How can we help you?
English
Sonraí Íomhá:

'Spanish Arch'
Aengus McMahon

Ealaíontóirí Cónaithe

  • Cé hiad Ealaíontóirí Cónaithe Chomhairle Cathrach na Gaillimhe in 2014?

    Megs Morley - Coimeádaí Cónaithe (i gcomhpháirtíocht le hInstitiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo, le Scoil Scannánaíochta agus Meán Digiteach Huston in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Ionad Ealaíon na Gaillimhe, arna cómhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon).

    Tá sé beartaithe ag an gCoimeádaí Cónaithe píosa taighde coimeádaíochta neamhspleách a fhorbairt; cruthófar smaointe nua bunaithe air agus cuirfear próisis nua i gcrích le haghaidh comhghníomhartha comhoibritheacha. Toisc nach bhfuil aon fhoras ealaíne comhaimseartha againn, tá tuairimí éagsúla ann faona bhféadfadh a bheith i gceist leis seo, agus tá go leor nach bhfuil ar aon intinn faoi. Seachas díreach breathnú ar fhoras ealaíne mar áit ina gcoinnítear míreanna i mbailiúchán, déanann an tréimhse chónaithe iarracht iniúchadh a dhéanamh ar an institiúid mar áit ina gcoinnítear sraith chomhroinnte luachanna, físeanna, dóchais agus ardaidhmeanna comónta. Ag leanúint ar aghaidh as sin, is iad na ceisteanna is ceart a chur ar ndóigh ná; céard iad na luachanna, an dóchas agus na hardaidhmeanna a bhfuiltear ag déanamh cúraim dóibh agus a chosaint? Agus, gan spás fisiceach buan a bheith ann, céard iad na luachanna a bheadh i gceist le foras ealaíne comhaimseartha mar sin i nGaillimh? Sa chomhthéacs sin, tá coincheap an ealaíontóra Tania Brugeria as Cúba sách oiriúnach nuair a dhéanann sí cur síos ar “phara-fhoras”. Is é an tuiscint atá ag Brugeria anseo ná an smaoineamh maidir le scáth-fhoras, atá ann mar fhráma gníomhaíochta sealadach, ina dtaispeántar córais oibre eile laistigh dá chuid oibríochtaí agus inarb í an ealaín an uirlis fhéin-mhachnamhach, fhéin-chriticiúil, atá á cruthú agus ag tarlú in éineacht. Trí phróiseas taighde coimeádaíochta, rannpháirtíochta, gníomhaíochta agus meastóireachta is ionann “Para-fhorais: Cineálacha cuir chuige nua maidir le Forais a thógáil” agus cónaitheacht ina ndéantar iniúchadh ar shraith ceisteanna a bhaineann le smaointe i dtaca le tógáil forais, i gcomhthéacs dioscúrsa coimeádaíochta idirnáisiúnta. Beartaítear treoir a thabhairt, stiúradh a dhéanamh agus comhthéacs a thairiscint ónar féidir iniúchadh a dhéanamh agus sraitheanna ardaidhmeanna, treonna agus gníomhartha comhroinnte nó comónta a nochtadh.

    Little John Nee - Ealaíontóir Cónaithe Amharclannaíochta (i gcomhpháirtíocht le hAmharclann na Cathrach, arna chómhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon)

    Leanann an chónaitheacht seo ar aghaidh ó dhá chónaitheacht Amharclannaíochta eile in Amharclann na Cathrach ar éirigh thar cionn leo, agus ina raibh Christian O’Reilly páirteach. Oibríonn John le gairmithe amharclannaíochta atá ag teacht chun cinn chun cuir chuige nua a chruthú maidir le hamharclannaíocht, ag tarraingt ar an taithí fhairsing atá aige mar ghairmí amharclannaíochta le deich mbliana fichead anuas. Áirítear leis an gcur chuige taibhiú, plé, machnamh agus cruthú comhoibritheach, agus iad fréamhaithe go daingean sna spásanna agus sna comhthéacsanna éagsúla in Amharclann na Cathrach, Gaillimh (www.tht.ie).

    Ríonach Ní Néill - Damhsóir Cónaithe (i gcomhpháirtíocht le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh agus le hOifig Ealaíon Chomhairle Chontae na Gaillimhe, arna cómhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon agus ag Comhairle Chontae na Gaillimhe).

    Déantar coimircíocht sa chónaitheacht seo ar Laethanta Damhsa na Gaillimhe, an fhéile dhamhsa chomhaimseartha i nGaillimh, a bhíonn ar siúl i gcomhar le OÉ Gaillimh. Tá Ríonach ag obair freisin trí chomhpháirtithe damhsa na Gaillimhe, a aimsíodh trí Mheitheal Damhsa na Gaillimhe (www.galwaydanceproject.com) agus Oifigí Ealaíon na Cathrach agus an Chontae ar thaighde, cóiréagrafaíocht, oiliúint, taibhiú, plé, machnamh agus cruthú comhoibritheach.

    Barr...

  • Céard iad na treoirlínte ginearálta chun iarratas a dhéanamh ar Thionscnamh na nEalaíontóirí Cónaithe?

    Treoirlínte an Iarratais - Prionsabail Ghinearálta

    • 1) Beidh “an tEalaíontóir Cónaithe” ina ghné lárnach de Chlár Ealaíon Oifig Ealaíon Chathair na Gaillimhe.
    • 2) Is é aidhm thionscnamh na nEalaíontóirí Cónaithe idirghabháil a chruthú a chuireann an ealaín ag obair – agus a chruthaíonn saothair ealaíne – fud fad raon an chleachtais ghairmiúil agus ghnáthshaol na saoránach araon, lena n-áirítear daoine nach ealaíontóirí iad ar chor ar bith.
    • 3) Is cúram saoráideach a bheidh i gceist ó thaobh comhthéacs agus cuir i bhfeidhm de. Toisc nach bhfuil aon samhail aonair ann le haghaidh cónaitheachtaí beidh éagsúlacht mhór i gceist leis na hionchais agus leis na riachtanais.
    • 4) Bainfidh cónaitheacht le réim na n-ealaíon ar fad agus beidh an raon iomlán ealaíontóirí agus foirmeacha ealaíne i gceist léi.
    • 5) Cuirfidh an t-ealaíontóir nó na healaíontóirí cónaithe a gcruthaitheacht féin i láthair i gcleachtas an óstaigh chónaithe, lena n-áirítear, mar shampla, obair le healaíontóirí gairmiúla agus le healaíontóirí atá ag teacht chun cinn, obair le pobail, obair i gcomharsanachtaí, táirgeadh ealaíne nua den scoth a éascú, an t-óstach cónaitheach a choinneáil ábhartha do chruthú ealaíon, agus an t-óstach cónaithe a dhearbhú mar áit ina mbíonn an taithí chruthaitheach ar fáil do chách.
    • 6) Ní gá go mbeadh réamhtháirge sainithe á bheartú nuair a bhíonn cónaitheacht á dearadh.
    • 7) Beidh cláir na n-ealaíontóirí cónaithe ann chun cuireadh a thabhairt d’ealaíontóirí, don lucht acadúil, do choimeádaithe, agus do gach cineál duine cruthaitheach a bheith rannpháirteach in am agus i spás, go seachtrach óna ngnáth-thimpeallacht agus óna ngnáthdhualgais.
    • 8) Cuirfidh an chónaitheacht am machnaimh, taighde, cuir i láthair agus/nó léirithe ar fáil.
    • 9) Tugann an chónaitheacht deis d’ealaíontóirí aonair a gcleachtas a iniúchadh laistigh de phobal nó de phobail ar leith ina mbeidh siad ag bualadh le daoine nua, ag úsáid ábhar nua, agus ag fáil taithí ar an saol in áit nua.
    • 10) Cuirfear béim i gcónaitheachtaí ealaíne ar an tábhacht atá le malairt chultúrtha stuama agus ilsraitheach agus ar thumadh i gcultúir agus i saolta eile.
    • 11) D’fhéadfadh cónaitheachtaí a bheith mar chuid inter alia d’iarsmalanna, scoileanna agus ollscoileanna, gailearaithe, spásanna stiúideo, amharclanna, spásanna faoi stiúir ealaíontóirí, spásanna oibre, clubanna spóirt, monarchana, ospidéil, oifigí rialtais, féilte.
    • 12) D’fhéadfadh cónaitheacht shéasúrach nó leanúnach a bheith i gceist nó cónaitheacht a bheadh ceangailte le himeacht sainiúil ar leith.
    • 13) Beidh éagsúlacht na gcónaitheachtaí ag brath ar shamhlaíocht agus ar chúinsí an óstaigh.
    • 14) Is gné thábhachtach de chlár cónaitheachta i gcónaí an caidreamh idir an t-ealaíontóir cónaithe agus an t-óstach.
    • 15) Uaireanta bíonn ealaíontóirí cónaithe rannpháirteach go láidir le pobal, ag tabhairt léirithe, ceardlann nó ag comhoibriú leis na daoine atá ag cur fúthu san áit.
    • 16) Uaireanta eile, bíonn siad aonraic go maith, agus neart ama acu díriú ar chleachtas an ealaíontóra féin agus é a imscrúdú.
    • 17) Bíonn éagsúlacht mhór freisin le próiseas an iarratais. D’fhéadfadh deiseanna teacht chun cinn i bhfoirmeacha difriúla, lena n-áirítear:
      • (i) gairm oscailte ar iarratais.
      • (ii) trí chuireadh amháin. Go hiondúil fógraítear cónaitheachtaí níos mó a bhíonn níos daoire agus is trí chuireadh díreach a eagraítear cónaitheachtaí níos lú, níos giorra, speisialtachta nó a chuirtear ar bun mar threoirthionscadal, nó uaireanta roghnaítear iad ó phainéal.
      • (iii) trí thairiscint tráth a mbíonn comhpháirtíochtaí speisialta ann le hinstitiúidí, le comhlachtaí maoinithe, nó le heagraíochtaí eile.
    • 18) Tús le caidreamh níos buaine í an chónaitheacht go minic. Is minic a fhilleann na healaíontóirí cónaithe chun tionscadal a chuir siad ar bun a chur i gcrích, chun comhoibriú nua a thosú, nó chun bheith rannpháirteach i dtaispeántas, i bpainéal nó i gceardlann.
    • 19) Bíonn éagsúlacht ag baint le sonraíocht na gcónaitheachtaí ó chlár go clár. Maireann cónaitheacht idir seachtain agus bliain, nó fiú níos faide.
    • 20) D’fhéadfadh sé go mbeifí ag súil go rachadh an t-ealaíontóir cónaithe i mbun teagaisc, taispeántas a eagrú, leabhar a chur in eagar nó a scríobh, scannán a dhéanamh, píosa ceoil nó dráma i gcomhar le comharsanacht a chumadh, ceardlanna a reáchtáil nó oibriú i stiúideo oscailte ionas go gcuirfidh daoine aithne ar ealaíontóir, ionas go mbeidís in ann a bheith breathnú ar an ealaíontóir i mbun oibre agus labhairt leis nó léi.
    • 21) Is féidir leis an gcoimisiún cónaitheachta a bheith in aon fhoirm ealaíne, tá an éagsúlacht maidir le hábhar agus seachadadh chomh leathan agus chomh fadréimseach le samhlaíocht an choimisinéara / óstaigh.
    • 22) Soláthraítear níos mó agus níos mó de na cónaitheachtaí in Éirinn faoi na Scéimeanna Céatadáin ar son na hEalaíne: “Is féidir le coimisiúnaithe na healaíne poiblí cineálacha difriúla torthaí a bhreithniú – ó shaothair ealaíne bhuana go dtí freagairtí níos oscailte agus bunaithe ar phróiseas in aon mheán nó foirm a d’fhéadfaí a fhorbairt trí thréimhse taighde, malairte nó trí chónaitheacht" (aistriúchán ar ábhar ar publicart.ie).
    • 23) Féadfar na míreanna agus na torthaí atáthar ag iarraidh a bhaint amach ón gcónaitheacht a shocrú roimh ré, ag an gcéim deartha.
    • 24) Mar mhalairt air sin is féidir iarraidh ar na healaíontóirí atá ag déanamh iarratais ar an bpost a gcuid míreanna agus na torthaí is mian leosan a bhaint amach a mholadh i rith an agallaimh agus nuair atá an t-iarratas á dhéanamh.
    • 25) Is féidir le heagraíocht amháin cláir chónaitheachta a chruthú, a choimisiúnú, a bhronnadh agus a riar leo féin nó is féidir iad a chur ar bun i gcomhpháirtíocht le comhpháirtí amháin nó níos mó, rud a chruthaíonn deiseanna le haghaidh forbairt straitéiseach agus cothromaíochta ó thaobh maoiniú de. Samhlaítear go bhféadfadh lear ollmhór comhpháirtithe a bheith bainteach le cláir chónaitheachta, lena n-áirítear comhpháirtithe ó eagraíochtaí pobail, oideachais, gnó, sláinte, agus cuimsithe shóisialta, mar aon le heagraíochtaí as na meáin agus eagraíochtaí ealaíon eile. Tá na deiseanna chomh hiomadúil leis an tsochaí féin agus níl aon deireadh leo.
    • 26) Coincheap lárnach is ea iontaoibh. Ní mór go mbeadh iontaoibh ag an óstach cónaithe as an ealaíontóir, agus go mbeadh sé amhlaidh i gcás an ealaíontóra. Go minic tógann sé tamall ar ealaíontóir tuiscint a fháil ar phobal agus caidreamh a bhunú leo.
    • 27) Tógann sé tamall caidrimh den sórt sin a fhorbairt agus sin é an fáth a mbíonn cónaitheachtaí ar bun ar feadh tréimhsí níos faide ná mar a bhíonn leagtha síos ar dtús go minic, toisc go bhforbraítear caidreamh idir ealaíontóir agus pobal, agus deis ann é a fhorbairt.
    • 28) Scil lárnach i dtógáil cónaitheachta ná fios a bheith faoi cén uair is cóir leanúint ar aghaidh, agus cén uair is cóir deireadh a chur le rud.
    • 29) I gcás cónaitheachtaí níos faide, cosúil le cónaitheachtaí foirm ealaíne á gcómhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon (e.g. scríbhneoir cónaithe) bíonn tuiscint fhollasach ann go gcaitear 50% de thréimhse cónaitheachta an ealaíontóra ar shaothar an ealaíontóra féin. Tá sé de nós ag ealaíontóirí, agus is ceart sin, aitheantas a thabhairt do thacaíocht na cónaitheachta chun na saothair ealaíne a chruthú.
    • 30) Is faoi chúram Oifig Ealaíon an Údaráis Áitiúil é tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóir nó do ghrúpa ealaíontóirí trí chónaitheachtaí.
    • 31) Soláthraíonn an t-ealaíontóir cónaithe na scileanna, an t-eolas, an tacaíocht agus an chomhairle a chuireann ar chumas ealaíontóirí a bhfuil gealladh fúthu breathnú arís ar a saothar.

    Agus an ealaín á cruthú is féidir le haon duine suim a léiriú a bheith ina dhéantóir ealaíne. Is féidir le healaíontóir cónaithe maith an tsuim sin a spreagadh agus a éascú, ag tarraingt ar thaithí phearsanta agus shóisialta an duine ar an ealaín.

    Barr...

  • Cé atá in ann iarratas a dhéanamh ar chónaitheacht ealaíontóra?

    Cuirfear fáilte roimh ealaíontóirí gairmiúla áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta atá cáilithe go cuí chun iarratas a dhéanamh ar chónaitheacht. Is buntáiste é má bhíonn cuntas teiste in obair chónaitheachta nuálach nó coimisiúin den chineál sin ag an té a dhéanfaidh iarratas ach níl gá cinnte leis.

    Ní mór d’ealaíontóirí cónaithe a bheidh ag obair le leanaí agus le daoine óga imréiteach ceart a bheith acu ón nGarda Síochána.

    Barr...

  • Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas le bheith i m’ealaíontóir cónaithe?

    • Fógrófar deiseanna cónaitheachta sa phreas náisiúnta, agus i meáin do shainfhoirm ealaíne ábhartha agus beidh siad le feiceáil freisin ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.
    • Féadfar cónaitheachtaí a fhógairt ag aon am den bhliain de réir mar is cuí.
    • Tabhair faoi deara, le do thoil, go gcuirtear roinnt cónaitheachtaí ar bun faoi scéimeanna aonair de chuid na Comhairle Ealaíon, ar nós na scéimeanna Ealaíontóir Cónaithe Amharclannaíochta, Coimeádaí Chónaithe, agus Ealaíontóra sa Phobal. Ní mór iarratais ar na scéimeanna sin a dhéanamh go heisiach trí phróiseas iarratais na Comhairle Ealaíon. Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon, www.artscouncil.ie chun tuilleadh faisnéise a fháil.

    Barr...

  • Céard iad na critéir mheasúnaithe le haghaidh iarratais ar ealaíontóir cónaithe?

    D’fhéadfadh na critéir mheasúnaithe a bheith éagsúil ag brath ar aidhmeanna na cónaitheachta aonair. Ach bíonn na critéir seo a leanas i bhfeidhm go hiondúil:

    • 1) Beidh an measúnú bunaithe ar oiriúnacht an iarratasóra ar chónaitheacht de réir mar a chuirtear síos air sna cáipéisí tacaíochta maidir leis an bpost ar leith agus beidh sé bunaithe ar chaighdeán cleachtais an iarratasóra.
    • 2) Féadfar taithí an iarratasóra ar thionscadail chónaithe agus ar choimisiúin chomhcheangailte a chur san áireamh.
    • 3) Mar chuid den mheasúnú féadfar cuireadh a thabhairt do na hiarratasóirí réasúnaíocht agus/nó clár a mholadh le haghaidh na cónaitheachta ar leith sin.
    • 4) Déanfaidh painéal iomchuí an measúnú agus beidh gairmithe ealaíon a bhfuil taithí acu ina bhun.
    • 5) Beidh an measúnú bunaithe ar an iarratas a cuireadh isteach agus ar phróiseas agallaimh más gá.

    Barr...

  • Cén chaoi ar féidir liom a bheith rannpháirteach i dtionscadal Ealaíontóra Chónaithe?

    Más maith leat a bheith rannpháirteach ann, ní mar ealaíontóir cónaithe, ach in éineacht le healaíontóir cónaithe, scríobh litir chuig: An tOifigeach Ealaíon, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, ag lua an fáth a bhfuil spéis agat sa chónaitheacht agus mínigh an fáth ar mhaith leat a bheith páirteach inti.