Glacadh le hÍocaíocht

  • Cén chaoi ar cheart dom sonrasc a chur isteach chuig Comhairle Cathrach na Gaillimhe?

    Tar éis sheachadadh na n-earraí/seirbhísí, ba cheart don soláthraí sonrasc a chur chuig Rannán na gCuntas Iníoctha, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, agus an uimhir ordú ceannaigh a tugadh ag céim an ordaithe á lua. Sonraisc nach bhfuil uimhir ordú ceannaigh bhailí orthu, seolfar ar ais chuig an soláthraí iad.

    Barr...

  • Cé leis a ngabhfaidh mé i dteagmháil maidir le híocaíocht?

    Is é seo a leanas an seoladh poist:

    Rannán na gCuntas Iníoctha
    Comhairle Cathrach na Gaillimhe
    Halla na Cathrach
    Bóthar an Choláiste
    Gaillimh

    Ríomhphost: accountspayable@galwaycity.ie

    Teileafón: 091 536581 / 536527/ 536417
    Facs: 091 561653

    Barr...

  • Cén chaoi a bhfaighidh mé an íocaíocht?

    Seolfar íocaíocht chuig soláthraithe earraí/seirbhísí le ríomhaistriú airgid. De réir bheartas an Rialtais, déanaimid iarracht íocaíocht a dhéanamh laistigh de 15 lá tar éis dúinn sonrasc bailí a fháil. Baineann Ús Pras-íocaíochtaí le híocaíochtaí deireanacha a dhéantar níos deireanaí ná 30 lá tar éis sonrasc bailí a fháil.

    Barr...

  • Beartas maidir le Pras-Íocaíochtaí

    De réir Chinneadh an Rialtais Uimh. S29296, is gá d’Údaráis Áitiúla tuairisciú go ráithiúil ar an gcaoi ar chloígh siad leis na socruithe maidir le pras-íocaíochtaí.

    Breathnaigh ar thuairiscí ar phras-íocaíochtaí do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe

    Barr...