An Oifig Ealaíon

  • Deontas Banna 2024: Ceol Scoile & Pobail a Chumhachtú

    Déanann Comhairle Cathrach na Gaillimhe nuashonrú ar chiste bliantúil Deontais Banna. 

    Tacaíonn an Deontas Banna le bannaí scoile agus pobail agus cabhróidh sé le bannaí oibriú i dtreo léirithe. Cuireann sé ar chumas grúpaí pobail agus oideoirí ceoil bannaí a fhorbairt sa phobal agus i gcomhthéacsanna oideachais. 
     
    Tá gach seánra i gciste Deontais Banna do 2024 anois.
      
    Cuirtear fáilte roimh iarratais ó scoileanna agus ó bhannaí pobail i gCathair na Gaillimhe ó gach seánra ceoil. Tá tacaíocht ar fáil d'fhorbairt bannaí agus do léirithe i gCathair na Gaillimhe agus is le haghaidh gníomhaíochtaí neamhbhrabúis é. 
    Tá suim ag Oifig Ealaíon Chathair na Gaillimhe níos mó scoileanna, bannaí amaitéaracha agus comharghrúpa a mhealladh, lena n-áirítear an óige, daoine fásta agus idirghlúine mar chuid den deontas seo. 
     
    Tá an Deontas Banna, go chroílár, do léirithe beo. Is féidir leis an deontas costais ar nós teagasc agus ionstraimí, cothabháil/deisiú, cleachtadh agus costais imeachtaí a chlúdach.  
    Cuireann an tionscnamh Deontas Banna cúnamh airgeadais ar fáil ó mhaoiniú iomlán de €25,000 a leithdháiltear do Dheontas Banna 2024. 

    Glao ar Cheannairí Banna, Grúpaí Pobail agus Múinteoirí Chathair na Gaillimhe  

    Molaimid ceannairí bannaí, grúpaí pobail, múinteoirí agus daoine eile a d'fhéadfadh a bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh. Tá an fhoirm iarratais agus na treoirlínte ar líne ag www.GalwayCity.ie/BandGrants
     
    Seolann an ciste an 29 Feabhra 2024 
    Is é Dé Céadaoin, 10 Aibreán 2024 ag 10 pm an spriocdháta. 

  • Faoi Oifig Ealaíon Cathrach na Gaillimhe

    Seirbhís Ealaíon na Cathrach á bainistiú ag Oifig Ealaíon Chathair na Gaillimhe. Siad a chuimsíonn Oifig Ealaíon Chathair na Gaillimhe ná an t-Oifigeach Ealaíon, an t-Oifigeach Forbairt na hEalaíne agus Riarthóirí na hOifige Ealaíon. Oibríonn Oifig Ealaíon Chathair na Gaillimhe i gcomhar leis na rannóga agus na ranna éagsúla laistigh den chomhairle ar nós na Turasóireachta, an Phobail agus Comhlacht Cultúir na Gaillimhe chun deiseanna ealaíon a fhorbairt agus a neartú i measc na bpobal, na gcomharsanachtaí agus na gceantar ar fud na cathrach.

    Trínár gClár Cónaitheachta d’Ealaíontóirí, trínár gClár Ealaíontóirí sna Scoileanna, trí na Deontais um Chomhpháirtíocht Ealaíona, tríd an Scéim um Choimisiúnú an Chéatadáin don Ealaín, trí Oíche an Chultúir, trí Fhéile na Bealtaine is mórán clár eile, agus trí chistí an chaipitil agus an ioncaim, déanaimíd infheistíocht in ionaid agus in eagraíochtaí ealaíon, i ngrúpaí amaitéaracha agus deonacha agus in ealaíontóirí ar fud na cathrach.

    Trí chlár ealaíon na cathrach, baineann an pobal taitneamh agus tairbhe as soláthar ealaíon ar ardchaighdeáin ionas go mbaintear amach na torthaí is fearr i gcomhthéacs níos leithne an leasa cultúrtha agus leas an phobail.

    Sí Ruth Mulhern Oifigeach Ealaíon Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

    Sí Nicola Gilcreest Oifigeach Forbairt na Ealaíne de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

    Siad Deirdre Headd, Sharon Spellman, agus Stephen Doyle Riarthóirí na hOifige Ealaíon.

    Barr...

  • Cad is Oifig Ealaíon na Gaillimhe Ann

  • Déanann an Oifig Ealaíon infheistíocht an airgid phoiblí san ealaín a bhainistiú agus a chomhordú thar ceann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, ag maoiniú raon leathan gníomhaíochtaí ar fud na cathrach – amharclannaíocht, amharcealaín, léamha, rince, ceol, scannán, ealaíona sráide, sorcas, seónna srl.

    Sa bhliain 2001, bhí Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar cheann de na chéad údaráis áitiúla sa tír a bhunaigh oifig ealaíon agus is inti an phríomhghníomhaireacht um na healaíona a fhorbairt agus a thacú sa chathair.

    Ón mbliain 2001 i leith, is cuid bhríomhar agus riachtanach de Chomhairle Cathrach na Gaillimhe í Oifig Ealaíon Chathair na Gaillimhe. Bunaíodh an tSeirbhís Ealaíon chun comhairle a chur ar fáil don Chomhairle ar gach gné de chleachtas na n-ealaíon comhaimseartha, agus ritheann an tSeirbhís Ealaíon a clár féin na gcónaitheachta, na n-imeachtaí, na n-idirghabhálacha agus na gcomhpháirtíochtaí straitéiseacha.

    Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe geallta do na cistí poiblí a infheistiú sna healaíona chun tacú le héiceolaíocht sláintiúil agus éagsúil na healaíne. Bronntar maoiniú ar dhaoine ar leith, ar ghrúpaí agus ar chomhlachtaí a n-aithníonn iad féin mar ealaíontóirí agus mar eagraíochtaí ealaíon comhaimseartha den chuid is mó.

    Maoiníonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe cláir, tionscadail agus tacaíochtaí eagraíochtúla na healaíne agus an chultúr óna buiséad bliantúil (vótálann na comhaltaí tofa go léir ar bhuiséad na n-ealaíon gach bliain) agus trí mhaoiniú ón gComhairle Ealaíon, ó Chlár Éire Ildánach agus ón Roinn Turasóireachta, Cultúr, Ealaíon, Gaeltacht, Spórt agus na Meáin Chumarsáide, chomh maith le ranna eile an rialtais agus na gníomhaireachtaí náisiúnta.

    Tacaíonn na deontais a bhronntar ar ealaíontóirí leo ag gach céim dá ngairmréanna, chomh maith le hinfheistíocht a chinntiú in eagraíochtaí nua agus seanbhunaithe na healaíne araon.

    Déanann Comhairle Cathrach na Gaillimhe infheistíocht i ngrúpaí pobail áitiúla ar mian leo cláir ealaíon a fhorbairt a chuireann deiseanna comhoibrithe le healaíontóirí ar fáil agus a éascaíonn socraithe chruthaitheacha ar ardchaighdeáin a chur le chéile.

  • Barr...

  • Cá bhfuil Oifig Ealaíon na Gaillimhe suite?

    Tá Oifig Ealaíon Chathair na Gaillimhe suite in oifigí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.

    Barr...

  • Má tá ceist agam cé leis ar cheart dom dul i dteagmháil?

     

    Le haghaidh gach ceist, déan teagmháil linn ag arts@galwaycity.ie 

    Barr...

  • Conas is féidir liom dul i dteagmháil leis an Oifigeach Ealaíon?

    Sí Ruth Mulhern Oifigeach Ealaíon Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

    Sí Nicola Gilcreest Oifigeach Forbairt na Ealaíne de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

    Is féidir aon cheist don Oifigeach Ealaíon a chur ar rPhost ag arts@galwaycity.ie 

    Barr...

  • Céard hiad na cleachtais ealaíne agus foirme ealaíne a mbaineann leis an Oifig Ealaíon?

    Téann Oifig Ealaíon Chathair na Gaillimhe i ngleic le cruthaitheacht chomhaimseartha sna foirmeacha ealaíne seo a leanas: ailtireacht, sorcas, damhsa, scannán, litríocht, ceol, ceoldráma, ealaín sráide agus seónna, amharclannaíocht, na healaíona traidisiúnta agus na hamharcealaíona. Oibrímid i gcleachtais a thrasnaíonn foirmeacha traidisiúnta na healaíne chun ionaid, ógánaigh, leanaí, oideachas, na healaíona agus an tsláinte, na healaíona agus míchumas, ealaín le rannpháirtíocht sóisialta agus tacaíocht d’ealaíontóirí a chuimsiú. Tugann an Oifig Ealaíon tacaíocht ghníomhach don rannpháirtíocht, don táirgeadh agus don scaipeadh trí mheán na Gaeilge, ag aithint go bhfuil na healaíona comhaimseartha agus traidisiúnta araon ina bpríomhghnéithe de chultúr éagsúil ár gcathair.

    Ní bhíonn baint againn le hoidhreacht ná le caomhnú mura bhfuil gné chomhaimseartha bheo ag an tionscadal. Le haghaidh tionscadal agus maoiniú na hoidhreachta agus an chaomhnaithe, féach ar an Oifig Oidhreachta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus/nó ar Músaem Cathrach na Gaillimhe.

    Barr...

  •  Conas a thugann an Oifig Ealaíon tacaíocht do chleachtóirí cruthaitheacha?

 Sparánachtaí, deontais agus dámhachtainí a chur ar fail do chleachtóirí cruthaitheacha ar leith.


Cónaitheachtaí a chur ar fáil in Ionad Tyrone Guthrie, Eanach Mhic Dheirg, Contae Mhuineacháin.


Sparánachtaí a thabhairt do chleachtóirí cruthaitheacha ar bhonn iomaíoch i ngach foirm na healaíne comhaimseartha. Fógraítear critéir an iarratais agus na hamlínte ar an suíomh Gréasáin seo agus sna meáin. Tá na sparánachtaí do na healaíontóirí dírithe ar ealaíontóirí gairmiúla ar leith a bhfuil cónaí orthu i gCathair na Gaillimhe. Séard atá sna sparánachtaí ná deontais airgeadais chun tacú le cleachtas cruthaitheach an ealaíontóra

  • Barr...

  • Conas a chuireann an Oifig Ealaíon tacaíócht ar fáil d'eagraíochtaí agus do ghrúpaí ealaíon?

Cuirimid deontais ealaíon bliantúla ar fáil d’eagraíochtaí ealaíon gairmiúla agus deonacha atá ag feidhmiú i gcathair na Gaillimhe. Ní mór cleachtas na healaíne comhaimseartha a bheith mar phríomhfheidhm ag an eagraíocht nó ag an ngrúpa.

 

 

Bronntar deontais ealaíon bliantúla ar bhonn iomaíoch. Fógraítear critéir an iarratais agus na hamlínte ar an suíomh Gréasáin seo agus trí na meáin shóisialta. 

Tá deontais de € 400,000 bronnta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar eagraíochtaí ealaíon na Cathrach do 2023

Is mór ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe na tionscadail agus na cláir chumhachtacha a sheachadtar ar fud na cathrach maidir le rannpháirtíocht, rochtain agus éagsúlacht. Cuideoidh na deontais le breis agus seasca eagraíocht faoi stiúir ealaíontóirí iad a choinneáil i mbun gnó, luach saothair a thabhairt dóibh as an obair iontach a dhéantar ar agus as líne agus cuideoidh siad leo cláir a fhorbairt sa todhchaí.

IARRATASÓIR- DUAIS 2023

126 Artist Run Gallery - €11,000
An Taibhdhearc - €4,250
Architecture at the Edge - €4,000
Artspace Studios - €10,500
Baboró International Childrens Festival - €20,000
Blue Teapot Theatre Co - €5,000
Branar - €8,000
Brothers of Charity Services Ireland - That's Life - €5,500
Brú Theatre - €2,250
Club Shine - €600
Cois Cladaigh - €1,200
Crannóg Magazine - €2,000
Cúirt International Festival of Literature - €15,000
Decadent Theatre Co - €4,000
Druid Theatre Co. - €28,000
Eastside Community Drama - €2,000
Engage Art Studios - €13,500
Eva's Echo Theatre Co. - €1,000
Galway African Diaspora - €1,000
Galway Art Club - €500
Galway Arts Centre - €35,000
Galway Baroque Singers - €1,400
Galway Baytones - €1,000
Galway Cartoon Festival - €1,000
Galway Cathedral Recitals - €1,500
Galway Choral Association - €1,000
Galway Community Circus - €10,000
Galway Dance Project - €6,500
Galway Early Music - €4,000
Galway Film Fleadh - €19,000
Galway Film Society - €3,000
Galway International Arts Festival - €46,000
Galway Music Residency - €26,000
Galway Musical Society - €500
Galway Percy French Society - €300
Galway Theatre Festival - €11,000
Galway Ukulele festival - €500
Galway Youth Orchestra - €1,000
Galway Youth Theatre - €3,000
Irish Patchwork Society - €450
Junior Galway Film Fleadh (Galway Film Fleadh) - €1,500
Knocknacarra Amateur Theatre Society (KATS) - €500
Luminosa - €4,000
Macnas - €24,000
Misleór - Galway Traveller Movement - €1,500
Moon Fish Theatre Company - €6,000
Moth & Butterfly Festival - €1,000
Music for Galway - €16,000
Red Bird Youth Collective - €1,500
Renmore Pantomime - €1,000
Resurgam - €1,200
Saolta Arts - €5,000
Skylight 47 - €900
St Nicholas Collegiate Church Schola Cantorum - €1,200
The Forge Clay Studios - €2,000
Tulca Festival of Visual Art - €14,000
Westside Arts Festival - €5,000
Youth Ballet Galway - €1,750

 

  • Barr...

  • Cá bhfaighidh mé eolas faoi na healaíona agus faoin gcultúr i nGaillimh?

    Tá nuacht agus uasdátuithe a mbaineann leis as ealaín i nGaillimh ar fáil ag arts@galwaycity.ie áit is féidir leat clárú lenár liosta seoltaí rPhoist.

    Barr...