Cothabháil Tithe

  • Is Tionónta Tithíochta de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe mé. Cé leis ar cheart dom teagmháil a dhéanamh maidir le cothabháil / deisiú an tí?

    Tá Rannán na Cothabhála Tithe de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe freagrach as go leor oibreacha deisiúcháin, ach níl an Rannóg freagrach astu ar fad.

    Sa Lámhleabhar do Thionóntaí ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, tugtar liosta iomlán de na hoibreacha cothabhála a dhéanann Comhairle Cathrach na Gaillimhe, mar aon leis na freagrachtaí atá ar an tionónta.

    Má bhíonn ceist ar bith agat maidir le deisiú agus cothabháil, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Rannán Cothabhála ag 091 536849 nó ríomhphost a chur chuig housing@galwaycity.ie

    Déantar gach iarratas agus gearán maidir le cothabháil a aicmiú mar seo a leanas:

    • Oibreacha Éigeandála:
      Deisiú a dhéantar i gcás ina bhféadfaí dochar a dhéanamh do shaol an duine. Mar shampla, bosca fiúsanna a bhfuil deatach ag teacht as, soicéad lochtach, tíleanna ag titim den díon.

    • Oibreacha Práinneacha:
      Deisiú a dhéantar go tapa chun dochar don teach a sheachaint. Mar shampla, píobán uisce ag sileadh, gan aon uisce ag teacht ón sconna, píobán pléasctha

    • Gnáth-Oibreacha:
      Deisiú ar mheán-tosaíocht. Mar shampla, cúlteallaigh a athsholáthar, córas teasa lochtach

    • Oibreacha Timthriallacha:
      Oibreacha ar thosaíocht íseal arb éifeachtaí déileáil leo gach 5-7 mbliana faoin gclár cothabhála timthriallach. Mar shampla, gáitéir atá ag sileadh uisce, éadanchlár atá ag lobhadh.

    Barr...

  • Cé na príomhfhreagrachtaí atá ar thionóntaí tithíochta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe?

    • Dóiteán:

      I gcás dóiteáin, ba cheart glaoch ar na seirbhísí éigeandála ar an bpointe boise ar 999 nó ar 112.

    • Gás:

      Má fhaigheann tú boladh gáis, ba cheart duit scéala a chur láithreach bonn chuig Líonraí Gáis Éireann ar 1850 20 50 50

      Tá an fhreagracht ar an tionónta na brathadóirí teasa/dóiteáin agus aonocsaíde carbóin a athsholáthar nó a dheisiú.

      Breathnaigh ar an sliocht ar Shábháilteacht ó Dhóiteán sa Teach sa Lámhleabhar do Thionóntaí ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe – leathanaigh 30-37.

    • Brathadóirí Aonocsaíde Carbóin:

      Moltar duit brathadóir aonocsaíde carbóin a shuiteáil. Bíonn brathadóirí ar díol i bhformhór na siopaí Déan Féin É.

    • Árachas:

      Cuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe árachas ar struchtúr na dtithe ar fad a ligtear ar cíos.

      Moltar go láidir do thionóntaí árachas a fháil ar an méid atá acu sa teach.

    • Do Theach a Chosaint:

      Is féidir le tionóntaí roinnt céimeanna simplí a ghlacadh chun cur le cúrsaí slándála ina dteach féin. Breathnaigh ar shleachta sa Lámhleabhar do Thionóntaí ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe – leathanach 37.

    • Loitiméireacht ar do theach

      Tá an tionónta freagrach as aon damáiste toiliúil nó mailíseach a dheisiú. Má thugann an Chomhairle faoi oibreacha deisiúcháin chun damáiste den sórt sin a dheisiú, gearrfar costas an deisithe sin ar an tionónta. Tá an tionónta freagrach as oibreacha deisiúcháin a dhéanamh ar dhoirse, ar fhuinneoga, ar dhaingneáin agus ar fheistis an áitribh mar thoradh ar scrios nó ar dhamáiste de bharr buirgléireachta, briseadh isteach, gadaíochta nó gada.

      Má bhristear isteach i do theach, ba cheart duit an scéal a thuairisciú do na Gardaí.

    • Córas teasa

      Déanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe oibreacha deisiúcháin agus seirbhísithe ar an gcóras teasa.

      Tá an tionónta freagrach as aerbhaic sa chóras teasa a ghlanadh.

      Ba cheart do thionóntaí an simléar a ghlanadh faoi dhó sa bhliain ar a laghad, agus an sorn a ghlanadh uair sa tseachtain.

      * Tá nótaí tábhachtacha leis seo a bhaineann le soirn bhreosla sholadaigh a úsáid
      * Sliocht as lámhleabhar na dtreoracha oibriúcháin do shoirn bhreosla sholadaigh de chuid Stanley.

      1. Aeráil / Caonach / Taise:

      Ní mór do thionóntaí a chinntiú go bhfuil an mhaoin aeraithe mar is ceart, mar shampla go n-osclaítear fuinneoga, go gcuirtear fean ar siúl.

      Ní mór gaothairí aeir a choimeád saor ó bhac an t-am ar fad. Níl cead gaothairí a bhlocáil.

      Ba cheart spotaí fáis caonaigh a ní agus an limistéar sin a steiriliú. Is féidir lacht steirilithe éifeachtach a dhéanamh ach aon pháirt tuarthóra a mheascadh le ceithre pháirt uisce.

      Breathnaigh ar leathanach 48-51 den Lámhleabhar do Thionóntaí ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

      2. Athruithe:

      (a) Níl cead aon athrú leictreach, pluiméireachta ná struchtúrtha a dhéanamh.

      Gearrfar táille ar an tionónta as aon athruithe den sórt sin a dheisiú.

      (b) Níl cead an córas teasa a thiontú.

      (c) Níl cead aon síneadh ná athrú a dhéanamh.

      3. Méadair Réamhíocaíochta a shuiteáil:

      Ní cheadaíonn nó ní ghlacann Comhairle Cathrach na Gaillimhe le méadair réamhíoctha do sholáthairtí leictreachais nó gáis a chur isteach i dtithe.

      4. An córas teasa a athrú:

      Iarrtar go minic ar an gComhairle Contae an córas teasa lárnaigh sna tithe a athrú, mar shampla córas ola a athrú ina chóras bhreosla sholadaigh i gcásanna áirithe etc. Tá buntáistí ag baint le gach cineál córais teasa ag brath ar an láthair, ar an gcineál tí, ar na cúinsí agus ar roghanna na dtionóntaí. Mar sin féin, níl sé éifeachtach ó thaobh costas de ná inbhuanaithe go geilleagrach don Chomhairle glacadh leis na hiarratais sin, agus tá mar pholasaí ag an gComhairle gan córais teasa a athrú.

      5. Cásanna éigeandála:

      Má tharlaíonn cás éigeandála lasmuigh de na gnáthuaireanta oscailte, is féidir le tionóntaí glaoch ar 091 536400 chun cás éigeandála a thuairisciú. Déanfaidh an tSeirbhís Éigeandála taobh amuigh d’uaireanta gnó de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe socrú chun go bhfreagróidh na comhaltaí foirne ábhartha ar an éigeandáil. Ní fhreagrófar ar fhadhbanna ach amháin murar féidir fanacht go dtí an lá oibre ina dhiaidh chun an obair riachtanach a dhéanamh. Coimeádann an Rannóg Tithíochta an ceart aici féin a chinneadh céard is éigeandáil ann ar féidir freagairt di lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre.

      Breathnaigh ar leathanach 39 den Lámhleabhar do Thionóntaí ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe

    • Deisiúcháin – Freagrachtaí na dTionóntaí

      Chun eolas a fháil faoi dheisiúcháin agus faoi fhreagrachtaí tionóntaí, breathnaigh ar leathanaigh 23-29 den Lámhleabhar do Thionóntaí ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe

      Má tá an tionónta freagrach as oibreacha deisiúcháin a dhéanamh, is gá conraitheoir cáilithe a fháil chun an obair a dhéanamh. Má dhéanann conraitheoir dá leithéid an obair sin in áitreabh de chuid na Comhairle, is gá na sonraí seo a leanas maidir leis an gconraitheoir a sheoladh chuig an Rannán Cothabhála Tithe mar aon le cur síos gearr ar an obair a rinneadh.

      (a) Ainm agus Seoladh an Chonraitheora/an tSoláthraí

      (b) Deimhniú Imréitigh Cánach

      (c) Sonraí Árachais

      Cothabháil Tithe
      Comhairle Cathrach na Gaillimhe
      Halla na Cathrach
      Bóthar an Choláiste
      Gaillimh
      Ríomhphost: housing@galwaycity.ie

    Barr...

  • Cén chaoi ar cheart dom cothabháil/deisiú a iarraidh don teach?

    Iarr oibreacha deisiúcháin/cothabhála don teach.

    De rogha air sin, déan teagmháil leis an Rannóg Cothabhála Tithe mar seo a leanas:

    Teileafón 091 536849, 9am go 5pm, Luan go hAoine.
    Ríomhphost Housing@galwaycity.ie
    An Cuntar Tithíochta: 9.30am go 1.00pm, Luan go hAoine i Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.

    Barr...