Cead Craenach/Crocháin/Cliabháin Ardaithe

  • An dteastaíonn cead uaim chun craein/crochán/cliabhán ardaithe a chur in airde?

    Teastaíonn cead chun craein/crochán/cliabhán ardaithe soghluaiste a chur in airde ar bhóthar poiblí nó ar chosán a chothabhálann Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

    Barr...

  • Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas ar chead craenach/crocháin/cliabháin ardaithe?

    Más mian leat craein/crochán/cliabhán ardaithe a chur in airde ar bhóthar poiblí nó ar chosán, caithfidh tú foirm iarratais a chomhlánú.

    Is féidir an fhoirm iarratais a íoslódáil ón nasc thuas nó teagmháil a dhéanamh le:

    An Rannán Bóithre,
    Iompar, Bonneagar, Caitheamh Aimsire agus Conláiste,
    Comhairle Cathrach na Gaillimhe
    Fortheach na Scoile Graiméir,
    Bóthar an Choláiste,
    Gaillimh


    Teileafón: 091 536400
    Facs: 091 894357
    Ríomhphost: roads@galwaycity.ie

    Ba cheart an fhoirm iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ais chuig an Rannán Bóithre, ag an seoladh thuas, tríd an bpost, ar facs nó go pearsanta chuig an gcuntar poiblí (9.00am go 4.00pm, Luan go hAoine).

    Cinntigh go mbíonn an cháipéisíocht chuí ar fad agus an táille chuí leis an bhfoirm iarratais, mar a leagtar amach ar an bhfoirm iarratais.

    Barr...

  • Cá fhad a thógann sé foirmeacha iarratais a cheadú?

    • Craein Shoghluaiste – cúig seachtaine ar a laghad.
    • Crochán/Cliabhán Ardaithe – trí lá ar a laghad.

    (Seachas an deireadh seachtaine agus laethanta saoire poiblí)

    Barr...

  • An mbaineann táille le craein/crochán/cliabhán ardaithe a chur in airde?

    Tá na táillí seo a leanas i bhfeidhm:

    Táille iarratais (neamh-in-aisíoctha):
    €100.00

    Spás Páirceála Íoctha Amháin ar Fionraí más infheidhmithe – (neamh-in-aisíoctha) (i rith uaireanta feidhme – níl sé infheidhmithe taobh amuigh d’uaireanta feidhme):
    €20 in aghaidh an lae nó cuid de lá [más in uaireanta].

    Barr...

  • An gá dom banna a íoc?

    D’fhéadfadh banna a bheith ag teastáil ag brath ar an gcineál oibre atá ar siúl. Má bhíonn ualach trom le hiompar lód, téigh i dteagmháil leis an Rannán Bóithre sa Rannóg Iompair, Bonneagair, Caitheamh Aimsire agus Conláiste lena fháil amach an mbeidh banna ag teastáil.

    Éarlais In-aisíoctha (chun damáiste a rinneadh do dhromchla pábhálacha a dheisiú):
    Craein: €1,000
    Crochán/Cliabhán Ardaithe: €500

    D’fhéadfaí táillí breise a ghearradh nuair a dhéantar breith ar an iarratas.

    Barr...

  • Céard iad na modhanna íocaíochta?

    Is féidir íocaíocht a dhéanamh le hairgead tirim, le seic nó le cárta creidmheasa ag an oifig airgid, Halla na Cathrach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.

    Barr...