Pacáistíocht

  • Céard is Pacáistíocht ann?

    Is éard is pacáistíocht ann gach ábhar/táirge a úsáidtear ón táirgeoir go dtí an t-úsáideoir deiridh agus an tomhaltóir chun earraí a choinneáil, a chosaint, a láimhseáil, a sheachadadh agus a chur i láthair.

    Áirítear orthu:

    • 1. díolacháin/príomh-phacáistíocht
    • 2. pacáistíocht ghrúpáilte/tánaisteach, agus
    • 3. pacáistíocht iompair/threasach

    Mar shampla

    • Cannaí/cartáin/buidéil óil, plaisteach & gloine. (deochanna boga, uisce, bainne, súnna, deochanna alcóil).
    • Coimeádáin & cumhdaigh bhia. (cáis, feoil, arán, anlann, uibheacha etc.)
    • Táirgí sláinte, áilleachta & leighis. (seampú, gallúnach, cógas leighis, smideadh, taos fiacla etc.)
    • Táirgí glanta tí & táirgí Déan Tú Féin É. (glantach, tuarthóir, earraí glanta tí, péint etc.)

    Go bunúsach, gach cineál cumhdaigh agus coimeádin.

    Barr...

  • Céard é an dlí maidir le pacáistíocht?

    Reachtaíocht

    Tá Treoir 94/62CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dramhaíl ó phacáistíocht dírithe ar chosc a chur ar dhramhaíl ó phacáistíocht trí na nithe seo a leanas

    • Laghdú
    • Athúsáid
    • Athchúrsáil
    • Treoir chomhchuibhithe le cur i bhfeidhm sa dlí náisiúnta.
    • Ag leagan síos spriocanna athshlánaithe agus bailithe do na Ballstáit.

    Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Pacáistíocht) 2014 (I.R. Uimh. 282 de 2014):

    • Dearadh iad chun baint amach na spriocanna maidir le hathshlánú agus bailiú dramhaíl pacáistíochta mar atá leagtha amach sa Treoir AE a éascú.
    • Leagtar oibleagáidí ar gach gnó a sholáthraíonn pacáistíocht ar mhargadh na hÉireann.

    Ó 1997 i leith cuirtear an fhreagracht i reachtaíocht na hÉireann maidir le hathshlánú agus le hathchúrsáil dramhaíl pacáistíochta orthu siúd a láimhseálann pacáistíocht ag aon chéim den slabhra soláthair. Is cuma má dhéanann tú, má allmhairíonn tú, nó má cheannaíonn nó má dhíolann tú earraí pacáistithe, nó má oibríonn tú monarcha, siopa beag, óstán, bialann beir leat, teach tábhairne nó bialann, tá feidhm leis na rialacháin seo duitse.

    Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe freagrach as na rialacháin sin a fheidhmiú ina gceantar feidhme féin. D'fhéadfadh ionchúiseamh a bheith ina thoradh mura gcomhlíontar na rialacháin sin.

    http://www.irishstatutebook.ie/eli/2014/si/282/made/en/pdf

    Barr...

  • Cé air a bhfuil dualgais faoi na Rialacháin maidir le Pacáistíocht?

    • Gach duine a tháirgeann pacáistíocht
    • Gnóthaí/siopaí miondíola
    • Bailitheoirí dramhaíola
    • Sealbhóirí tí/an pobal

    Barr...

  • Cé a fheictear mar Tháirgeoirí Pacáistíochta?

    Is ionann 'Táirgeoir' agus gnó a dhíolann nó a sholáthraíonn ábhar pacáistithe, pacáistíocht nó táirgí pacáistithe, agus iad i mbun gnó.

    Tá feidhm leis na Rialacháin maidir le gach gnó a láimhseálann pacáistíocht i cibé foirm ina n-eascraíonn sí agus iad i mbun gnó.

    Is cuma má dhéanann tú, má allmhairíonn tú, nó má cheannaíonn nó má dhíolann tú earraí pacáistithe, nó má oibríonn tú monarcha, siopa beag, óstán, bialann beir leat, teach tábhairne nó bialann, tá feidhm leis na rialacháin seo duitse.

    Barr...

  • Cad iad na hoibleagáidí atá ar Tháirgeoirí Pacáistíochta?

    Éilítear ar gach "Táirgeoir" pacáistíochta (Mórtháirgeoirí ina measc) a gcuid dramhaíola ó phacáistíocht inmheánach a láimhseáil go freagrach. Ciallaíonn sé sin go n-éilítear ar gach gnó an phacáistíocht a chaitheann siad amach ag a n-áitreabh a scaradh amach agus a athshlánú agus í a chur ar fáil do bhailitheoir dramhaíola údaraithe lena athshlánú nó lena athchúrsáil.

    Barr...

  • Cé a fheictear mar na Mór-Tháirgeoirí Pacáistíochta?

    Sainmhínítear "Mórtháirgeoir" mar "Tháirgeoir" atá ag comhlíonadh na gcritéar seo a leanas:

    Soláthraítear ábhar pacáistithe, pacáistíocht nó táirgí pacáistithe ar mhargadh na hÉireann atá níos troime ná 10 dtona in aghaidh na bliana
    agus
    a bhfuil láimhdeachas bliantúil níos mó na €1 mhilliún acu.

    Barr...

  • Cad iad na hoibleagáidí atá ar na Mór-Tháirgeoirí Pacáistíochta?

    Cuirtear oibleagáidí níos troime ar ghnólachtaí a shainmhínítear mar "Mhórtháirgeoirí". Chomh maith leis na hoibleagáidí atá orthu mar "Tháirgeoirí", éilítear orthu freisin cabhrú leis an bpacáistíocht a sholáthraíonn siad dá gcuid custaiméirí a athshlánú agus a athchúrsáil, faoin bprionsabal "Freagracht ar an Táirgeoir".

    Sa bhreis ar na hoibleagáidí a bhíonn ar gach táirgeoir a chomhlíonadh, tá dhá rogha ag mórtháirgeoir chun cloí leis na Rialacháin dul isteach i Repak Ltd. Is é Repak an t-aon Chomhlacht amháin atá ceadaithe faoi na Rialacháin. Mar bhall de Repak, ní mór táille bhliantúil a íoc atá bunaithe ar an gcineál agus ar an méid pacáistíochta atá á chur ar Mhargadh na hÉireann. Nuair a íocann tú an táille sin, déanfaidh Repak urscaoileadh ar an dualgas a bhíonn ar an mórtháirgeoir pacáistíocht a thógáil ar ais.

    Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird go bhfuil sé de dhualgas ar an táirgeoir (agus ní ar an údarás áitiúil) a chruthú nach mórtháirgeoir iad.

    Barr...

  • Conas a chláróidh mé mar Mhór-Tháirgeoir Pacáistíochta?

    Mar "Mhórtháirgeoir" is féidir leat an oibleagáid atá ort maidir le hathshlánú/hathchúrsáil na pacáistíochta a sholáthraíonn tú a chomhlíonadh trí cheachtar díobh seo a leanas:

    A bheith mar bhall de scéim chomhlíontachta i.e. Repak.

    Féach ar https://www.repak.ie/ chun tuilleadh eolais a fháil ar bhallraíocht Repak.

    Barr...

  • An gá don siopa/ghnó pacáistíocht a thógáil ar ais?

    Ní gá ach amháin más mórtháirgeoir pacáistíochta é an gnó agus má táthar cláraithe leis an Údarás Áitiúil le haghaidh féin-chomhlíonadh faoi na rialacháin. Éilítear ar Mhórtháirgeoirí Pacáistíochta atá féin-chomhlíontach pacáistíocht, ar aon dul leis an méid a sholáthraítear, a thógáil ar ais ón bpobal agus sin a dhéanamh ag gach tráth réasúnach. Ní féidir leis an bpacáistíocht a bheith éilithe agus ní gá gur ón siopa/ngnó a ceannaíodh é. Tá mórtháirgeoirí atá cláraithe le Repak díolmhaithe ón gceanglas glacadh le pacáistíocht ó bhaill den phobal.

    Barr...

  • Conas a bhfaighidh mé réidh le mo phacáistíocht?

    Éilítear ar ghnólachtaí socruithe a dhéanamh le bailitheoir dramhaíola príobháideach chun gach pacáistíocht, lena n-áirítear gloine, a bhaineann lena ngnó a bhailiú i gcomhair athchúrsála/athshlánaithe.

    Ba chóir do shealbhóirí tí a bpacáistíocht ghlan ar fad a chur ina mbosca/mála athchúrsála i gcomhair athchúrsála. Mura bhfuil bosca/mála athchúrsála agat nó má tá líon mór pacáistíochta agat d'fhéadfá é a thabhairt chuig ionad athchúrsála.Barna Waste http://www.barnarecycling.comCity Bin http://www.citybin.com

    Ní féidir ach le sealbhóirí tí amháin fáil réidh le gloine sna bainc bhuidéil ar fud na Cathrach. Éilítear ar ghnólachtaí leas a bhaint as seirbhís bailithe dramhaíola phríobháideach i gcomhair gloine agus gach pacáistíocht eile a eascraíonn óna gcuid gníomhaíochtaí gnó.

    Barr...

  • Cé leis a ngabhfaidh mé i dteagmháil i gComhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le Pacáistíocht?

    Seirbhís do Chustaiméirí
    Comhairle Cathrach na Gaillimhe.
    Teil: 091 536400
    Ríomhphost: package@galwaycity.ie

    Naisc úsáideacha:

    Barr...