Rialú Foirgníochta

  • Céard is Rialú Foirgníochta ann?

    Tá sé mar ról ag Rannán Rialaithe Foirgníochta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíocht tógála sa Chathair chun:

    • Sláinte, sábháilteacht agus folláine (lena n-áirítear sábháilteacht ó dhóiteán) daoine i bhfoirgnimh agus timpeall ar fhoirgnimh a chinntiú.
    • A chinntiú go dtugtar rochtain do dhaoine faoi mhíchumas.
    • Caomhnú breosla agus fuinnimh maidir le foirgnimh a fhorbairt tuilleadh.

    Is í Comhairle Cathrach na Gaillimhe Údarás Rialaithe Foirgníochta Chathair na Gaillimhe.

    Níor cheart Rialú Foirgníochta a mheascadh le Rialú Pleanála ina bhforfheidhmítear Coinníollacha Pleanála le haghaidh Forbartha.

    Cabhraíonn an tOifigeach Rialaithe Foirgníochta i gComhairle Cathrach na Gaillimhe chun feasacht áitiúil maidir leis na Rialacháin Foirgníochta Reatha a chur chun cinn agus chun na rialacháin sin a chomhlíonadh.

    Chun tuilleadh eolais a fháil faoi rialú foirgníochta déan teagmháil le: An tOifigeach Rialaithe Foirgníochta, An Rannóg Pleanála, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.

    Teil: 091 536818 Ríomhphost: planning@galwaycity.ie
    Barr...

  • An gcaithfidh mé fógra a thabhairt do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe nuair atá fonn orm tosú ag tógáil, agus má chaitheann, cén nós imeachta atá i bhfeidhm?

    Is éard is Fógra Tosaithe ann ná fógra a chuireann in iúl don Chomhairle Cathrach go bhfuil sé beartaithe oibreacha tógála a dhéanamh agus é infheidhme maidir le gach cineál tógála.

    Nuair a bhronntar cead pleanála deiridh ort, má theastaíonn uait tús a chur le forbairt faoi na Rialacháin um Rialú Foirgníochta, beidh ort fógra tosaithe a chur isteach. Ba cheart fógraí a chur isteach nach lú ná 14 lá agus nach mó ná 28 lá sula gcuirfear oibreacha den sórt sin ar bun. Ní mór go mbeadh an táille chuí ag gabháil leis an bhfógra.

    Teastaíonn Fógra Tosaithe chun:

    • Foirgneamh a thógáil.
    • Athrú ábhartha nó síneadh a chur le foirgneamh.
    • Athrú ábhartha ar úsáid foirgnimh lena bhfuil feidhm ag na Rialacháin Foirgníochta.
    Tabhair faoi deara, le do thoil, go mbeidh feidhm ag nósanna imeachta nua maidir leis an bhFógra Tosaithe ón 1 Márta 2014. Ba cheart an fógra a chur isteach ar líne ar an gCóras Bainistíochta um Rialú Foirgníochta ag: https://www.localgov.ie/ga/bcms

     

    Táillí an Fhógra Tosaithe

    Is iad Táillí an Fhógra Tosaithe:

    • €30
    • má bhaineann na hoibreacha beartaithe nó an t-athrú ábhartha ar úsáid le níos mó ná foirgneamh amháin, tá táille €30 in aghaidh an fhoirgnimh i gceist.

    Samplaí:

    Glactar leis gur dhá fhoirgneamh iad dhá theach sraithe buailte ar a chéile.

    Glactar leis gur aon fhoirgneamh amháin é bloc árasán.

    Is é €3,800 an táille is airde.

    Ní mór an táille cheart a chur isteach in éineacht leis an bhFógra Tosaithe, nó measfar go mbeidh an Fógra neamhbhailí.
    Barr...

  • Céard is deimhniú sábháilteachta ó dhóiteán ann agus cén uair a theastaíonn ceann uaim?

    Is cead é deimhniú sábháilteachta ó dhóiteán a fhaigheann tú ó d’údarás rialaithe foirgníochta, (Comhairle Cathrach na Gaillimhe, sa chás seo) den dearadh sábháilteachta dóiteáin atáthar i gceist a chur isteach i ndearadh foriomlán d’fhoirgnimh.

    Is deimhniú é den dearadh atá beartaithe agat i dtaca le sábháilteacht ó dhóiteán, dearadh sábháilteachta ó dhóiteán d’fhoirgnimh chríochnaithe. Nuair a fhaigheann tú deimhniú sábháilteachta ó dhóiteán maidir le dearadh beartaithe ciallaíonn sé go gcomhlíonann d’fhoirgneamh, má thógtar é de réir an dearaidh atá beartaithe, le ceanglais dóiteáin na Rialachán Foirgníochta.

    Ní gá deimhniú sábháilteachta ó dhóiteán a fháil le haghaidh tithe/teaghaisí. Mar sin féin, beidh sé ag teastáil le haghaidh gach cineál eile forbartha lena n-áirítear árasáin.

    Nós Imeachta chun Deimhniú Sábháilteachta ó Dhóiteán a fháil

    Is éard atá in iarratas ar dheimhniú sábháilteachta ó dhóiteán:

    • Foirm iarratais
    • Táille
    • Líníochtaí teicniúla
    • Tuarascáil theicniúil

    Nuair a chuirtear na míreanna thuas isteach chuig d’údarás dóiteáin áitiúil, déantar measúnú comhlíontachta orthu le cóid foirgníochta cothrom le dáta.

    Ní mór go mbeadh an t-iarratas cuimsitheach. Ní mór do dhuine ar bith a ullmhaíonn deimhniú sábháilteachta ó dhóiteán eolas maith a bheith acu ar thógáil foirgníochta agus ar dhearadh sábháilteachta dóiteáin.

    Mura bhfuil dóthain sonraí san iarratas a cuireadh isteach seolfaidh an t-údarás áitiúil ar ais chugat é in éineacht le do tháille.

    Breathnaigh ar na Treoirlínte chun Iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Sábháilteachta ó Dhóiteán.

    Download Application Form for a Fire Safety Certificate [English].

    Íoslódáil Foirm Iarratais ar Dheimhniú Sábháilteachta ó Dhóiteán [Gaeilge].

    Barr...

  • Céard iad na céimeanna a bhaineann le hiarratas a dhéanamh ar Dheimhniú Sábháilteachta ó Dhóiteán?

    Faigh amach an dteastaíonn Deimhniú Sábháilteachta ó Dhóiteán uait.

    Mar riail ghinearálta, má tá tú ag tógáil foirgneamh nua nó ag déanamh athruithe ar fhoirgneamh atá ann cheana féin agus nach é an foirgneamh teaghais an teaghlaigh, gach seans go dteastóidh deimhniú sábháilteachta ó dhóiteán uait. Má tá amhras ort, téigh i dteagmháil le rannán Rialaithe Foirgníochta na Rannóige Pleanála agus inseoimid duit más gá duit iarratas a dhéanamh. Teil. 091 536599 nó seol ríomhphost chuig planning@galwaycity.ie

    Fostaigh Comhairleoir Sábháilteachta Dóiteáin

    Is éard is comhairleoir sábháilteachta dóiteáin ann ná aon duine aonair nó gnólacht ag a bhfuil cúlra teicniúil agus eolas agus taithí ar dhearadh sábháilteachta dóiteáin. Tabharfaidh do chomhairleoir sábháilteachta dóiteáin comhairle duit faoin tionchar a bheidh ag sábháilteacht ó dhóiteán ar leagan amach agus ar dhreach d’fhoirgnimh.

    In éineacht le do chomhairleoir, oibreoidh tú i dtreo dearaidh atá feidhmiúil agus a chloíonn le caighdeáin sábháilteachta ó dhóiteán. Chomh luath is a thagtar ar chomhaontú faoi dhearadh, ullmhóidh do chomhairleoir iarratas duit. Ach an oiread le seirbhís ar bith eile, gheobhaidh tú an caighdeán a íocann tú as. Ní haon eisceacht iad na comhairleoirí sábháilteachta dóiteáin. Cuimhnigh nach mbreithneofar iarratais atá lag nó nach bhfuil líonta isteach i gceart agus go seolfar ar ais chugat iad.

    Cuir isteach d’Iarratas

    Ar chur isteach an iarratais duit, próiseálfar an t-iarratas agus sannfar é d’oifigeach dóiteáin a dhéanfaidh measúnú air. Is é an tréimhse reachtúil le haghaidh measúnaithe ná 2 mhí. Sa tréimhse sin b’fhéidir go n-iarrfaí ar do chomhairleoir athruithe a dhéanamh ar dhearadh an fhoirgnimh. Chomh luath is atá an t-oifigeach sásta go gcomhlíonann an dearadh na rialacháin foirgníochta, eiseoidh Rannán Rialaithe Foirgníochta na Comhairle Cathrach deimhniú sábháilteachta ó dhóiteán duit.

    Cuir Tús leis an Obair

    Níor cheart duit oibreacha a chur ar bun ar do thionscadal go dtí go bhfaighidh tú deimhniú sábháilteachta ó dhóiteán. Tá sé in aghaidh an dlí oibreacha a thosú sula bhfaigheann tú deimhniú sábháilteachta ó dhóiteán.

    Tá dualgas dlíthiúil ort a chinntiú go mbeidh na hoibreacha a dhéanfar de réir na sonraíochtaí agus na bpleananna a cheadaítear faoi d’iarratas. Moltar duit do chomhairleoir a fhostú fós chun súil a choinneáil ar saincheisteanna a bhaineann le dóiteán fad is a bheidh d’fhoirgneamh á thógáil.
    Barr...

  • Céard is Teastas Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas ann?

    Is teastas é Teastas Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas a bhronnann Údarás Rialaithe Foirgníochta, ar nós Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, a dheimhníonn go gcomhlíonann dearadh oibreacha áirithe (e.g. foirgnimh nua – seachas tithe cónaithe), roinnt síntí agus athruithe ábhartha ar fhoirgnimh (seachas tithe cónaithe) ceanglais Chuid M de na Rialacháin Foirgníochta.

    Teastaíonn Teastas Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas d’oibreacha áirithe ar fhoirgnimh seachas tithe cónaithe (ach foirgnimh arb árasáin iad san áireamh), sa mhéid is go bhfuil feidhm ag Ceanglais Chuid M agus a chuirtear ar bun nó a tharlaíonn an 1 Eanáir 2010 nó ina dhiaidh sin; mar riail ghinearálta, má theastaíonn deimhniú sábháilteachta ó dhóiteán uait teastóidh Teastas Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas uait chomh maith.

    Chun tuilleadh sonraí agus na Ceisteanna Coitianta a bhaineann leis an Teastas Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas a fháil tabhair cuairt ar www.environ.ie nó téigh i dteagmháil leis an Oifigeach Rialaithe Foirgníochta ar 091 536818.


    Barr...
  • Céard is Deimhniú um Thabhairt chun Rialtachta ann?

    Is deimhniú é an Deimhniú um Thabhairt chun Rialtachta a bhronnann údarás rialaithe foirgníochta maidir le hoibreacha ar fhoirgnimh thráchtála agus bloic árasáin, a cuireadh ar bun nó a cuireadh i gcrích gan an Deimhniú Sábháilteachta ó Dhóiteán a bhí riachtanach. Féadfar an deimhniú a bhronnadh le coinníollacha nó dá n-uireasa – nó féadfar diúltú dó.

    Chun tuilleadh sonraí agus Ceisteanna Coitianta maidir leis na Deimhnithe um Thabhairt chun Críche a fháil tabhair cuairt ar www.environ.ie nó téigh i dteagmháil leis an Oifigeach Rialaithe Foirgníochta i gComhairle Cathrach na Gaillimhe ar 091 536818.
    Barr...

  • Treoir ar mhargaíocht agus úsáid na mbloc coincréite tathagaithe chuig EN 771-3 in Éirinn

    Tugann An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, DHLGH, treoir ar mhargaíocht agus úsáid na mbloc coincréite tathagaithe chuig EN 771-3 in Éirinn.

    Tá sé mar aidhm ag an treoir seo cumarsáid níos soiléire a éascú laistigh den slabhra soláthair   maidir le feidhmíocht dhearbhaithe na mbuntréithe, nuair atá bloic choincréite tathagaithe á sonrú agus á roghnú atá:

    • oiriúnach don úsáid bheartaithe
    • oiriúnach do na coinníollacha ina n-úsáidfear iad

    Cabhróidh sonraíochtaí agus roghanna cuí le comhlíonadh na Rialachán Foirgníochta 1997 go 2021 a chinntiú.


    Barr...