Páirceáil agus Siúil

  • Cad is brí le Páirceáil agus Siúl?

    Ciallaíonn sé seo an carr a fhágáil 10 nóiméad ó gheata na scoile agus an chuid deiridh den turas a dhéanamh de shiúl na gcos. I gcás tuismitheoirí nó seantuismitheoirí a bheidh ag siúl ón gcarr agus ar ais, sin 15-20 nóiméad den luathaíocht 30 nóiméad a mholtar dúinn go léir a dhéanamh gach lá. Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag obair i gcomhar le Scoileanna-Glasa An Taisce, le scoileanna sa chathair agus le gnólachtaí áitiúla chun tacaíocht a fháil uaitse don scéim seo.

    Barr...

  • Cén fáth Páirceáil agus Siúl?

    Tá sé tábhachtach ón uair a bhímid an-óg rudaí a dhéanamh atá go maith don tsláinte fhisiciúil agus meabhrach — níl áit níos fearr ná an turas chun na scoile chun dea-nós mar sin a thosú, fiú más gá don teaghlach tiomáint ar scoil. Ní hiad na páistí amháin a gheobhaidh aer úr, síneadh sna géaga agus roinnt ama chun dul ag comhrá leis na daoine is ansa leo, beidh tusa níos fearrde freisin!

    Bíonn sé níos fusa ar pháistí a bhíonn gníomhach ar an tslí ar an scoil díriú ar an obair sa seomra ranga.

    Is é an baol ó thrácht an chúis is coitianta ag tuismitheoirí gan ligean do na páistí siúl nó rothaíocht ar scoil, ach, aisteach le rá, is measa an trácht nuair a thiomáinimid na páistí ar scoil, agus bíonn na bóithre níos dainséaraí dá bharr

    Tá Páirceáil agus Siúl go maith don phobal scoile ar fad — ní bhíonn an oiread céanna tráchta lasmuigh den scoil, rud atá níos sábháilte do leanaí óga ag trasnú an bhóthair, agus bíonn laghdú ar mhúch agus ar thruailliú ó charranna atá ag feitheamh. Bíonn sé níos fusa ar dhaoine faoi mhíchumas agus daoine breoite páirceáil gar do gheata na scoile.

    Barr...

  • Cá háit ar féidir liom páirceáil?

    I nGaillimh tá roinnt mhaith gnólachtaí ag tacú le Páirceáil agus Siúl trí chead a thabhairt do thuismitheoirí/caomhnóirí a gcarrchlós a úsáid saor in aisce (gnáthrátaí ar ceal) ar feadh uair an chloig fad a bhíonn an páiste ag siúl ar scoil féach: Learscail P&S Is féidir gach carrchlós atá sa scéim a úsáid mar áit ‘Fág is Imigh’ chun na páistí is sine a ligean amach chun siúl ar scoil go neamhspleách agus iad a bhailiú ann tráthnóna.

  • Beidh fáilte roimh charrchlóis bhreise dul isteach sa scéim ach glaoch ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag roads@galwaycity.ie nó ar 091 546 400

    • Na carrchlóis atá sa scéim:
    • A Aldi Chnoc na Cathrach
    • B Ionad Comharsanachta Bhaile an Phoill/An Chaisleáin Ghearr
    • C Carrchlós na hArdeaglaise
    • D Carrchlós Halla an Chladaigh
    • E Páirc Claude Toft
    • F Séipéal Chúil Each
    • G Crescent Court (Tesco)
    • H Carrchlós Bhóthar na Díge
    • I Ionad Siopadóireachta na Gaillimhe
    • J Páirc Mhiondíola an Gheata (Dunnes/B&Q)
    • K Tesco i gCnoc na Cathrach
    • L Ionad Pobail Chnoc na Cathrach
    • M Leisureland
    • N Lidl Chnoc na Cathrach
    • O Óstán an Maldron
    • P Mervue United
    • Q Carrchlós Shráid an Mhuilinn
    • R Monkey Business (ar maidin ach amháin)
    • S Baile Nua Mhic Gabhann/Bóthar Shandair
    • T Cuan na Gaillimhe - Ce Bhreathnach
    • U Ionad Pobail na Rinne Móire 
    • V An Phromanáid
    • W Ionad Pobail an Taoibh Thiar
    • X Faichí Imeartha an Taoibh Thiar
    • Y Ionad Siopadóireachta an Taoibh Thiar (Dunnes)
    • Z Carrchlós Ché an Adhmaid

    Barr...

  • Cén chuma atá ar an gcomhartha Páirceála agus Siúil?

    Bí ag faire amach don chomhartha seo!

    Barr...

  • Cad iad na scoileanna atá páirteach?

    Beidh fáilte roimh scoileanna breise dul isteach sa scéim ach glaoch ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag roads@galwaycity.ie nó ar 091 546 400

    • 1 Bushy Park National School, Circular Road
    • 2 Coláiste Iognáid S.J., Br. Na Mara
    • 3 Cuan na Gaillimhe CNS, An Cimín Mór, Cappagh Road
    • 4 Dominican College, Taylors Hill
    • 5 Galway Educate Together NS, Thomas Hynes Road
    • 6 Gaelscoil Dara, Bóthar Bhaile an Locháin
    • 7 Gaelscoil Mhic Amhlaigh, Lána an Mhuillearoa
    • 8 Jesus & Mary Secondary School, Threadneedle Road
    • 9 Knocknacarra Educate Together N.S., An Coimín Mór
    • 10 Nicholas National School/Claddagh National School, Saint Dominick’s Road
    • 11 Parochial National School, Waterside
    • 12 Scoil An Linbh Íosa, St. Francis Street
    • 13 Scoil Íde, Ardnamara
    • 14 Scoil Bhríde, Shantalla Road
    • 15 Scoil Iognáid, Bóithrín na Sliogán
    • 16 St. Patricks N.S., Lombard Street
    • 17 Scoil Naomh Iosef, Ráthún
    • 18 St. John the Apostle, Knocknacarra National School
    • 19 St. Joseph’s College, Nun’s Island
    • 20 St. Mary’s College, St. Mary’s Road

    Mura bhfuil do scoil féin ar liosta na scoileanna, is féidir leat dul isteach sa scéim i gcónaí.

    Barr...

  • Níl scoil mo pháiste páirteach, an féidir liomsa a bheith páirteach ann i gcónaí?

    Is féidir – líon isteach an Fhoirm Chláraithe Páirceáil agus Siúil 2023, tabhair ainm scoil do linbh, agus bíodh stampa oifigiúil na scoile air. Seolfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe do chead díreach chugat. Cuir do sheoladh poist ar an litir.

     

    Barr...

  • Conas a ghlacaim páirt?

    Beidh fáilte roimh gach scoil i gCathair na Gailimhe bheith páirteach i bPáirceáil agus Siúl. Ba chóir do thuismitheoirí/caomhnóirí an fhoirm chláraithe seo a líonadh isteach agus a chur ar ais chuig an scoil no Comhairle Cathrach na GaillimhePáirceáil agus Siúil foirm chláraithe 2023

    Nó leis an bpost chuig: Park and Stride, An Roinn Iompair, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Bóthar an Choláiste, Cathair na Gaillimhe.

    Ar líne: Líon isteach an fhoirm ar line

    Ríomhphost: Scan an fhoirm agus seol i ríomhphost é chuig roads@galwaycity.ie

    Gheobhaidh tuismitheoirí/caomhnóirí Greamaitheoir Ceada Páirceála agus Siúil bliantúil ó scoil an pháiste. Ba chóir an Greamaitheoir Ceada a chur ar taispeáint chun tosaigh sa charr nuair a úsáideann tú carrchlós atá sa scéim. Ní féidir Greamaitheoirí Ceada a thabhairt do thiománaithe eile. Iarr níos mó ná cead amháin má tá níos mó ná tuismitheoir/caomhnóir amháin sa scéim.

    Barr...

  • Cad iad Téarmaí & Coinníollach na scéime Páirceála agus Siúil?

    Amanna Páirceála ag Carrchlóis

    Maidin: 8.00 go 9.30 ar maidin (uair an chloig amháin ar a mhéad)

    Iarnóin: 1.00 go 4.30pm (uair an chloig amháin ar a mhéad)

    Caithfidh an greamaitheoir Páirceála agus Siúil a bheith ar taispeáint go soiléir laistigh de scáth gaoithe an chairr.

    Ní féidir Greamaitheoirí Ceada a chur ar taispeáint i gcarr eile. Caithfidh tú cur isteach ar Ghreamaitheoir Ceada breise mas rud é go bhfuil tuismitheoir/caomhnóir eile ag glacadh páirte i bPáirceáil agus Siúl.

    Beidh spásanna carrchlóis ar fáil ar an mbonn ‘tús freastail ar an gceann is túisce’. Bí ann go luath.

    Beidh táille le híoc as páirceáil lasmuigh de na hamanna ainmnithe más rud é go bhfuil táillí i bhfeidhm.

    Gearrfar táille as páirceáil lasmuigh de na hamanna Páirceáil agus Siúil mura mbíonn ticéad íoctha ar taispeáint (má tá táillí i bhfeidhm), nó gearrfaidh an maor fíneáil.

    Páirceáil go sábháilte, agus fág dóthain spáis chun gur féidir le páistí siúl isteach agus tuirlingt as feithiclí go sábháilte.

    Is do thuismitheoirí/caomhnóirí atá páirteach sa scéim Páirceala agus Siúil na Greamaitheoirí Ceada agus dóibh siúd amháin, agus ní féidir iad a úsáid d’aon rud eile.

    Eiseofar Greamaitheoirí Ceada ag tús gach scoilbhliana — ní mór Greamaitheoir Ceada na bliana reatha a bheith ar taispeáint.

    • Ní bheidh Páirceáil agus Siúl i bhfeidhm ach amháin ó Luan go hAoine, le linn an téarma.

     

    Barr...

  • An mbaineann Páirceáil agus Siúl le straitéis ar bith?

    Sraith beart is ea Straitéis Iompair na Gaillimhe chun trácht carr a bhainistiú, agus chun cabhrú leo siúd atá ag maireachtáil, ag staidéar, ag obair nó ar cuairt ar Ghaillimh bogadh timpeall na cathrach go héasca de shiúl na gcos, ar an rothar agus ar iompar poiblí. Is toradh é an Straitéis, a chlúdaíonn tréimhse 20 bliain, ar chur chuige comhpháirtíochta idir Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Comhairle Contae na Gaillimhe agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair.

    Barr...

  • Cá bhfaighidh mé eolas breise?

    Gheofar tuilleadh eolais ó Park and Stride,  An Roinn Iompair, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Bóthar an Choláiste, Gaillimh

    Teil. 091 536 400

    Ríomhphost roads@galwaycity.ie

     

    Barr...