Cáilíocht an Uisce

  • Tá an t-uisce ón bpríomhphíobán uisce geal agus tá sé modartha – an féidir é a ól?

    Tagann dath ar an uisce uaireanta de bharr aer gafa agus níl dochar ar bith ann. D’fhéadfadh aer a bheith i do sholáthar uisce tar éis obair dheisiúcháin a dhéanamh ar an ngréasán dáileacháin, nó d’fhéadfadh póca aeir a bheith sáinnithe sa phíobán tí inmheánach má theip ar do sholáthar uisce ar feadh scaithimh.

    Bíonn cuma mhodartha nó bán ar uisce a mbíonn aer ann. Chun a dheimhniú gur mar gheall ar aer gafa atá cuma mhodartha nó bhán ar an uisce, líon gloine le huisce ón sconna fuar ag an doirteal sa chistin le feiceáil an nglanann sé ó bhun na gloine suas. Tógfaidh sé suas le 10 nóiméad air glanadh. Ba cheart go n-imeodh aer a bhí gafa sa phríomhphíobán taobh istigh de 2 nó 3 huaire an chloig tar éis na hoibreacha a chríochnú.

    Barr...

  • An gcuirtear Clóirín leis an soláthar uisce?

    Úsáidtear hipeaclóirít sóidiam chun an soláthar uisce agus na córais chóireála a dhíghalrú. Níl aon bhaol don tsláinte ag baint le huisce óil a chóireáiltear le hipeaclóirít. D’fhéadfadh éagsúlacht a bheith sa mhéid a bhíonn le fáil sa soláthar uisce ar chúiseanna éagsúla cosúil le gaireacht d’ionad cóireála, an teocht agus an méid báistí a thiteann.

    Barr...

  • An gcuirtear Fluairín leis an soláthar uisce?

    Sna 1960idí, rinne Rialtas na hÉireann an cinneadh fluairín a chur leis na soláthairtí uisce, mar bheart sláinte phoiblí, chun lobhadh na bhfiacla a chosc agus a laghdú. Cuireadh tús le fluairídiú in Éirinn i 1964 mar gheall ar an Acht Sláinte (Soláthairtí Uisce a Fhluairídiú), 1960. Ní mór d’Údaráis Áitiúla a chinntiú go mbeidh an leibhéal fluairíde san uisce idir 0.6 agus 0.8mg/l.

    Barr...

  • Cá bhfaighidh mé Torthaí na Monatóireachta ar Uisce Óil?

    Tá sé de chúram ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe na príomhchórais uisce phoiblí a chothabháil agus cáilíocht an uisce a scaipeann siad i gCathair na Gaillimhe a chinntiú.

    Cuimsítear cáilíocht an Uisce Óil i Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Uisce Óil), 2000 (I.R. 439 de 2000)

    Is iad na príomhriachtanais ná monatóireacht a dhéanamh ar an uisce óil sa chóras dáileacháin le haghaidh na bparaiméadar a liostaítear sna rialacháin ag minicíochtaí atá ag brath ar an méid uisce ar a ndéantar cóireáil.

    Baineann an Chomhairle Cathrach leas as seirbhísí Shaotharlann an Anailísí Phoiblí, na Saotharlainne Micribhitheolaíochta, Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh, agus saotharlanna creidiúnaithe eile nuair is gá, chun anailís neamhspleách a dhéanamh ar shamplaí uisce a chuireann an Chomhairle Cathrach faoina mbráid faoi na Rialacháin maidir le hUisce Óil.

    Má tá an soláthar uisce contúirteach do shláinte an duine ní mór don Chomhairle Cathrach a chinntiú go gcuirtear srian ar an soláthar uisce agus go gcuirtear an pobal ar an eolas faoin gcontúirt chomh luath agus is féidir.

    Gach bliain foilsítear torthaí na Monatóireachta ar Uisce Óil.

    Barr...

  • Tabhair tuairisc faoi Thruailliú Uisce

    Is iomaí bealach inar féidir uisce a thruailliú. Is féidir foinsí uisce truaillithe a roinnt ina dhá gcatagóir:

    Truailliú Nádúrtha

    De réir mar a thiteann báisteach, súnn sí isteach salachar, deannach agus gréisc ón aer.

    De réir mar a théann an t-uisce le sruth os cionn na talún bailíonn sé puiteach, cré agus ábhar lofa as plandaí chomh maith le baictéir a eascraíonn ó ithir agus ó fhásra.

    Sa talamh, tuaslagann screamhuisce salann intuaslagtha ó na carraigeacha agus tá uisce ina bhfuil dé-ocsaíd charbóin in ann carraigeacha carbónáite a thuaslagann chun décharbónáit a dhéanamh.

    Truailliú de Dhéantús an Duine

    Mura mbeidh dóthain rialuithe ann tá go leor de ghníomhaíochtaí an duine in ann
    an t-uisce a thruailliú.

    • Cruthaítear ábhar orgánach morgthach le séarachas neamhchóireáilte agus, go háirithe, baictéar agus miocrorgánaigh phataigineacha.
    • Is minic a théann aoileach ó ithir agus smionagar orgánach isteach i sruthanna, in aibhneacha agus i lochanna mar gheall ar an bhfeirmeoireacht.
    • Cuireann mianadóireacht droch-éilliú agus mín-ábhar ar fuaidreamh isteach i sruthchúrsaí.
    • D’fhéadfadh déantúsaíocht cheimiceach substaintí tocsaineacha ina bhfuil eisiltigh a chruthú, agus, má fhágtar iad sin gan aon chóireáil a dhéanamh orthu, tá siad in ann drochbhlas agus drochbholadh a fhágáil ar an uisce agus beatha nádúrtha na n-aibhneacha a scriosadh.


    Tabhair tuairisc faoi Thruailliú Uisce.

    Féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an Rannán Comhshaoil freisin ar customerservice@galwaycity.ie nó 091 536595

    Barr...