Lastas Bóthair – Ualaí Neamhghnácha

  • An dteastaíonn cead uaim chun lastas a bhogadh ar an mbóthar?

    Faoi na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Tógáil agus Úsáid Feithiclí) 2003, caithfidh tú cead a fháil chun earraí a bhogadh ar an mbóthar má sháraíonn do lastas na teorainneacha a luaitear sna rialacháin sin, atá ar fáil ag an nasc seo a leanas: http://www.irishstatutebook.ie/2003/en/si/0005.html

    Barr...

  • Céard í an táille a bhaineann le hUalaí Neamhghnácha a iompar?

    Baineann na táillí seo a leanas le hualaí neamhghnácha a iompar ar bhóithre poiblí a chothabhálann Comhairle Cathrach na Gaillimhe

    • Turas aonair/cead lae €60
    • Cead trí mhí €150
    • Cead bliantúil €500

    Barr...

  • Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas ar chead chun Ualaí Neamhghnácha a iompar?

    Má theastaíonn uait iarratas a dhéanamh ar chead chun Ualaí Neamhghnácha a iompar, caithfidh tú an fhoirm iarratais ábhartha a chomhlánú chun Cead chun Ualaí Neamhghnácha a Iompar a fháil agus í a sheoladh ar ais chuig an seoladh thíos.

    An Rannán Bóithre,
    Iompar, Bonneagar, Caitheamh Aimsire agus Conláiste,
    Comhairle Cathrach na Gaillimhe
    Fortheach na Scoile Graiméir,
    Bóthar an Choláiste,
    Gaillimh

    Barr...

  • Cén uair ba cheart dom iarratas a dhéanamh?

    Caithfear iarratas ar chead chun ualach neamhghnách a iompar a chur isteach cúig lá oibre roimh ré.

    Barr...

  • Céard iad na coinníollacha a bhaineann le cead nuair a fhaomhtar é?

      • Níl an cead a eisítear bailí ach don fheithicil, do na dátaí agus don bhealach a leagtar amach san iarratas.
      • Geallann iarrthóir an cheada chomh maith cúiteamh a íoc le Comhairle Cathrach na Gaillimhe as aon damáiste a dhéantar do bhóithre poiblí nuair a úsáidtear an fheithicil faoin gcead.
      • Tá an dualgas ar an iarratasóir na Gardaí a chur ar an eolas faoin ualach neamhghnách atá le hiompar.
      • Caithfidh an t-iarratasóir na húdaráis áitiúla a chur ar an eolas chomh maith faoi aon cheantar eile trína bhfuil sé i gceist taisteal.
      • Cuirfidh an t-iarratasóir é féin ar an eolas faoin mbealach beartaithe agus beidh sé sásta gur féidir an t-ualach a bhfuil iarratas á dhéanamh ina leith a iompar gach damáiste a dhéanamh don mhaoin phoiblí nó phríobháideach ina thimpeall.
      • Féadfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe srianta ama agus srianta bealaigh a chur i bhfeidhm ag brath ar an ualach a bhfuil iarratas á dhéanamh ina leith.

    Barr...