Músaem Cathrach na Gaillimhe

  • An bhfuil músaem i gCathair na Gaillimhe?

    Tá. Tá Músaem Cathrach na Gaillimhe suite gar don Phóirse Caoch ar bhruacha Abhainn na Gaillimhe i gCathair na Gaillimhe.

    Bunaíodh Músaem Cathrach na Gaillimhe i lár na 1970idí agus bhí sé lonnaithe ar dtús báire i dTeach an Chomartúnaigh gar don Phóirse Caoch.

    I mí Aibreáin 2007 osclaíodh músaem nua saintógtha, taobh thiar de láthair an tseanmhúsaeim i dTeach an Chomartúnaigh. Chuir Comhairle Cathrach na Gaillimhe tús le tionscadal nua Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe ar mhaithe le saol cultúrtha agus oidhreachta Chathair na Gaillimhe a chur chun cinn.

    Bailíonn, caomhnaíonn agus taispeánann Músaem Cathrach na Gaillimhe ábhar a bhaineann le stair Chathair na Gaillimhe; Seandálaíocht, Ealaín, Geolaíocht, Stair Nádúrtha, Stair Shóisialta, Pholaitiúil agus Thionsclaíoch agus Daonearraí.

    Uaireanta Oscailte agus Praghsanna:

    Bíonn an músaem ar oscailt ó Mháirt go Satharn idir 10am agus 5pm agus tá Saorchead isteach ag cách.

    Tá tuilleadh eolais ar shuíomh gréasáin Mhúsaem Cathrach na Gaillimhe ag www.GalwayCityMuseum.ie

    Barr...