Oifigigh Phoiblí Ainmnithe – Stocaireacht

  • Oifigigh Phoiblí Ainmnithe Chomhairle Cathrach na Gaillimhe

    I measc oifigigh phoiblí ainmnithe Chomhairle Cathrach na Gaillimhe tá na comhaltaí tofa (comhairleoirí) agus Foireann Bainistíochta Sinsearaí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe (an Príomhfheidhmeannach agus na Stiúrthóirí Seirbhísí).

    Breathnaigh ar liosta de chomhaltaí tofa Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ar a gcuid sonraí teagmhála.

    Breathnaigh ar liosta de Phríomhfheidhmeannach agus de Stiúrthóirí Seirbhísí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

     

    An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015

    Tháinig an tAcht um Brústocaireacht a Rialú, 2015 i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2015. Foráiltear ann nach mór do dhaoine áirithe atá i mbun gníomhaíochtaí stocaireachta clárú leis an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí agus nach mór dóibh faisnéis a thabhairt maidir lena gcuid gníomhaíochtaí stocaireachta.

    Coinneoidh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí Clár Stocaireachta agus beidh fáil ag an bpobal air ag www.lobbying.ie.

    Beidh faisnéis maidir leo seo a leanas ar an gClár Stocaireachta:

    • Cé atá i mbun stocaireachta
    • An té a bhfuil an stocaireacht á déanamh ar a s(h)on
    • Na ceisteanna atá i gceist sa stocaireacht
    • Toradh beartaithe na stocaireachta
    • Cé air a bhfuil stocaireacht á déanamh

     

    Oifigigh Phoiblí Ainmnithe:

    Is oifigeach poiblí ainmnithe an té a bhfuil stocaireacht á déanamh air.

    Áirítear leo:

    • Áirí agus Airí Stáit
    • Teachtaí Dála agus Seanadóirí
    • Feisirí de Pharlaimint na hEorpa le haghaidh dáilcheantar sa Stát seo
    • Comhaltaí na n-údarás áitiúil
    • Comhairleoirí Speisialta
    • Ard-Rúnaithe agus Rúnaithe Cúnta sa Státseirbhís
    • Príomhoifigigh Feidhmiúcháin agus Stiúrthóirí Seirbhísí in Údaráis Áitiúla

     

    Tuilleadh eolais:

    Tá tuilleadh eolais faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015 le fáil ar www.lobbying.ie