Páirceáil agus Taistil

  • Cén uair a thosaíonn Seirbhís Páirceáil agus Taistil na Nollag?

    Cuirfear tús le Seirbhís Páirceála & Taistil na Nollag, Dé hAoine 8 Nollaig agus beidh sé ag feidhmiú go laethúil suas go dtí Oíche Nollag.

    Park & Ride Irish

  •  

    Barr...

  • Céard iad uaireanta feidhme na Seirbhíse Páirceáil agus Taistil?

    Beidh an tSeirbhís ar fáil ó Ráschúrsa Bhaile an Bhriotaigh chuig Lár na Cathrach, idir 9.30 am agus 9.15 pm, gach lá agus idir 11.00 am agus 9.15 pm ar an Domhnach. Beidh busanna ag taisteal idir an Ráschúrsa agus an Busáras ag Faiche an Aonaigh gach 15 nóiméad (gach 30 nóiméad idir 7.00 pm agus 9.15 pm ar an Domhnach).

    Barr...

  • Céard é costas na Seirbhíse Páirceáil agus Taistil?

    Is í an táille atá le híoc €1 an duine gach bealach. Níl táille le híoc le haghaidh leanaí, agus cuimsítear sa táille seo páirceáil i mBaile an Bhriotaigh ar feadh an lae.

    Barr...

  • Cé chomh minic is a fheidhmíonn an tSeirbhís Páirceáil agus Taistil?

    Beidh an tSeirbhís ar fáil ó Ráschúrsa Bhaile an Bhriotaigh chuig Lár na Cathrach, idir 9.30 am agus 9.15 pm, gach lá agus idir 11.00 am agus 9.15 pm ar an Domhnach. Beidh busanna ag taisteal idir an Ráschúrsa agus an Busáras ag Faiche an Aonaigh gach 15 nóiméad (gach 30 nóiméad idir 7.00 pm agus 9.15 pm ar an Domhnach).

     

  • Barr...

  • An bhfuil na Busanna Inrochtana?

    Tá busanna inrochtana do chathaoireacha rothaí ar fáil.

    Barr...

  • Céard iad Buntáistí na Seirbhíse Páirceáil agus Taistil?

    Cuireann an tSeirbhís Páirceála & Taistil bealach ar fáil dóibh siúd atá “ag siopadóireacht, ag ithe amuigh nó ag tabhairt cuairte ar ionaid agus imeachtaí” chun taitneamh a bhaint as bealach saor ó strus chun taisteal chuig agus ón gcathair.

    Barr...

  • Cé a chuireann an tSeirbhís Páirceáil agus Taistil ar fáil?

    Is tionscnamh de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe é Seirbhís Páirceála agus Taistil na Nollag atá dírithe ar bhrú tráchta i gCathair na Gaillimhe a mhaolú roimh an Nollaig.

    Barr...

  • Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoin tSeirbhís Páirceáil agus Taistil?

    Tá tuilleadh sonraí faoin tSeirbhís Páirceáil agus Taistil ar fáil ó

    Aonad Iompair na Gaillimhe,
    Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
    Halla na Cathrach,
    Bóthar an Choláiste,
    Gaillimh.
    Teil: 091 536400
    roads@galwaycity.ie 

    Barr...