Sceitheadh Uisce

  • Táim ag iarraidh tuairisc a thabhairt faoi sceitheadh uisce/uisce ag scairdeadh aníos ar an talamh ar bhóthar/chosán poiblí

    Má fheiceann tú uisce ag sceitheadh nó uisce ag scairdeadh aníos ar an mbóthar/gcosán in áit phoiblí, ba cheart duit tuairisc a thabhairt faoi d’Uisce Éireann ar 1850 278 278 chomh luath agus is féidir ionas nach ngabhfaidh an áit faoi uisce agus nach mbeidh uisce ag dul amú.

    Barr...

  • Tá uisce ag sceitheadh ag teach/cosán na gcomharsan agus tá siad as baile – an féidir leis an gcomhairle aon rud a dhéanamh faoi?

    Más tionónta de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe é/í áitritheoir na maoine, ba cheart an cás a chur faoi bhráid rannán Cothabhála Tithíochta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar 091 536849.

    Mura tionónta de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe é/í úinéir na maoine d’fhéadfadh an t-eolas seo a leanas cabhrú leat.

    Tá sceitheadh uisce nach gcuirtear ina cheart in ann dochar mór a dhéanamh do theach. Chun teorainn a chur leis an dochar a d’fhéadfaí a dhéanamh, ba cheart duit an soláthar uisce a chasadh as ar bhuacaire do phríomhphíobáin uisce. Bíonn buacaire an phríomhphíobáin uisce le fáil ar an gcosán taobh amuigh de do mhaoin go hiondúil nó ar an gcosán isteach chuig do theach.

    Mura bhfuil tú in ann do phríomhsholáthar uisce a chasadh as ba cheart duit an cheist a chur faoi bhráid Uisce Éireann ar 1850 278 278 agus b’fhéidir go mbeidís siúd in ann cabhrú leat.

    Tá úinéir na maoine freagrach as sceitheadh uisce inmheánach agus as aon sceitheadh a tharlaíonn taobh istigh de theorainn na maoine a dheisiú.

    Is furasta sceitheadh uisce inmheánach a fheiceáil uaireanta ón taobh amuigh, áit a mbíonn an t-uisce ag sileadh/scairdeadh amach as an bpíobán sceite, gar do dhíon an tí. D’fhéadfaí tabhairt le fios leis sin go bhfuil an soláthar uisce ag líonadh an umair stórála san áiléar ach go bhfuil an snámhbhuacaire (a choinníonn smacht ar leibhéal an uisce) san umar stórála briste. Ba cheart duit dul i dteagmháil le do phluiméir chun deisiúcháin a dhéanamh, ionas nach ndéanfar tuilleadh damáiste uisce agus nach gcuirfear uisce amú.

    Barr...

  • Tá maoin tráchtála agam agus tá uisce ag sceitheadh ag an méadar, cé leis a ngabhfaidh mé i dteagmháil?

    Tá Uisce Éireann ar an bpointe teagmhála anois do gach ceist faoi na seirbhísí uisce a sholáthraítear duit, lena n-áirítear bainistíocht cuntais agus billeáil.

     

    Teileafón: 1850 778 778

    Gréasán:  www.water.ie/business

    Barr...