Ceadúnais Pháirceála

  • Tá mé i mo chónaí i gCathair na Gaillimhe; an féidir liom cead a fháil le páirceáil ar an tsráid sa cheantar ina gcónaím?

    Is féidir. Féadfaidh an Chomhairle Cathrach ceadanna páirceála a eisiúint chun daoine ar ‘Cónaitheoirí’ i Limistéir Íoc agus Taispeáin iad a éascú.

    Féadfaidh cónaitheoirí incháilithe iarratas a dhéanamh ar na cineálacha cead páirceála seo a leanas:

    Barr...

Cead Cónaitheora

  • Céard é cuspóir an Cheada Páirceála Cónaitheora agus an próiseas iarratais chun é a fháil?

    Féadfaidh cónaitheoirí i limistéar Íoc agus Taispeáin iarratas a dhéanamh ar Chead Páirceála Cónaitheora, a cheadaíonn dóibh páirceáil sa limistéar sainithe Íoc agus Taispeáin trí chead páirceála cónaitheora a thaispeáint ar a bhfeithicil.

    Is é cuspóir an cheada cónaitheora páirceáil ar an tsráid a chur ar fáil do theaghlaigh ag an seoladh cónaitheach lena mbaineann.

    Is éard is ‘Cónaitheoir’ ann:

    • Úinéirí Maoine
    • Daoine a bhfuil Maoin ar Cíos acu
    • Daoine a chónaíonn i maoin nach leo agus nach bhfuil ar cíos acu

    An Próiseas Iarratais:

    Ní mór gach cuid den fhoirm iarratais seo a líonadh go hiomlán mar aon leis na cáipéisí seo a leanas:

    • Cruthúnas Cónaitheachta e.g. bille fóntais reatha i d’ainm ag an seoladh a thugtar ar an iarratas (Billí Fóntais cosúil le Leictreachas, Bord Gáis, Eircom, UPC/SKY, Ráiteas Bainc, Cárta Creidmheasa, Comhar Creidmheasa) a eisíodh le trí mhí anuas. Tabhair faoi deara nach nglactar le billí gutháin tráchtála ná soghluaiste mar chruthúnas cónaitheachta. 

      Tabhair faoi deara:
      Maoin ar Cíos:
      Má tá maoin ar cíos agat, beidh cóip de do chomhaontú tionóntachta nó litir ón mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha a dheimhníonn gur tionónta thú ag an seoladh lena mbaineann an t-iarratas ag teastáil.

      Cónaitheoir: Murar Úinéir ná Duine le Maoin ar Cíos thú, beidh cóip de Ráiteas Bainc nó Teastas Cáin Ioncaim ag teastáil lena chruthú go cónaíonn tú ag an seoladh a luadh.

    • Cóip de do Theastas Árachas Mótair in ainm an iarrthóra ag an seoladh a luadh ar an bhfoirm iarratais.
    • Ba cheart táille €30 a íoc leis an gComhairle tar éis go bhfaomhtar d’iarratas.

    Ba cheart iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ais chuig:

    An Rannán Tráchta,
    Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
    Halla na Cathrach,
    Bóthar an Choláiste,
    Gaillimh

    Bíonn cead páirceála cónaitheora bailí ar feadh bliain amháin, agus ina dhiaidh sin, caithfidh tú d’iarratas ar chead páirceála a athnuachan le leanúint ar aghaidh ag páirceáil sa limistéar Íoc agus Taispeáin.

    Barr...

  • Cén chaoi a ndéanfaidh mé athnuachan ar mo chead páirceála cónaitheora?

    Caithfidh cónaitheoirí a gceadanna páirceála a athnuachan go bliantúil.

    Murar athraigh sonraí d’fheithicle agus do sheolta féadfaidh tú do Chead Páirceála cónaitheora a athnuachan mar seo a leanas:

    Ní mór gach cuid den fhoirm iarratais seo a líonadh go hiomlán mar aon leis na cáipéisí seo a leanas:

    • Cruthúnas Cónaitheachta e.g. bille fóntais reatha i d’ainm ag an seoladh a thugtar ar an iarratas (Billí Fóntais cosúil le Leictreachas, Bord Gáis, Eircom, UPC/SKY, Ráiteas Bainc, Cárta Creidmheasa, Comhar Creidmheasa) a eisíodh le trí mhí anuas. Tabhair faoi deara nach nglactar le billí gutháin tráchtála ná soghluaiste mar chruthúnas cónaitheachta.

      Tabhair faoi deara:
      Maoin ar Cíos:
      Má tá maoin ar cíos agat, beidh cóip de do chomhaontú tionóntachta nó litir ón mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha a dheimhníonn gur tionónta thú ag an seoladh lena mbaineann an t-iarratas ag teastáil.

      Cónaitheoir: Murar Úinéir ná Duine le Maoin ar Cíos thú, beidh cóip de Ráiteas Bainc nó Teastas Cáin Ioncaim ag teastáil lena chruthú go cónaíonn tú ag an seoladh a luadh.

    • Cóip de do Theastas Árachas Mótair in ainm an iarrthóra ag an seoladh a luadh ar an bhfoirm iarratais.
    • Táille athnuachana €30

    Seol na hiarratais chomhlánaithe chuig:

    Seirbhísí do Chustaiméirí,
    Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
    Halla na Cathrach,
    Bóthar an Choláiste,
    Gaillimh.

    Seol ríomhphost chuig: customerservice@galwaycity.ie

    Barr...

  • Tá cead páirceála cónaitheora agam agus tá m’fheithicil athraithe agam, an dteastaíonn cead nua uaim?

    Teastaíonn, is gá cead nua a eisiúint le huimhir chlárúcháin na feithicle nua.

    Chun do chead a nuashonrú

    • Comhlánaigh Foirm Dhearbhaithe um Athrú Feithicle
    • Seol isteach cóip de do Theastas Árachas Mótair i d’ainm, ina leagtar amach uimhir chlárúcháin na feithicle nua agus an seoladh lena mbaineann do chead.
    • Seol an cead páirceála cónaitheora ar ais leis an seanchlárúchán feithicle.
    • Íoc táille €30 as an gcead nua.

    Barr...

Cead cuairteora

  • Is cónaitheoir mé i limistéar Íoc agus Taispeáin; cén áit ar féidir le cuairteoirí ar m’áit chónaithe páirceáil?

    Tá gach Cónaitheoir i Limistéar Íoc agus Taispeáin i dteideal iarratas a dhéanamh ar Cheadanna Cuairteora. Ceadaíonn Cead Cuairteora do chuairteoirí páirceáil i limistéir Íoc agus Taispeáin in aice le seoladh an chónaitheora.

    Barr...

  • Teidlíocht – Líon na gCeadanna Cuairteora:

    Nuair a fhaomhtar ceadanna cuairteora do chónaitheoir tá an cónaitheoir i dteideal 52 cead cuairteora in aghaidh na bliana agus tá teorainn iomlán 104 cead in aghaidh an aonaid tithíochta i bhfeidhm.

    Barr...

  • Costas na gCeadanna Cuairteora

    Cosnaíonn Cead Cuairteora €2.50 agus díoltar iad i mbloic de 4 cinn ar chostas €10.

    Barr...

  • Coinníollacha Úsáide – Ceadanna Cuairteora

    • Caithfear an diosca a úsáid in áit pháirceála Íoc agus Taispeáin sna sráideanna/criosanna ainmnithe ar an diosca páirceála. Níl sé bailí le húsáid in aon limistéar Íoc agus Taispeáin eile.
    • Caithfidh an cuairteoir an bhliain, an mhí, an lá, an uair agus an nóiméad (go dtí an cúig nóiméad is gaire) gur mian leis an gcuairteoir tosú ag páirceáil a chur in iúl trí na painéil chuí a nochtadh. Caithfidh na painéil a nochtfar a bheith soléite.
    • Taispeáin an diosca ar dheais tosaigh an chairr leis an am inléite go soiléir ón taobh amuigh den fheithicil.
    • Is í an uastréimhse páirceála tréimhse leanúnach ceithre huaire fichead ón am a thosaíonn an pháirceáil e.g. má scriostar an 3 Nollaig 2013 ag 3.30pm tá an cead bailí go dtí an 4 Nollaig 2013 ag 3.30pm.
    • Tá Dioscaí Páirceála Cuairteora neamh-inaisíoctha.
    • Féadfaidh cuairteoirí nó daoine atá i mbun oibre i dteach an chónaitheora ceadanna a úsáid. Tá sé de fhreagracht ar an gcónaitheoirí a chinntiú gur amhlaidh atá.

    Barr...

  • Céard é an próiseas iarratais chun cead páirceála cuairteora a fháil?

    Ní mór Foirm Iarratais ar Chead Páirceála Cuairteora a líonadh go hiomlán.

    Caithfear an Fhoirm Iarratais a sheoladh ar ais le:

    • Cruthúnas Cónaitheachta e.g. bille fóntais reatha i d’ainm ag an seoladh a luaitear ar an iarratas (BSL/Bille Teileafóin/Ráiteas Bainc a eisíodh le trí mhí anuas)

    Seol an fhoirm iarratais chomhlánaithe agus an cháipéisíocht riachtanach chuig:

    Seirbhísí do Chustaiméirí
    Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
    Halla na Cathrach,
    Bóthar an Choláiste,
    Gaillimh

    Díoltar ceadanna cuairteora i mbloic de 4 cinn ar chostas €10. Caithfear íocaíocht a dhéanamh san oifig airgid ag Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.

    Barr...

Cead Cúramóra

  • Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh ar chead páirceála cúramóra?

    Féadfaidh duine óna dteastaíonn cúram ina dteach cónaithe, agus a chónaíonn i limistéar Íoc agus Taispeáin, iarratas a dhéanamh ar Chead Páirceála Cúramóra.

    Féadfaidh an duine a thagann ar cuairt nó a fhanann leis an gcónaitheoir chun cúram laethúil leanúnach a thabhairt mar gheall ar thinneas leighis an cead a úsáid.

    Bíonn sealbhóir an Cheada Cúramóra i dteideal páirceáil saor in aisce agus gan teorainn ama sa limistéar páirceála diosca a thugtar le fios ar an diosca.

    Barr...

  • Céard é an próiseas iarratais chun cead páirceála cúramóra a fháil?

    An Próiseas Iarratais:

    Ní mór gach cuid den fhoirm iarratais seo a líonadh go hiomlán mar aon leis na cáipéisí seo a leanas:

    • Bille fóntais reatha i d’ainm ag an seoladh a luaitear (BSL/Bille Teileafóin/Ráiteas Bainc a eisíodh le trí mhí anuas).
    • Deimhniú ó dhochtúir an chónaitheora go dteastaíonn cúram laethúil leanúnach ón gcónaitheoir mar gheall ar thinneas ainsealach.
    • Ba cheart táille €10 a íoc leis an gComhairle tar éis go bhfaomhtar d’iarratas.

    Ba cheart iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ais chuig:

    An Rannán Tráchta,
    Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
    Halla na Cathrach,
    Bóthar an Choláiste,
    Gaillimh

    Bíonn Cead Páirceála Cúramóra bailí ar feadh bliain amháin.

    Barr...

  • Cén chaoi a ndéanfaidh mé athnuachan ar Chead Páirceála Cúramóra?

    • Download and complete an application form [English] for a carers parking permit selecting the option for “Renewal of Permit”.
    • Íoslódáil agus líon isteach foirm iarratais [Gaeilge] i gcomhair cead páirceála cúramóra agus roghnaigh “Cead a Athnuachan”.
    • Seol isteach bille fóntais reatha i d’ainm ag an seoladh a luaitear ar an bhfoirm athnuachana (BSL/Bille Teileafóin/Ráiteas Bainc a eisíodh le trí mhí anuas).
    • Caithfear an táille chun cead páirceála Cúramóra a athnuachan (€10) a íoc le
      Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
      Halla na Cathrach,
      Bóthar an Choláiste,
      Gaillimh

    Barr...