Cíosanna Tithíochta

    • Cén chaoi a ndéantar Cíosanna Tithíochta a ríomh?

      Tá cíosanna tithíochta Comhairle bunaithe ar chóras ar a dtugtar 'cíosanna difreálacha'. Bíonn an méid cíosa a íocann tú ag brath ar ioncam iomlán do theaghlaigh. Má thagann ardú ar d'ioncam, ardófar do chíos. Má thagann laghdú ar d'ioncam, laghdófar do chíos dá réir.

      Bíonn cíos á ríomh bunaithe ar an Scéim reatha Cíosanna Difreálacha, mar seo a leanas:

      • Deimhnítear céard é an t-ioncam tí is inmheasúnaithe.

      • Déantar cíos seachtainiúil a ríomh mar 17% den ioncam tí inmheasúnaithe.

      • Baintear ar shiúl €5 as gach cleithiúnach linbh agus as gach cleithiúnach pinsinéara seanaoise sa líon tí.

      • Baintear ar shiúl €5 as gach duine atá ag fáil liúntas míchumais.

      Íoslódáil Scéim Cíosanna Difreálacha Chomhairle Cathrach na Gaillimhe

      Barr...

    • Céard is Ioncam Inmheasúnaithe ann?

      Áirítear le hioncam inmheasúnaithe ioncam ó na foinsí seo a leanas:

      (a) Ioncam ó fhostaíocht, féinfhostaíocht san áireamh

      (b) Ioncam ó íocaíochtaí árachais shóisialta agus ó íocaíochtaí cúnaimh shóisialta, ó liúntais agus ó liúntais oiliúna

      (c) Ioncam ó phinsin

      (d) Ioncam cíosa agus ioncam eile ó thalamh nó maoin

      (e) Íocaíochtaí cothabhála, bíodh comhshocrú foirmiúil nó neamhfhoirmiúil i gceist nó bíodh gnáthnamh trí Ordú Cúirte nó eile i gceist.

      Ioncam nach mbíonn san áireamh in ioncam inmheasúnaithe :

      (a) Íocaíochtaí ón Roinn Coimirce Sóisialaí maidir leis na nithe seo a leanas:

      • (i) Sochar linbh
      • (ii) An íocaíocht chaomhnóra
      • (iii) Íocaíochtaí um riachtanais eisceachtúla
      • (iv) An liúntas cúraim bhaile
      • (v) An liúntas cothúcháin
      • (vi) Fordheontais chíosa agus úis mhorgáiste
      • (vii) Íocaíochtaí faoin scéim bhreosla
      • (viii) An liúntas maireachtála aonair
      • (ix) An liúntas do dhaoine thar 80 bliain d'aois
      • (x) An pacáiste sochair teaghlaigh
      • (xi) An liúntas éadaí agus coisbhirt don scoilbhliain nua.

      (b) An méid sa bhreis ar an ráta tagartha íocaíochtaí (is é sin, an bunráta leasa shóisialaigh) íoctha ag an Roinn Coimirce Sóisialta maidir leis na nithe seo a leanas:

      • (i) An liúntas do chúramóirí
      • (ii) An scéim náisiúnta intéirneachtaí
      • (iii) Scéim TUS
      • (iv) An scéim shóisialta tuaithe
      • (v) An scéim fostaíochta pobail
      • (vi) An scéim ógtheagmhála agus oiliúna
      • (vii) Scéim tairsí gníomhachtaithe saothair na n-údarás áitiúil
      • (viii) An liúntas chun filleadh ar an oideachas
      • (ix) Scéimeanna oiliúna gairme agus oideachais curtha ar fáil ag an stát.

      (c) Íocaíochtaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte maidir leis na nithe seo a leanas:

      • (i) An liúntas cúraim altrama
      • (ii) An liúntas um leas na ndall
      • (iii) An liúntas luaineachta
      • (iv) An pacáiste cúraim bhaile
      • (v) Íocaíochtaí lóistín
      • (vi) Maoiniú pearsanaithe ó dheontas i gcabhair faoi chomhshocrú seirbhíse saincheaptha don duine aonair.

      (d) Íocaíochtaí ón Roinn Oideachais agus Scileanna nó ó scéimeanna maoinithe ag an Roinn sin maidir leis na nithe seo a leanas:

      • (i) Deontais do mhic léinn
      • (ii) An scéim teagaisc bhaile.

      (e) Na híocaíochtaí ilghnéitheacha seo a leanas:

      • (i) íocaíochtaí ó eagrais charthanachta, is é sin forais a dhéanann a gcuid gníomhaíochtaí ar chúiseanna nach cúiseanna brabúis iad (údaráis phoiblí agus áitiúla as an áireamh) agus ar cúnamh a thabhairt do dhaoine a bhfuil sé uathu trí dheontais airgid a thabhairt dóibh ceann de na feidhmeanna atá acu
      • (ii) íocaíochtaí déanta i mballstát eile de chuid an AE a bhaineann le leas do leanaí
      • (iii) íocaíochtaí faighte mar liúntas oiliúna agus cúrsa oiliúna athshlánaithe ar siúl le heagras faofa ag an Aire Sláinte, agus
      • (iv) scoláireachtaí chun freastal ar chúrsaí faofa curtha ar fáil ag institiúidí faofa, de réir bhrí ailt 8 agus 7 den Acht um Thacaíocht do Mhic Léinn, arna leasú
      • (v) Sa chás ina bhfuil costais chothabhála á n-íoc ag tionónta de bhun ordú cúirte nó comhshocraithe atá ina cheangal dlí, agus ina gcuireann sé nó sí cruthúnas ar fáil go bhfuil an íocaíocht á déanamh ar bhonn bliantúil, nó nuair a iarrtar an cruthúnas sin, ní ghlacfar an ghné sin den ghlanioncam san áireamh.

      Tugtar ar aird, sa chás inar lú an t-ioncam dearbhaithe ná an ráta leasa shóisialaigh is infheidhme maidir le comhdhéanamh an teaghlaigh, déanfar cíos a mheasúnú bunaithe ar an ráta leasa shóisialaigh.

      Barr...

    • Céard é an cíos tithíochta is lú atá iníoctha?

      €32.00 in aghaidh na seachtaine an t-íosmhéid cíosa is iníoctha.

      Barr...

    • Céard é an cíos tithíochta is mó atá iníoctha?

      Níl aon uasmhéid cíosa ann.

      Sa chás ina mbeidh ardú cíosa ann atá níos mó ná 50% den chíos atá á ghearradh cheana féin, déanfar an t-ardú a chaidhpeáil ag 50% den chíos atá á ghearradh cheana féin. Sa chás inar duine fásta theacht isteach sa líon tí as an nua an chúis atá leis an ardú cíosa, áfach, níl feidhm le riail an ardaithe uasta.

      Barr...

    • Tá áititheoir nua sa teach ina bhfuil cónaí orm. An gá dom é sin a chur in iúl do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe?

      Is gá.

      Má thagann aon athrú ar chúinsí an líon tí, ní mór duit an méid sin a chur in iúl don Rannóg Tithíochta, agus na cáipéisí cuí a chur chucu, ionas gur féidir do chíos a leasú.

      Más mian leat duine nua a chur san áireamh sa chíos a íocann tú ar d’áit chónaithe, ní mór duit cead a iarraidh chun déanamh amhlaidh. Is sárú ar do chomhaontú tionóntachta é gan déanamh amhlaidh agus d’fhéadfadh gníomh forfheidhmiúcháin teacht as.

      Chun an Chomhairle a chur ar an eolas, ní mór duit na foirmeacha seo a leanas a líonadh isteach:

      Ba cheart an dá fhoirm a sheoladh chuig:

      An Rannán Tithíochta,
      Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
      Halla na Cathrach,
      Bóthar an Choláiste,
      Gaillimh

      Barr...

    • Tá athrú tagtha ar m’ioncam. An gá dom Comhairle Cathrach na Gaillimhe a chur ar an eolas faoi?

      Is gá. Má thagann aon athrú ar ioncam an líon tí, caithfidh tú an méid sin a chur in iúl don Rannóg Tithíochta agus na cáipéisí cuí a chur chucu ionas gur féidir do chíos a leasú.

      Mura ndéanfaidh tú amhlaidh, féadfar riaráiste a chur i bhfeidhm ar do chuntas agus d’fhéadfaí rabhadh do thionóntaí a eisiúint.

      Barr...

    • Cén chaoi a n-íocaim an cíos?

      Agus do chíos á íoc nó má bhíonn ceist agat maidir le do chíos, bí cinnte d’uimhir custaiméara a bheith in aice láimhe chun cabhrú linn do cheist a fhreagairt ar bhealach níos éifeachtúla.

      Cuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe réimse leathan modhanna íocaíochta ar fáil dá tionóntaí.

      Íoc ar líne

      Is féidir le custaiméirí tithíochta a gcíos tithíochta a íoc ar líne le huimhir aitheantais phearsanta thiomnaithe agus uimhir a gcuntais cíosa tithíochta.

      Más é seo an chéad uair duit an cíos a íoc ar líne, caithfidh tú uimhir aitheantais phearsanta a fháil ó: accountsreceivable@galwaycity.ie

      Seolfar uimhir aitheantais phearsanta chugat sa phost laistigh de dhá lá oibre. Nuair a bheidh uimhir aitheantais phearsanta faighte agat, beidh ar do chumas dul ar líne agus do chíos tithíochta a íoc. Beidh an uimhir aitheantais phearsanta a sheolfar chugat ag teastáil gach uair is mian leat íoc as do chíos tithíochta ar líne.

      Tabhair faoi deara gurb é €10 an t-íosmhéid is féidir a íoc ar líne.

      Má tá uimhir aitheantais phearsanta agat cheana féin agus má theastaíonn uait an cíos tithíochta a íoc ar líne, cliceáil anseo.

      An bhfuil dearmad déanta agat ar an uimhir aitheantais phearsanta?
      Má tá dearmad déanta agat ar d’uimhir aitheantais phearsanta le haghaidh íocaíochtaí ar líne, déan teagmháil leis an Rannóg Airgeadais ar 091 536437 agus tabhair d’Uimhir Chuntais Custaiméara agus do sheoladh.

      Scéim Bhuiséadta Teaghlaigh

      Cabhraíonn an Scéim Bhuiséadta Teaghlaigh leo siúd a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe in Éirinn chun costas billí tí áirithe (lena n-áirítear íocaíochtaí cíosa leis an údarás áitiúil) a roinnt thar thréimhse bliana. Faoin scéim sin, baintear méid seasta as d’íocaíocht leasa shóisialaigh gach seachtain.

      Bíonn an scéim á feidhmiú ag An Post agus, le bheith incháilithe, ní mór go mbeadh íocaíocht leasa shóisialaigh áirithe á fáil agat agus ní mór duit an íocaíocht a fháil tríd an oifig phoist áitiúil. Tá an Scéim Bhuiséadta Teaghlaigh saor in aisce.

      Breathnaigh ar shonraí breise faoin Scéim Bhuiséadta Teaghlaigh.

      Íoslódáil Treoir agus Foirm Iarratais na Scéime Buiséadta Teaghlaigh.

      Buanordú

      Is féidir leat buanordú ó do chuntas bainc a shocrú.

      Íoslódáil Foirm Iarratais do Bhuanordú

      An Post

      Is féidir le Comhairle Cathrach na Gaillimhe cárta BillPay a eisiúint duit agus is féidir an cárta sin a úsáid chun do chíos a íoc in oifig phoist nó in ionad Postpoint ar bith.

      An Oifig Airgid

      Is féidir leat do chíos a íoc san Oifig Airgid i Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste. Bíonn an oifig ar oscailt idir 9.00am. agus 4.00pm, Luan go hAoine.

      Barr...

  • Tá mé tite i riaráistí nó tá deacracht agam an cíos a íoc. Céard ba cheart dom a dhéanamh?

    Riaráiste cíosa

    Má tá deacracht agat do chíos a íoc nó má tá do chuntas tite i riaráistí, molaimid duit dul i dteagmháil le Rialtóir Riaráiste sa Rannóg Airgeadais i gComhairle Cathrach na Gaillimhe chomh luath agus is féidir ar 091 536400.

    Oibreoidh an Fhoireann Riaráiste Cíosa i gcomhar leat chun teacht ar shocrú le cabhrú leat do riaráiste cíosa a íoc.

    Má theipeann ar iarrachtaí na Rannóige Tithíochta agus an Rialtóra Riaráiste, beidh ar chumas na Comhairle Cathrach dul i muinín caingean dlí. Is féidir Fógra Fágála a eisiúint, rud a éilíonn go dtabharfaí an mhaoin ar ais don Chomhairle. Ina dhiaidh sin, is féidir leis an gcúirt dúiche foraithne a dhéanamh chun seilbh a ghlacadh ar an maoin.

    Seirbhís faoi rún atá saor in aisce is ea an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (MABS) le haghaidh daoine in Éirinn a bhfuil fadhbanna fiachais agus bainistíochta airgid acu.

    D’fhéadfaí go mbeadh fadhbanna fiachais agus airgid ag duine ar bith ó chúlra ar bith, agus tá oiliúint iomlán ar fhoireann na Seirbhíse Buiséadta agus Comhairle Airgid chun cabhrú leo. Cuirtear an tseirbhís ar fáil sa 52 oifig de chuid na Seirbhíse Buiséadta agus Comhairle Airgid atá lonnaithe ar fud na tíre.

    Cuirtear na seirbhísí seo a leanas de chuid na Seirbhíse Buiséadta agus Comhairle Airgid ar fáil i gCo. na Gaillimhe.

    Seirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (MABS) Dheisceart na Gaillimhe

    An 3ú hUrlár, The Halls
    Sráid na Céibhe
    Gaillimh
    Teil: 0761 07 2570
    Ríomhphost: galway@mabs.ie
    Suíomh gréasáin: www.mabs.ie
    Uaireanta oscailte: Luan go Déardaoin, 9.30am - 1.00pm agus 2pm - 5.30pm / Aoine 9.30am - 1pm agus 2pm - 5pm

    Barr...