Cuimsiú Sóisialta

  • Céard é an tAonad um Chuimsiú Sóisialta?

    Bunaíodh Aonad um Chuimsiú Sóisialta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag deireadh 2008 le maoiniú i bpáirt ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.

    Is é príomhaidhm an aonaid rochtain agus caighdeán Sheirbhísí na nÚdarás Áitiúil a fheabhsú do dhaoine a thagann ó phobail faoi mhíbhuntáiste. Cuidíonn sé chun beartais agus tionscadail um chuimsiú sóisialta a fhorbairt thar raon seirbhísí an údaráis áitiúil i nGaillimh.

    Is é tionchar foriomlán an Aonaid um Chuimsiú Sóisialta ná luach a chur leis na seirbhísí a sholáthraíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

    Barr...

  • Céard é Cuimsiú Sóisialta?

    Is ionann sochaí atá cuimsithe go sóisialta agus áit ina n-aithnítear agus ina nglactar le gach duine agus áit ina n-airíonn gach duine muintearas. Cinntítear leis go mbeidh an rannpháirtíocht is mó ag gach duine sa phobal lena n-áirítear grúpaí mionlaigh mar an lucht siúil, daoine scothaosta, dídeanaithe, iarrthóirí tearmainn, imircigh, daoine ón bpobal leispiach, aerach, déghnéasach agus trasinscneach agus daoine eile, i bpróisis cinnteoireachta.

    Tá daoine ag maireachtáil faoi bhochtaineacht má tá a gcuid ioncaim agus acmhainní (ábhartha, cultúrtha agus sóisialta) chomh huireasach sin nach féidir leo caighdeán maireachtála, atá inghlactha i sochaí na hÉireann tríd is tríd, a bheith acu. Mar gheall ar ioncam íseal agus easpa acmhainní d’fhéadfaí daoine a fhágáil amach as gníomhaíochtaí, gnáthrud do dhaoine eile sa tsochaí.

    “Oibríonn Cuimsiú Sóisialta go gníomhach chun deireadh a chur le himeallú ó tháirgeacht (dífhostaíocht), ó ídiú (bochtaineacht), ó líonraí sóisialta (pobal, teaghlach, comharsana), ó chinnteoireacht agus ó chaighdeán saoil sách maith"
    (aistriúchán ar shliocht as an Straitéis um Fhorbairt Eacnamaíoch, Shóisialta agus Chultúrtha 2002-2012)

    Barr...

  • Cén aidhm atá ag Aonad um Chuimsiú Sóisialta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe?

    Is é an aidhm atá ag an Aonad um Chuimsiú Sóisialta Cuimsiú Sóisialta a chur chun cinn agus a fhréamhú in obair Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ó lá go lá.

    • Feasacht a chruthú maidir le cuimsiú sóisialta i measc fhoireann agus bhaill thofa na Comhairle
    • Oibriú le ranna eile ar an gComhairle chun an cuimsiú sóisialta a dhaingniú
    • Oibriú le grúpaí agus le heagraíochtaí lasmuigh den Chomhairle a bhfuil baint acu le hobair i gcuimsiú sóisialta

    Barr...

  • Céard í an tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta agus cén uair a bhíonn sí ar siúl?

    Bíonn Seachtain um Chuimsiú Sóisialta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar siúl gach bliain i mí Dheireadh Fómhair. Déantar ceiliúradh i rith na Seachtaine um Chuimsiú Sóisialta agus taispeántar an raon leathan tionscnamh atá ar siúl go háitiúil chun dul i ngleic le heisiamh sóisialta, le bochtaineacht agus le díothacht.

    Cuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe Cuimsiú Sóisialta chun cinn ar na bealaí seo a leanas lena chinntiú go mbíonn gníomhartha chun an ceann is fearr a fháil ar an eisiamh sóisialta fós mar thosaíocht ard i gCathair na Gaillimhe agus i gComhairle Cathrach na Gaillimhe:

    • Príomh-chomhpháirtithe an Ghrúpa um Chuimsiú Sóisialta de chuid Bhord Forbartha na Cathrach
    • Coiste Inmheánach maidir le Cuimsiú Sóisialta a reáchtáil
    • Foireann Tionscadail um Dhearbhú Barcelona a reáchtáil

    Tá siad seo a leanas i measc na dTionscadal Sonrach a bhaineann le Cuimsiú Sóisialta:

    • Tionscadal um Dhearbhú Barcelona
    • An tAcht um Míchumas, 2005
    • Clár RAPID
    • Gréasán Foghlama an Rialtais Áitiúil in aghaidh na Bochtaineachta
    • An Straitéis in aghaidh an Chiníochais i gCathair na Gaillimhe

    Barr...

  • An bhfuil Oifigeach Rochtana ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe?

    Tá, is í oifigeach rochtana Chomhairle Cathrach na Gaillimhe:

    Cliona Clancy
    Teil: (091) 536433
    ríomhphost: cliona.clancy@galwaycity.ie

    Barr...

  • Tá míchumas ag gabháil dom; an bhfuilim in ann cúnamh a fháil le rochtain a fháil ar sheirbhís a sholáthraíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe?

    Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe meáite ar a chinntiú go mbeidh fáil ag gach duine ar ár seirbhísí.
    De réir ár n-oibleagáidí faoin Acht um Míchumas, 2005, tá Oifigeach Rochtana againn a thabharfaidh cúnamh duit ár gcuid seirbhísí a rochtain.

    Beidh na hoifigigh seo in ann cabhrú leat trí:

    • Cúnamh a thabhairt chun faisnéis a fháil faoinár seirbhísí agus faoinár mbeartais.
    • Cabhrú leat leas a bhaint as ár seirbhísí le tacaíocht chun foirmeacha iarratais a líonadh isteach, ceisteanna a chur ar do shon agus cruinnithe a éascú idir tú féin agus pearsanra laistigh den eagraíocht (seirbhís neamh-thacaíochta).
    • Comhfhreagras/foilseacháin a fháil i bhformáid atá sonrach do do riachtanais.
    • Réimsí áirithe de Halla na Cathrach a rochtain.

     

    Barr...

  • Cé na seirbhísí a d’fhéadfadh a bheith ar fáil ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe do dhaoine faoi mhíchumas?

    Tithíocht

    Seirbhísí Iompair

    Seirbhísí Caitheamh Aimsire Inrochtana

    • Leisureland

    Seirbhísí Vótála

    • Iarratas ar Liosta Vótálaithe Poist

    An Rannán Pobail agus Fiontair

    • Oifigigh Rochtana
    • An tAonad um Chuimsiú Sóisialta

    An Rannóg Acmhainní Daonna

    • Rochtain ar Fhostaíocht do Dhaoine faoi Mhíchumas

    Barr...