Póstaeir Toghcháin

  • Póstaeir Toghcháin agus an Dlí maidir le Bruscar

    Cé mhéad lá roimh thoghchán ar féidir le hiarrthóirí toghcháin póstaeir a chrochadh?

    Ní féidir póstaeir a chrochadh ach ar feadh tréimhse ama shonraithe roimh thoghchán. Is é an tréimhse ama (a) 30 lá roimh lá na vótála nó (b) ón dáta a dhéantar an t-ordú maidir le lá na vótála, cibé acu lena mbaineann an tréimhse ama is giorra.

    Samplaí:

    • Síníodh an tOrdú um Thoghcháin Áitiúla 2009 an 31 Márta 2009 agus socraíodh lá na vótála le haghaidh an 5 Meitheamh 2009. Dá bhrí sin bhí 67 lá le dul go dtí lá na vótála agus bhí feidhm leis an tréimhse 30 lá. D’fhéadfaí póstaeir a chrochadh sa chás sin ón 6 Bealtaine 2009.
    • Síníodh an tOrdú um Olltoghchán 2011 an 1 Feabhra agus socraíodh lá na vótála le haghaidh an 25 Feabhra 2011. Dá bhrí sin, bhí 25 lá le dul go dtí lá na vótála agus ní raibh feidhm leis an tréimhse 30 lá. D’fhéadfaí póstaeir a chrochadh sa chás sin ón 1 Feabhra 2011.

    Barr...

  • Céard faoi thoghcháin mhí na Bealtaine 2014?

    Ní raibh iarrthóirí na dtoghchán áitiúil in ann póstaeir a chrochadh ach ón 23 Aibreán 2014, sin 30 lá roimh lá na vótála.

    Ní raibh iarrthóirí thoghchán Pharlaimint na hEorpa in ann póstaeir a chrochadh ach ón 23 Aibreán 2014, 30 lá roimh lá na vótála.

    Ní mór d’iarrthóirí gach póstaer a bhaint amach laistigh de sheacht lá de lá na vótála. Leagtar na ceanglais sin maidir le póstaeir toghcháin síos faoi alt 19 den Acht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997 agus den Acht Toghcháin (Leasú) (Uimh. 2), 2009.

    Barr...

  • Cé mhéad lá roimh reifreann ar féidir póstaeir a chrochadh?

    Is féidir póstaeir reifrinn a thaispeáint ón dáta a ndéanann an tAire an t-ordú um an lá vótála, ordú ina dtugann sé le fios cén lá a mbeidh an reifreann ar siúl.

    Sampla:

    In 2013, Síníodh an tOrdú um an Lá Vótála ar an reifreann chun deireadh a chur le Seanad Éireann agus ar an reifreann ar an gCúirt Achomhairc an 24 Iúil 2013. Bhí an reifreann ar siúl an 4 Deireadh Fómhair 2013. D’fhéadfaí póstaeir a chrochadh sa chás sin ón 24 Iúil 2013.

    Barr...

  • An féidir póstaeir a chur ar chláir fógraí?

    Sin fógraíocht tráchtála, ní póstaeir toghcháin/reifrinn atá i gceist i ndáiríre – is féidir le haon duine spás fógraíochta a cheannach ag aon am den bhliain chun a dtáirge/seirbhís a fhógairt. Tá rialacháin phleanála ann a bhaineann leis an gcineál sin spás fógraíochta, mar sin seiceáil do chás le rannóg phleanála d’údaráis áitiúil.

    Barr...

  • Céard faoi dhaoine a pháirceálann feithiclí a mbíonn sluáin toghcháin/reifrinn priontáilte orthu in áiteanna páirceála saor in aisce?

    Ní cion é sin faoi na hAchtanna um Thruailliú ó Bhruscar, ach mar sin féin is cion é faoi alt 19 den Acht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997 fógraí (e.g. bileoigíní nó fógráin) a chur ar fheithiclí inneall-ghluaiste mura bhfuil siad daingnithe ar bhealach meicniúil. Cuireann sé sin, mar shampla, cosc ar fhógráin a leagan faoi chuimilteoirí.

    Barr...

  • Cé mhéad lá tar éis lá na vótála a gcaithfear póstaeir a bhaint?

    Ní mór gach póstaer toghcháin/reifrinn a bhaint laistigh de sheacht lá tar éis lá na vótála.

    Barr...

  • An féidir le húdaráis áitiúla póstaeir a bhaint?

    Tugann alt 20 den Acht um Thruailliú ó Bhruscar 1997 cumhachtaí d’údaráis áitiúla fógraí a sheirbheáil ar áitritheoirí maoine, atá le feiceáil ó áit phoiblí, chun fógraí a bhaint anuas, má fheictear don údarás áitiúil go bhfuil sé chun leasa fóntais nó thimpeallacht na háite sin a dhéanamh.

    Barr...

  • Céard iad na pionóis atá ann as sáruithe ar an reachtaíocht a rialaíonn póstaeir toghcháin/reifrinn?

    Is ar an údarás áitiúil atá an cúram an dlí maidir le bruscar a fhorfheidhmiú. Measfar go mbeidh aon phóstaeir toghcháin/reifrinn a bheidh fós ann faoin tréimhse ama shonraithe nó ina diaidh sin ag sárú na reachtaíochta agus beidh siad faoi réir fíneáil bruscair ar an láthair de 150 euro. Tá sé de chúram freisin ar údaráis áitiúla póstaeir a chruthaíonn guais do choisithe nó d’úsáideoirí bóthair a bhaint anuas. Ba cheart gearáin maidir le póstaeir den sórt sin a dhéanamh díreach leis an údarás áitiúil iomchuí ag sonrú cén áit go beacht a bhfuil siad chun cur ar chumas údaráis áitiúla socruithe a dhéanamh lena mbaint.

    Barr...

  • An gcaithfear ainm agus seoladh an chlódóra agus an fhoilsitheora a phriontáil ar an bpóstaer?

    Caithfear. Éilítear sa reachtaíocht maidir le gach fógra, bille, póstaer nó cáipéis den chineál sin a dhéanann tagairt do reifreann nó do thoghchán Dála, áitiúil nó pharlaimint na hEorpa nó a scaiptear ar mhaithe le hiarrthóireacht aon iarrthóra a chur chun cinn i dtoghchán, nach mór ainm agus seoladh chlódóir agus fhoilsitheoir na cáipéise sin a bheith clóite ar a aghaidh. Is cion é ainm agus seoladh an chlódóra agus an fhoilsitheora a fhágáil amach.

    Barr...

  • Cén pionós atá ann mura bpriontáiltear ainm agus seoladh an chlódóra agus an fhoilsitheora ar an bpóstaer?

    I gcás duine atá ciontach as cion, dlífear ar an duine sin a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná 634.87 euro nó, faoi lánrogha na cúirte, príosúnacht ar feadh tréimhse nach faide ná trí mhí, nó fíneáil agus príosúnacht araon, a chur air nó uirthi.

    Barr...

  • Póstaeir Toghcháin agus an Dlí maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre

    Cén áit ar féidir póstaeir a chrochadh ionas nach gcuirfidh siad isteach ar úsáideoirí bóthair?

    Tá ceanglais sna hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre maidir le línte amhairc soiléire a choinneáil d’úsáideoirí bóthair a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar cá gcrochtar póstaeir, e.g. gan iad a chrochadh ar chomharthaí bóthair, ag acomhail tráchta ná ar thimpealláin áit a bhféadfadh rioscaí sábháilteachta bóthair a bheith i gceist leo.

    Is cion é aon chomhartha nó aon fhógra a chrochadh a fhágann nach bhfuil úsáideoirí bóthair in ann comhartha tráchta a fheiceáil i gceart (an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961, Alt 95, Fo-alt 14).

    Ba cheart dóibh siúd a chrochann póstaeir a bheith fíorchúramach nuair a bhíonn siad ar bhóithre nó in aice leo agus ba cheart go mbeadh aird acu ar a sábháilteacht féin agus ar shábháilteacht fhisiceach úsáideoirí eile an bhóthair, e.g. ag dul trasna bóithre gnóthacha, ag cur srian ar chosáin, páirceáil feithiclí, etc.

    Chun tuilleadh eolais a fháil, seiceáil le rannán Bóithre d’údaráis áitiúil.

    Barr...

  • Póstaeir Toghcháin agus an Dlí maidir le Pleanáil

    An bhfuil aon cheanglais phleanála maidir le póstaeir a chrochadh?

    Go ginearálta teastaíonn cead pleanála chun póstaeir a chrochadh mura bhfuil díolúine shonrach aige.

    Foráiltear i gCuid 2 de Sceideal 2 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairtí 2001-2013 gur forbairt dhíolmhaithe é póstaeir toghcháin a chrochadh faoi réir coinníollacha agus teorainneacha áirithe agus na srianta ginearálta maidir le díolúintí dá bhforáiltear in airteagal 9 de na Rialacháin.

    Má tá ceisteanna agat maidir leis sin ba cheart duit dul i dteagmháil le d’údarás pleanála áitiúil a inseoidh duit cibé ar forbairt dhíolmhaithe iad na póstaeir atá i gceist agat a chrochadh. Ina theannta sin, tá rialacha ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, mar shampla, maidir le fógraí poiblí a bhaineann le méid an téacs agus na n-íomhánna.

    Arís, ba cheart duit a dhul i dteagmháil le d’údarás áitiúil má tá aon cheist agat.

    Barr...

  • Póstaeir Toghcháin – Sonraí an Chlódóra agus an Fhoilsitheora

    An gcaithfear ainm agus seoladh an chlódóra agus an fhoilsitheora a phriontáil ar an bpóstaer?

    Caithfear. Éilítear sa reachtaíocht maidir le gach fógra, bille, póstaer nó cáipéis den chineál sin a dhéanann tagairt do reifreann nó do thoghchán Dála, áitiúil nó pharlaimint na hEorpa nó a scaiptear ar mhaithe le hiarrthóireacht aon iarrthóra a chur chun cinn i dtoghchán, nach mór ainm agus seoladh chlódóir agus fhoilsitheoir na cáipéise sin a bheith clóite ar a aghaidh.

    Is cion é ainm agus seoladh an chlódóra agus an fhoilsitheora a fhágáil amach.

    Barr...

  • Cén pionós atá ann mura bpriontáiltear ainm agus seoladh an chlódóra agus an fhoilsitheora ar an bpóstaer?

    I gcás duine atá ciontach as cion, dlífear ar an duine sin a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná 634.87 euro nó, faoi lánrogha na cúirte, príosúnacht ar feadh tréimhse nach faide ná trí mhí, nó fíneáil agus príosúnacht araon, a chur air nó uirthi.

    Barr...