Scipe Bruscair a Láithriú

  • An dteastaíonn cead roimh ré uaim chun scipe bruscair a chur ar bhóthar nó ar chosán i gCathair na Gaillimhe?

    Teastaíonn. Teastaíonn Ceadúnas chun scipe bruscair a chur ar bhóthar poiblí/ar chosán a chothabhálann Comhairle Cathrach na Gaillimhe de réir na bhFodhlíthe um Rialú Scipeanna 2010.

    Download Control of Skips Bye-Laws 2010 [English]

    Íoslódáil na Fodhlíthe um Rialú Scipeanna 2010 [Gaeilge]

    Beidh uimhir cheada ag teastáil ó do chuideachta scipe bruscair ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe sula seachadann siad an scipe bruscair.

    Barr...

  • Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas ar cheadúnas scipe bruscair?

    Más mian leat scipe bruscair a chur ar bhóthar poiblí nó ar chosán, caithfidh tú foirm iarratais a chomhlánú.

    Download Application Form to Place a Skip on a Public Road or Footpath [English]

    Íoslódáil an Fhoirm Iarratais chun Scipe Bruscair a Láithriú ar Bhóthar Poiblí nó ar Chosán [Gaeilge]

    Is féidir leat an fhoirm iarratais a íoslódáil ón nasc thuas nó teagmháil a dhéanamh le:

    An Rannán Bóithre,
    Iompar, Bonneagar, Caitheamh Aimsire agus Conláiste,
    Fortheach na Scoile Graiméir,
    Bóthar an Choláiste
    Gaillimh
    Teileafón: 091 536400
    Facs: 091 894357
    Ríomhphost: roads@galwaycity.ie

    Ba cheart an fhoirm iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ais chuig an Rannán Iompair agus Bonneagair, ag an seoladh thuas, tríd an bpost, ar facs nó go pearsanta chuig an gcuntar poiblí (9.00 am go 4.00pm, Luan go hAoine).

    Cinntigh go mbíonn an cháipéisíocht chuí ar fad agus an táille chuí leis an bhfoirm iarratais, mar a leagtar amach ar an bhfoirm iarratais.

    Barr...

  • Céard í an táille a bhaineann le ceadúnas scipe bruscair?

    Scipe bruscair a chur ar bhóthar/chosán poiblí nó ar chuid de:

    • €10.00 in aghaidh an lae (nó cuid de) in aghaidh an 5 mhéadar de spás bóthair/cosáin
    • Scipe bruscair a chur i limistéar páirceála Íoc agus Taispeáin: €26.00 in aghaidh an lae (nó cuid de) in aghaidh an spáis/bhá páirceála

    Is féidir íocaíocht a dhéanamh le hairgead tirim, le seic nó le cárta creidmheasa san Oifig Airgid, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.

    Barr...

  • Cé chomh fada is a bhféadfaidh mé scipe bruscair bheith agam?

    Caithfear an scipe bruscair a bhaint taobh istigh de 24 uair an chloig ó lódáiltear go hiomlán é.

    Má chuirtear scipe bruscair in eastát cónaithe, is gá é a bhaint gach tráthnóna.

    Barr...

  • Cé mhéad fógra is gá dom a thabhairt do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus iarratas á dhéanamh agam ar cheadúnas scipe bruscair?

    Chun dóthain ama a thabhairt do mheasúnú cuí, is gá iarratas a dhéanamh le Comhairle Cathrach na Gaillimhe 3 lá oibre (gan an Satharn/Domhnach ná Lá Saoire Poiblí san áireamh) ar a laghad roimh an scipe bruscair a sheachadadh. Tabhair faoi deara go mbeidh uimhir cheada ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag teastáil ó do chuideachta scipe bruscair sula seachadann siad an scipe bruscair.

    Barr...

  • Céard iad na coinníollacha a bhaineann le scipeanna a láithriú i gCathair na Gaillimhe?

    Chun sonraí a fháil maidir leis na coinníollacha a bhaineann le scipeanna a láithriú i gCathair na Gaillimhe déan tagairt do na Fodhlíthe um Rialú Scipeanna 2010.

    Download Control of Skips Bye-Laws 2010 [English]

    Íoslódáil na Fodhlíthe um Rialú Scipeanna 2010 [Gaeilge]

    Barr...