Saoráil Faisnéise

  • Céard a chiallaíonn Saoráil Faisnéise?

    Tugann an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 ceart dlíthiúil do dhaoine aonair:

    ·       rochtain a fháil ar thaifid atá i seilbh comhlachtaí poiblí SF;

    ·       go ndéanfaí faisnéis oifigiúil a bhaineann leis/léi féin a leasú má tá sí neamhiomlán, mícheart nó míthreorach;

    ·       cúiseanna a fháil maidir le cinntí a mbíonn tionchar acu air/uirthi.

    Barr...

  • Céard is féidir leat a iarraidh?

    Is féidir leat na taifid seo a leanas a iarraidh ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe:

    ·       Aon taifead a bhaineann leatsa go pearsanta, is cuma cén uair a cruthaíodh é;

    ·       Gach taifead eile a cruthaíodh tar éis 21 Deireadh Fómhair 1998.

    Barr...

  • Cén chaoi a n-oibríonn sé?

    Caithfear d’iarratas bailí a admháil laistigh de dhá sheachtain agus caithfear cinneadh a dhéanamh faoi laistigh de cheithre seachtaine. Mar sin féin, tá roinnt cúiseanna ann ar féidir leis an bpróiseas maireachtáil níos faide ná ceithre seachtaine agus cuirfear ar an eolas thú faoi seo i bhfoirm scríbhinne.

    Barr...

  • An mbeidh táille ann?

    Ní bheidh aon táille tosaigh ann.

    B’fhéidir go mbeadh roinnt cúinsí ann ina ngearrfar táille ort maidir le taifid a aimsiú agus a tharraingt le chéile, costas doiciméid a fhótachóipeáil agus postas (más mian leat go gcuirfí taifid phriontáilte chugat) d’iarratais ar eolas neamhphearsanta.

    Más lú nó más ionann an costas aimsithe, tarraingt le chéile agus cóipeála ná €101, ní ghearrfar aon táille. Más mó an táille ná €101, beidh táillí iomlána i bhfeidhm. Is í an táille is mó a ghearrfar ar iarratas ná €500.

    Cuireann an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997 arna leasú ag an Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú), 2003 dualgas ar údaráis áitiúla agus ar raon comhlachtaí poiblí eile faisnéis a fhoilsiú maidir lena gcuid gníomhaíochtaí agus an fhaisnéis atá ina seilbh acu, lena n-áirítear faisnéis phearsanta, a chur ar fáil do shaoránaigh.

    Más mó an costas measta ar aimsiú, tarraingt le chéile agus cóipeáil ná €700, is féidir leis an gcomhlacht poiblí diúltiú de d’iarratas a phróiseáíl, mura mbeachtaíonn tú d’iarratas leis an táille aimsithe, tarraingt le chéile agus cóipeála a thabhairt faoin teorainn seo.

    Cineál Táille

    Táille Chaighdeánach

    Aimsiú agus Tarraingt le chéile na dTaifead

    €20 in aghaidh na huaire

    Fótachóipeáil

    4 cent ar gach leathanach

    CD-ROM le cóip de na doiciméid

    €10

    Barr...

  • Cá bhfaighidh tú tuilleadh eolais?

    Tá an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 ar fáil ó shuíomh gréasáin an Rialtais www.foi.gov.ie nó ó Oifig Foilseachán an Rialtais, ar 01 6476834 nó publications@opw.ie .

    Barr...

  • Cén chaoi a gcuireann tú isteach Iarratas Saorála Faisnéise?

    Comhlánaigh Foirm iarratais d’Iarratas ar Rochtain ar Thaifid faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, nó scríobh litir ag leagan amach cé na taifid atá á gcuardach agat, agus sonraigh go bhfuil an t-iarratas á dheanamh faoin faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 agus seol chuig an seol thíos é:

    An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise,

    Comhairle Cathrach na Gaillimhe,

    Halla na Cathrach,

    Bóthar an Choláiste,

    Gaillimh H91 X4K8

     

    Ríomhphost: foi@galwaycity.ie 

    Fón: 091-536400

    Barr...

  • Ba cheart Iarratas ar Achomharc Inmheánach ar Chinntí SF chuig:

    An tOifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach

    Seirbhísí Corparáideacha,

    Comhairle Cathrach na Gaillimhe,

    Halla na Cathrach,

    Bóthar an Choláiste,

    Gaillimh H91 X4K8

     

    Ríomhphost: foi@galwaycity.ie 

    Fón: 091-536400

    Barr...

  • Ba cheart Achomharc chuig an gCoimisinéir Faisnéise a dhéanamh chuig:

    6 Ardán Phort an Iarla,

    Baile Átha Cliath 2, D02 W773.

    Ríomhphost: info@oic.ie

    Fón: 01 6395689

    Barr...