Scéim Tionscnaimh Deisithe agus Léasaithe

  • An bhfuil teach nó árasán folamh agat, nár mhór deisiú a dhéanamh air, ach níl an t-airgead agat? Má tá, seans go gcuirfidh tú spéis sa scéim thuas.

    Faoin scéim seo, is féidir áiteanna cónaithe folmha a athchóiriú agus mar chúiteamh, cuirtear an réadmhaoin ar fáil don Chomhairle le haghaidh tithíocht shóisialta trí shocrú léasa.

    Tá buntáistí ag gabháil leis seo d'úinéir na réadmhaoine, ar nós:

    • Cíos ar féidir brath air
    • Ní gá déileáil le tionóntaí
    • Ní gá gnáth-chothabháil a dhéanamh air
    • Ní gá cíos a bhailiú ná tionóntaí a aimsiú
    • Ní chailltear teacht isteach nuair a bhíonn an teach folamh

    Gheofar tuilleadh eolais, mar aon le foirm iarratais agus na sonraí iomlána ar ár suíomh gréasáin:

    Tuilleadh eolais: Scéim Tionscnaimh Deisithe agus Léasaithe

    Más dóigh leat go n-oirfeadh an scéim seo duitse, cuir glao ar-

    An Roinn Tithíochta
    Comhairle Cathrach na Gaillimhe
    Halla na Cathrach
    Bóthar an Choláiste
    Gaillimh

    Teileafón 091 894371 nó ríomhphost: housing@galwaycity.ie