Comhairle na nÓg

  • Cad atá i gceist le Comhairle na nÓg?

    Is comhairlí leanaí agus óige i 31 údarás áitiúil sa tír iad Comhairle na nÓg, agus tugtar deis do leanaí agus do dhaoine óga lámh a bheith acu i bhforbairt seirbhísí agus beartais áitiúla.

    Ós rud é go bhfuil Comhairle na nÓg ann ar mhaithe le daoine faoi 18 bliana d'aois agus nach bhfuil aon bhealach vótála eile acu chun go gcloisfí a nguth, is é atá mar aidhm le Comhairle na nÓg go gcuirfear ar chumas daoine óga tuairimí a thabhairt maidir le seirbhísí, beartais agus saincheisteanna a mbíonn tionchar acu ina gceantar áitiúil.

    I gComhairle na nÓg Chathair na Gaillimhe, oibríonn comhordaitheoir ó 'Obair d'Ógra na hÉireann Gaillimh' leis na daoine óga chun a chinntiú go mbíonn taithí dearfach acu agus tugtar cúnamh dóibh lena gcruinnithe coiste chun oibriú ar na hábhair a mbeifear ag vótáil orthu ag an gCruinniú Cinn Bhliana. Bíonn an Cruinniú Cinn Bhliana ann i nDeireadh Fómhair gach bliain agus tugtar cuireadh d'iarbhunscoileanna áitiúla, d'eagraíochtaí Ógtheagmhála agus Óige daltaí dá gcuid a chur chuig an gcruinniú sin.

    Ag an gCruinniú Cinn Bhliana, cuirtear an dul chun cinn a bhíonn déanta ar na saincheisteanna a aithníodh ag cruinniú na bliana roimhe sin i láthair agus caitheann na daoine a bhíonn i láthair vóta ar an ábhar don bhliain ina dhiaidh sin.

    Cuirtear ceist ar na daoine óga a thagann i láthair ag an gcruinniú ar mhian leo a bheith ar choiste Chomhairle na nÓg chun go mbeadh deis acu féin a bheith páirteach.

    Tá tuilleadh eolais le fáil ag: suíomh idirlín Chomhairle na nÓg agus ar leathanach Facebook Chomhairle na nÓg.

    www.facebook.com/GalwayCityComhairleNanOg/

    Barr...

  • Conas is féidir liom páirt a ghlacadh?

    Ba chóir duit fiosrúchán a dhéanamh i do scoil féin an bhfuil siad chun daltaí a chur chuig an gCruinniú Cinn Bhliana agus má tá, ba chóir duit a chur in iúl dóibh gur mian leat freastal.

    Barr...

  • An bhféadfaidh mé páirt a ghlacadh fiú mura n-éiríonn liom dul chuig an gCruinniú Cinn Bhliana?

    Féadfaidh, is féidir leat a bheith páirteach i gComhairle na nÓg fiú mura éirigh leat freastal ar an gCruinniú Cinn Bhliana i mí Dheireadh Fómhair.

    Mura éirigh leat a bheith ag an gcruinniú, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le comhordaitheoir Chomhairle na nÓg agus an t-ábhar a phlé. Tá tuilleadh eolais le fáil ar leathanach Facebook Chomhairle na nÓg.

    Barr...

  • Cén uair a bhíonn na cruinnithe ar siúl?

    Bíonn na cruinnithe ar siúl le linn na scoilbhliana ar an Luan ó 4.30pm go 5.45pm

    D’fhéadfadh sé go mbeadh níos mó cruinnithe ann roimh ócáidí speisialta.

    Barr...

  • Cá mbíonn na cruinnithe ar siúl?

    Bíonn cruinnithe ar siúl go ginearálta in oifigí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, ag Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh ach d’fhéadfadh siad a bheith ar bun in áiteanna eile sa chás go mbeadh gá leo.

    Barr...

  • Conas is féidir teagmháil a dhéanamh le comhordaitheoir Chomhairle na nÓg do Chathair na Gaillimhe?

    Is í Deirdre Bermingham de chuid 'Obair d'Ógra Éireann Gaillimh' an comhordaitheoir Áitiúil atá ar Chomhairle na nÓg do Chathair na Gaillimhe.

    Is féidir teagmháil a dhéanamh le Deirdre ar an bhfón ar 087-3291931 nó is féidir ríomhphost a sheoladh chuici deirdre.bermingham@youthworkgalway.ie

    Barr...