An Scéim Cheannaigh ag Tionóntaí

Athruithe ar Scéim Ceannaigh (Incriminteach) ag Tionóntaí ag teacht ar 1 Feabhra 2022.

Déan teangmháil ar an oifig le haghaigh sonraí faoi na hathruithe.

  • Cén chaoi a n-oibríonn sé?

    Faoin scéim seo, is féidir leat iarratas a chur isteach chuig Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun do theach údaráis áitiúil a cheannach. Má cheadaítear sin, caithfidh tú fanacht i do chónaí sa teach a fhaide is atá sé faoi d'úinéireacht. Gheobhaidh tú lascaine ar phraghas an tí bunaithe ar d'ioncam.

    Cuirfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe táille i bhfeidhm freisin ar do theach darb ainm 'táille cheannaigh incrimintigh'. Beidh an táille seo cothrom leis an lascaine a gheobhaidh tú ar phraghas an tí. Fanfaidh an táille i bhfeidhm ar feadh 20, 25 nó 30 bliain (bunaithe ar an lascaine atá tugtha). Gach bliain, déanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe laghdú 2% ar an táille. Faoi dheireadh 20, 25 nó 30 bliain, ní bheidh aon chostas ag baint leis an táille fad is a chloífidh tú le téarmaí agus coinníollacha na scéime.

    Is féidir leat do theach a athdhíol aon am is mian leat, má ghlacann Comhairle Cathrach na Gaillimhe leis an gcinneadh. Má dhíolann tú an teach roimh dheireadh 20, 25 nó 30 bliain, áfach, beidh ort luach na táille ar do theach a aisíoc le Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

    Barr...

  • An féidir liom iarratas a chur isteach?

    Is féidir leat iarratas a chur isteach ar an scéim má shásaíonn tú na critéir seo a leanas:

    • Airgeadas - tá an t-airgeadas riachtanach agat chun an réadmhaoin a cheannach (via maoiniú/airgead taisce féin nó cead morgáiste le banc/institiúid iasachta)
    • Tacaíocht Tithíochta Sóisialta - caithfidh go bhfuair tú tacaíocht tithíochta sóisialta ar feadh 10 mbliana ar a laghad.
    • Ioncam - ní mór ioncam bliantúil de €12,500 a bheith agat, cuid dó a chaithfidh teacht ó ioncam fostaíochta.
    • Iompar frithshóisialta - ní féidir le duine atá ina c(h)ónaí i do theach a bheith i mbun iompair frithshóisialta
    • Riaráistí - ní fhéadtá a bheith ar gcúl le do chíos nó le táillí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar feadh níos mó ná 12 seachtain le trí bliana anuas. Más rud é go raibh tú ar gcúl ag am éigin, ní mór socrúchán íocaíochta a bheith déanta agat le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus an socrúchán sin a leanúint. Glacfar le d'iarratas, ach ní dhéanfar é a phróiseáil go dtí go nglanfar na riaráistí ar fad.
    • Ní fhéadfaidh go raibh teach ceannaithe faoi scéim cheannaigh tionónta roimhe seo
    • Táillí uisce - ní mór do tháillí uisce a bheith íoctha agat

    Chun tuilleadh eolais a fháil ar an scéim féach ar an leabhrán faoi iamh

    Leabhrán Faisnéise Ceannaigh Tionónta

    Is féidir foirm iarratais chun do theach a cheannach a íoslódáil anseo

    Foirm Iarratais Scéim Cheannaigh (Incrimintigh) Tionónta 2016

    Teagmháil : Roinn Cheannaigh Tionónta

    Ríomhphost : housing@galwaycity.ie nó is féidir litir a scríobh chuig -

    Roinn Cheannaigh Tionónta,
    Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
    Halla na Cathrach,
    Bóthar an Choláiste,
    Gaillimh

    Barr...