Chathair na Gailimhe 2017 – 2023


FÓGRA POIBLÍ: Fógra maidir le Leasú Beartaithe ar Phlean Forbartha Chathair na Gailimhe 2017 – 2023

Tugtar fógra leis seo de bhun Alt 13 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú) go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar Phlean, arb í an tÚdarás Pleanála don Chathair í, leasú a dhéanamh ar Phlean Forbartha Chathair na Gailimhe 2017 - 2023 i ndáil leis na nithe seo a leanas:

Leasú ar Alt 11.2.2 An Oidhreacht Nádúrtha, Áineas agus Taitneamhacht i ndáil le Cuspóirí Zónála i dtaca le hÚsáid Talún RA ach an Cuspóir Sonrach Forbartha seo a leanas a chur isteach:

 

Fíor 11.5 Acomhal Uí Chiardhubháin, Bóthar Áth Cinn

 

Talamh RA atá suite os comhair Óstán Pháirc Mhionlaigh, le hais Arda Thír Oileáin forbairt cónaithe ar Bhóthar Áth Cinn agus talamh RA atá suite ar an taobh ó thuaidh d'Óstán Maldron. Féachfaidh an Chomhairle ar úsáid na dtailte sin chun éascaíocht a dhéanamh d'athleagan amach Acomhal Uí Chiardhubháin. I measc an athleagain amach sin beidh an teacht isteach reatha atá ann ó Bhóthar Mhionlaigh go hAchomhal Uí Chiardhubháin a athleagan amach ach éascaíocht a dhéanamh do nascbhóthar a thógáil ó Bhóthar Mhionlaigh a nascfaidh le Bóthar Áth Cinn agus éascaíocht a dhéanamh d'athleagan amach an acomhail reatha de bhun codanna áirithe de thailte zónáilte RA atá suite gar don acomhal reatha a úsáid. Déanfaidh an t-athleagan amach sin éascaíocht d'fheidhmiú Acomhal Uí Chiardhubháin a fheabhsú agus cuirfear deiseanna níos fearr ar fáil do ghluaiseacht coisithe agus rothar agus don iompar poiblí.

 

Leasú ar an gCuspóir Sonrach Forbartha reatha in Alt 11.2.2 An Oidhreacht Nádúrtha, Áineas agus Taitneamhacht i ndáil le Cuspóirí Zónála i dtaca le hÚsáid Talún RA - Fíor 11.2 mar seo a leanas:

 

Tailte RA os comhair Óstán Pháirc Mhionlaigh gar d'Achomhal Uí Chiardhubháin. Féachfaidh an Chomhairle ar ionad fóillíochta agus linn snámha a fhorbairt, a mbeadh an dá cheann díobh lonnaithe faoi thalamh gan ach an éifeacht is lú os cionn talún, mar chuid den fhorbairt iomlán óstáin ach amháin sa chás go nglacann forbairt den chineál sin san áireamh go sásúil na ceanglais i ndail le hoibreacha a bhaineann le Cuspóir Sonrach Forbartha Alt 11.2.2 san áireamh mar a fhoráilteár dó i bhFíor 11.5.

 

(athruithe i gcló iodálach)

 

Ní mór an Plean Forbartha a leasú chun na hathruithe sin a dhéanamh.

De réir na Rialachán um Pleanáil agus Forbairt (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) 2004 (arna leasú) agus Alt 6(3) de Threoir na nGnáthóg agus Chuid XAB den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 arna leasú, rinneadh scagadh Measúnachta Straitéisí Timpeallachta (SEA) agus scagadh Measúnachta Cuí (AA). Cinneadh nach bhfuil gá le SEA agus AA.

 

Is féidir cóip den Leasú Beartaithe agus de thuairscí na scagthaí a iniúchadh i sa Roinn Pleanála, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Bóthar an Choláiste, Gaillimh i rith ghnáthuaireanta an chloig oifige ó Dhéardaoin an 12 Deireadh Fómhair 2017 go dtí an Aoine an 10 Samhain 2017 agus ar an suíomh idirlín www.galwaycity.ie.

Féadfar aighneachtaí nó tuairimí i ndáil leis an Leasú Beartaithe agus le tuairiscí na scagthaí a dhéanamh i scríbhinn laistigh den tréimhse thuas agus ba chóir iad a sheoladh chuig An Pleanálaí Sinsearach, An Roinn Pleanála, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh nó ar ríomhphost chuig devplan@galwaycity.ie. Glacfaidh an Chomhairle Cathrach san áireamh iad sula ndéanfar cinneadh ar bith i ndáil leis an Leasú Beartaithe.

Ar mhaithe le háisiúlacht, is feidir an Leasú Beartaithe ar Plean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2017-2023 agus na measúnachtaí timpeallachta a ghabhann leis a iniúchadh sna hionaid seo a leanas i rith na tréimhse a luaitear thuas.

 

Ionad

Uaireanta

An Roinn Pleanála

I gcaitheamh gnáthuaireanta oscailte

Leabharlann Chathair na Gaillimhe

I gcaitheamh gnáthuaireanta oscailte

Leabharlann Westside

I gcaitheamh gnáthuaireanta oscailte

Leabharlann an Bhaile Bháin

I gcaitheamh gnáthuaireanta oscailt

Ionad Pobail Chnoc na Cathrach

I gcaitheamh gnáthuaireanta oscailte

Ionad Cumasú, Deoch Uisce

I gcaitheamh gnáthuaireanta oscailte

Síniú: Eileen Ruane Stiúrthóir Gníomhach Seirbhísí Pleanála, Forbartha Eacnamaíche, Pobail agus Cultúir, Athraithe Aeráide agus Timpeallachta