Soláthar

    • Cad is "Soláthar" ann?

      Tagraíonn an téarma soláthar poiblí do gach gníomhaíocht a bhíonn i gceist sa phróiseas maidir le hearraí, seirbhísí nó oibreacha a cheannach agus a sholáthar. Ceannaíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe líon mór feadh na gcatagóirí seo:

      Barr...

    • Cad é an Beartas Soláthair i gComhairle Cathrach na Gaillimhe?

      Faigheann Comhairle Cathrach na Gaillimhe earraí, seirbhísí agus oibreacha feadh raon luachanna, ó pháipéarachas go dtí tionscadail tógála ar ardluach. Tá roinnt beartas agus nósanna imeachta soláthair a chaithfear a leanúint agus braitheann siad ar luach an Chonartha ó thairsí ar luach íseal go luach Náisiúnta agus AE. De réir mar a ardaíonn luach an chonartha, faigheann an próiseas soláthair níos foirmeálta agus níos mionsonraithe.

      Tá ról comhordaithe ag an Rannán Soláthair sa Rannóg Airgeadais chun a chinntiú go mbíonn fócas eagraíochtúil ar dhea-chleachtas i bhfeidhm maidir le soláthar agus nósanna imeachta, go gcinnteofar luach ar airgead agus ardchaighdeán oscailteachta, trédhearcachta agus comhlíontacha le gach treoirlíne agus reachtaíocht maidir le soláthar poiblí.

      Tá beartas soláthair ag an gComhairle chun deiseanna a aithint maidir le comhoibriú agus rannpháirtíocht forghníomhach i dtionscnaimh soláthair phoiblí lena n-áirítear leas a bhaint as Conarthaí Náisiúnta agus Réigiúnacha.

      Barr...

    • Conas is féidir liom a bheith i mo Sholáthróir don Chomhairle?

      Beidh difríochtaí idir an nós imeachta a úsáidfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun tairiscintí a lorg ó Sholáthróirí d'earraí, do sheirbhísí nó d'oibreacha ag brath ar luach an chonartha agus ar thairsí infheidhme agus cibé an bhfuil sin mar chuid de chreat náisiúnta láraithe tarraingthe anuas.

      Is cleachtadh soiléir go maith é "Meastachán a fháil" nuair a bhíonn praghas á lorg chun earraí, seirbhísí nó oibreacha a sholáthar agus bítear furasta a shonrú agus ar luach íseal.

      Is cleachtadh níos foirmeálta agus níos mionsonraithe a bhíonn i gceist le "tairiscint" chun iarratais shéalaithe a fháil do sheirbhísí nó d'oibreacha nuair a bhíonn an luach os cionn tairsí áirithe, beidh na sonraíochtaí mionsonraithe agus beidh feidhm le téarmaí agus coinníollacha speisialta.

      Is Painéal é an Creat Náisiúnta Láraithe atá bunaithe go lárnach d'earraí, do sheirbhísí nó d'oibreacha a bhíonn comónta do gach Earnáil Phoiblí, lena n-áirítear Údaráis Áitiúla.

      Is ionann Etenders agus an suíomh idirlín soláthair poiblí náisiúnta www.etenders.gov.ie agus is saoráid lárnach é chun gach deis soláthair, os cionn agus faoi na tairsí AE, a chur ar taispeáint agus a fhógairt. Foilsíonn an Oifig um Sholáthar Rialtais (OGP) agus an Lárionad Soláthair Oibríochta Rialtais Áitiúil (Comhairle Chontae Chiarraí) gach painéal láraithe (ar a dtugtar Creataí) ar etenders.

      Tá sé ríthábhachtach go mbeadh do chuideachta cláraithe mar Sholáthróir ar www.etenders.gov.ie agus go gcoimeádfaidh tú súil ar an suíomh chun go mbeidh tú ar an eolas faoi dheiseanna tairisceana le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus le heagraíochtaí eile san earnáil phoiblí. Nuair a bhíonn tú ag clárú mar Sholáthróir, cinntigh le do thoil go n-úsáideann tú na cóid CPV cuí (Stór Focal Coiteann don Soláthar Poiblí) do do réimse gnó. Gheobhaidh tú fógra ansin ó etenders nuair a bheidh tairiscintí foilsithe i do réimse gnó.

      Tá an Chomhairle faoi cheangal dlí ag rialacháin agus treoirlínte AE agus náisiúnta agus ní mór dóibh dul i mbun gnó le soláthróirí ar cheann de na slite seo a leanas:

      Cuireadh chun Meastachán agus Tairiscintí a dhéanamh do Chonarthaí ar Luach Íseal

      Cad iad na cineálacha Conarthaí a éilíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe?

      Cad iad na tairsí do Luach na gConarthaí?

      Cá háit a bhfaighidh mé amach faoin gcineál sin conartha?

      Cuireadh chun Meastacháin

      Rachaidh an Chomhairle i mbun próisis nach mbeidh chomh foirmeálta sin de 1 mheastachán ó bhéal nó i scríbhinn ar a laghad a fháil do chonarthaí ar luach íseal ó sholáthróirí creidiúnacha.

       

       

       

      Cuireadh chun Meastacháin

      Féadfaidh an Chomhairle 3 mheastachán i scríbhinn ar a laghad a fháil ó sholáthróirí creidiúnacha

      Cuireadh chun Meastacháin/Tairisceana

      Féadfaidh an Chomhairle 3 mheastachán i scríbhinn ar a laghad a fháil, maidir le conarthaí ar ardluach idir an tairseach seo féadfar Cuireadh chun Tairisceana (ITT) a fhoilsiú i nuachtán áitiúil nó nós imeachta foirmeálta Iarratas ar Thairiscint (RFT) a úsáid ar shuíomh idirlín etenders. Freagraíonn soláthróirí go díreach chuig Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

      Níos lú ná €1,000

      do gach cineál earraí, seirbhísí & oibreacha.

      Idir €1,000 - €6,500

      do gach cineál earraí, seirbhísí & oibreacha

      Idir €6,500- €25,000 do seirbhísí & idir €6,500 - €50,000 do oibreacha.

      Téigh i dteagmháil go díreach le Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun tuilleadh eolais a fháil má bhíonn suim agat meastachán a thabhairt ar mheastacháin ar luach íseal.

      Téigh i dteagmháil go díreach le Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun tuilleadh eolais a fháil má bhíonn suim agat meastachán a thabhairt ar mheastacháin ar luach íseal.

      Fógraí déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe sna nuachtáin áitiúla nó ar www.etenders.gov.ie nó mar atá thuas maidir le meastacháin.

      Cuireadh chun Tairisceana le Tairiscint a dhéanamh ar Chonarthaí Luach Náisiúnta

      Cad iad na cineálacha Conarthaí a éilíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe?

      Cad iad na tairsí do Luach na gConarthaí?

      Cá háit a bhfaighidh mé amach faoin gcineál sin conartha?

      Cuireadh chun Tairisceana

      Nós Imeachta Tairisceana foirmiúil do sholáthairtí earraí agus oibreacha, nuair a ullmhaítear Cáipéis Iarratas ar Thairiscint (TFT) agus nuair a chuirtear in airde í ar www.etenders.gov.ie . Freagraíonn soláthróirí go díreach chuig Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

      Úsáidfidh na Seirbhísí a bhaineann le Soláthar Conarthaí Oibreacha Caipitil agus Oibreacha na Cáipéisí Creata Bainistíochta Oibreacha Caipitil Soláthair Tógála féach www.constructionprocurement.gov.ie chun tuilleadh eolais a fháil ar Sholáthar Tógála.

      Os cionn €25,000

      agus

      os cionn €50,000 do chonarthaí oibreacha (gan CBL san áireamh)

      Fógartha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe tríd an tairseach etenders www.etenders.gov.ie

      Painéil C h reata Náisiúnta Láraithe

      Cad iad na cineálacha Conarthaí a éilíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe?

      Cad iad na tairsí do Luach na gConarthaí?

      Cá háit a bhfaighidh mé amach faoin gcineál sin conartha?

      Bíonn an Oifig um Sholáthar Rialtais (OGP) i bhfeighil Painéil Chreata Láraithe thar ceann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus na hearnála poiblí ar fad. Freagraíonn na soláthróirí go díreach chuig an Oifig um Sholáthar Rialtais. Is féidir tuilleadh mionsonraí a fháil ar shuíomh idirlín OGP www.procurement.ie .

      Os cionn €25,000 Soláthairtí agus Seirbhísí & Os cionn €50,000 oibreacha (gan CBL san áireamh)

      Déanann an Oifig um Sholáthar Rialtais fógraíocht trí thairseach etenders www.etenders.gov.ie

      Is é an Lárionad Oibríochta Straitéiseach Rialtais Áitiúil (LGSOC) i gComhairle Chontae Chiarraí a bhíonn i mbun na bPainéal Creata Láraithe do Ghléasra ar Cíos agus Mionoibreacha Tógála & Sibhialta thar ceann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus na hearnála poiblí ar fad. Freagraíonn na soláthróirí go díreach chuig LGSOC i gComhairle Chontae Chiarraí. Tá tuilleadh eolais le fáil ar www.SupplyGov.ie

      Os cionn €25,000 Soláthairtí agus Seirbhísí & Os cionn €50,000 oibreacha (gan CBL san áireamh)

      Fógartha ag Comhairle Chontae Chiarraí (LGSOC) trí www.etenders.gov.ie (an chéad chéim)

       

      agus mionchomórtais ina dhiaidh sin trí:

      www.SupplyGov.ie go foirmeálta www.Laquotes.ie

      Conarthaí Luach AE

      Maidir le conarthaí níos mó a bhíonn os cionn tairsí AE ní mór do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe fógraí a chur freisin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

      Tá na tairsí sin léirithe ar http://simap.europa.eu

      www.etenders.gov.ie agus http://ted.europa.eu.

       

      Barr...

 

  • Cá háit a mbeidh fáil agam ar Chonarthaí a Bronnadh le déanaí?

    Conarthaí os cionn €10k a bhronntar ar ICT agus os cionn €25k do Chonarthaí eile.

    Barr...

  • Bí i dteagmháil linn

    Má theastaíonn tuilleadh eolais uait maidir le soláthar, bí i dteagmháil linn le do thoil ag:

    An Rannán Soláthair,

 

 

 

  • An Rannóg Airgeadais,

 

Halla na Cathrach,

Bóthar an Choláiste

Gaillimh,

Ar an teileafón: 091-536400 nó seol ríomhphost chuig karen.odonnell@galwaycity.ie

Barr...