Cead Dumpairí Easbhóthair

  • An dteastaíonn cead uaim chun Dumpaire Easbhóthair a úsáid ar bhóthar poiblí?

    Teastaíonn. Tá an Rannán Bóithre i gComhairle Cathrach na Gaillimhe freagrach as úsáid Dumpairí Easbhóthair a údarú agus as ceadanna a eisiúint chun Dumpairí Easbhóthair a úsáid.

    An Rannán Bóithre
    An Rannóg Iompair, Bonneagair, Caitheamh Aimsire agus Conláiste
    Fortheach Choláiste Yeats
    Bóthar an Choláiste
    Gaillimh
    Teileafón: 091 536400
    Facs: 091 894357
    Ríomhphost: roads@galwaycity.ie

    Tá sé de fhreagracht ar an iarrthóir a chinntiú nach ndéantar damáiste don bhóthar ar a bhfuil an fheithicil á húsáid ná nach bhfágtar é i ndroch-chaoi tar éis an fheithicil a úsáid air.

    Geallann an t-iarrthóir cúiteamh a íoc le Comhairle Cathrach na Gaillimhe as aon damáiste a dhéantar do bhóithre poiblí nuair a úsáidtear an fheithicil faoin gcead.

    Barr...

  • Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarratas ar chead chun Dumpaire Easbhóthair a úsáid?

    Íoslódáil foirm iarratais chun cead a fháil a údaraíonn úsáid “Dumpaire Easbhóthair”.

    Nó téigh i dteagmháil leis an rannán bóithre i gComhairle Cathrach na Gaillimhe.

    An Rannóg Iompair, Bonneagair, Caitheamh Aimsire agus Conláiste
    Fortheach Choláiste Yeats
    Bóthar an Choláiste
    Gaillimh
    Teileafón: 091 536400
    Facs: 091 894357
    Ríomhphost: roads@galwaycity.ie

    Barr...

  • An féidir an cead a úsáid le aghaidh níos mó ná feithicil amháin?

    Is féidir. Tá an cead a eisítear bailí don fheithicil/do na feithiclí, do na dátaí agus don bhealach a leagtar amach san iarratas.

    Barr...

  • Céard iad na coinníollacha a bhaineann le Cead Dumpaire Easbhóthair?

    Geallann iarrthóir an cheada cúiteamh a íoc le Comhairle Cathrach na Gaillimhe as aon damáiste a dhéantar do bhóithre poiblí nuair a úsáidtear an fheithicil faoin gcead.

    Barr...