Gradaim an Mhéara

  • Céard iad Gradaim an Mhéara?

    Is tionscnamh bliantúil de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe iad Gradaim an Mhéara chun aitheantas a thabhairt don obair dheonach a dhéanann daoine i gCathair na Gaillimhe.

    Tugann na gradaim aitheantas do dhaoine agus d’eagraíochtaí den scoth a raibh tionchar suntasach acu ar chaighdeán a bpobail i gCathair na Gaillimhe, trína dtiomantas dá rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí pobail agus deonacha gan aon íocaíocht.

    Iarrtar ainmniúcháin faoi chatagóirí éagsúla gach bliain e.g.

    • Na hEalaíona, Cultúr, Oidhreacht & Cúrsaí Gaeilge
    • Áitritheoirí agus Limistéir Áitiúla
    • Seirbhís Shóisialta & Pobail
    • Oibrí Deonach Níos Sine na Bliana
    • Oibrí Deonach Spóirt na Bliana
    • Leanaí agus Tacaíocht don Óige
    • Oibrí Óg Deonach na Bliana
    • Oibrí Deonach na Bliana

    Barr...

  • Cén uair a bhíonn siad ar siúl?

    Bíonn Searmanas na nGradam ar siúl mí Aibreáin, agus bronntar gradaim don bhliain roimhe sin.

    Barr...

  • Cé atáthar in ann a ainmniú le haghaidh Ghradaim an Mhéara?

    Tá fáilte roimh ainmniúcháin ó dhaoine atá ina gcónaí i gCathair na Gaillimhe le haghaidh daoine aonair nó eagraíochtaí a bhfuil baint acu le gníomhaíocht dheonach, a bhíonn ar siúl sa chathair i gceann de na catagóirí seo a leanas:

    • Na hEalaíona, Cultúr, Oidhreacht & Cúrsaí Gaeilge
    • Áitritheoirí agus Limistéir Áitiúla
    • Seirbhís Shóisialta & Pobail
    • Oibrí Deonach Níos Sine na Bliana
    • Oibrí Deonach Spóirt na Bliana
    • Leanaí agus Tacaíocht don Óige
    • Oibrí Óg Deonach na Bliana
    • Oibrí Deonach na Bliana

    Barr...

  • Cén chaoi a n-ainmneoidh mé duine éigin?

    Caithfidh tú foirm ainmniúcháin a líonadh maidir leis an té atá tú ag ainmniú.

    De ghnáth iarrtar cuntas mar seo a leanas faoin duine atá á ainmniú:

    • Gníomhaíochtaí an ainmní agus an méid atá bainte amach acu agus an obair atá déanta acu
    • sna gníomhaíochtaí sin
    • An difear a rinne an t-ainmní sa phobal
    • Na cúiseanna go bhfuil an Gradam tuillte ag an ainmní

    Chomh luath is a sheoltar Gradaim an Mhéara (i mí Eanáir go hiondúil) bíonn foirmeacha ainmniúcháin ar fáil ó oifigí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, agus i mbrainsí leabharlainne sa chathair.
    Is féidir freisin an fhoirm ainmniúcháin a íoslódáil ó leathanach gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

    Íoslódáil Foirm Ainmniúcháin Ghradaim an Mhéara

    Bí cinnte go seolann tú an fhoirm ainmniúcháin ar ais faoin spriocdháta de bhrí nach nglacfar le foirmeacha a gheofar tar éis an dáta sin.

    Barr...

  • Céard a fhaigheann na buaiteoirí?

    Faigheann na buaiteoirí i ngach catagóir duais airgid thirim agus píosa de Chriostal na Gaillimhe a choimisiúnaítear go speisialta.

    Gheobhaidh gach duine a ainmnítear teastas freisin a shíneoidh Méara Chathair na Gaillimhe.

    Barr...