BusConnects na Gaillimhe: Bóthar Bhaile Átha Cliath

          Comhairliúchán Poiblí Neamhreachtúil Eanáir 2023

Is príomhchuid de bheartas an Rialtais í BusConnects le haghaidh an iompair phoiblí a fheabhsú agus aghaidh a thabhairt ar athrú na haeráide. Tá Gaillimh ag dul i méad, agus tá líonra bus ag teastáil ón gcathair a fhreastalaíonn ar Cheantar Cathrach na Gaillimhe, agus ar áiteanna níós faide i gcéin. 

Tá sé mar aidhm ag BusConnects seirbhís feabhsaithe bus a chur ar fáil do chách; don phobal, don chathair agus don timpeallacht. Tá BusConnects dírithe ar sheirbhís bus níos fearr, níos iontaofa agus níos éifeachtaí a chur ar fáil; tuilleadh busanna ag taisteal níos minice go dtí tuilleadh áiteanna.

 Is bealach leanúnach 4km na n-áiseanna é BusConnects Gaillimh: Bóthar Bhaile Átha Cliath don iompar ar chos, ar rothar agus poiblí ar ardchaighdeán a shíneann soir ó Acomhal Mhóinín na gCiseach go dtí Acomhal Bhóthar Dhabhach Uisce.

Baineann ríthábhachtacht leis an Tionscadal BusConnects Gaillimh: Bóthar Bhaile Átha Cliath  do sheachadadh Straitéis Iompar na Gaillimhe chun bonneagar a chur le chéile a laghdaíonn an spleáchas ar an gcarr príobháideach, a chuireann an siúl agus an rothaíocht chun cinn, agus a tacaíonn le minicíocht agus le hiontaofacht fheabhsaithe na dturas ar sheirbhísí bus áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta.

Sa bhliain 2020, reáchtáladh comhairliúchán neamhreachtúil ar an ‘Bealach Roghnaithe ag Teacht Chun Cinn’. Baineadh flúirse an léargais agus na faisnéise as a leithéid don fhoireann deartha.

I ndiaidh an chomhairliúcháin seo, bhí gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar an dearadh beartaithe mar thoradh ar athruithe suntasacha ar an dearadh agus ar threoir an tsoláthair d'fhonn comhlíonadh an ‘dea-chleachtais’ reatha a chinntiú. Áirítear leo siúd na hathruithe uasdátuithe ar an gCód Caiteachais Phoiblí, treoir athraithe um dearadh leagan amach na mbusbhealaí, agus na

Treoirlínte leasaithe um Fhaomhadh na dTionscadal de chuid an Údarás Náisiúnta Iompair.

Mar thoradh ar na hathruithe seo, agus ar an aiseolas a fuarthas ón gcéad chomhairliúchán poiblí ar BusConnects Gaillimh: Bóthar Bhaile Átha Cliath, rinneadh an ‘Bealach is Fearr atá ag Teacht Chun Cinn’ a uasdátú.

Cuirtear fáilte anois roimh aiseolas maidir leis ar an mBealach uasdátaithe is Fearr atá ag Teacht Chun Cinn, mar chuid den 2ú comhairliúchán poiblí neamhreachtúil ar mholtaí BusConnects Gaillimh: Bóthar Bhaile Átha Cliath.

Cuirfear tús leis an 2ú Comhairliúchán Poiblí Neamhreachtúil an 13 Eanáir 2023 agus leanfaidh sé  ar feadh 4 sheachtain. Sé cuspóir an chomhairliúcháin ná fáilte a chur roimh aiseolas, ceisteanna agus tacaíocht don Bealach is Fearr atá ag Teacht Chun Cinn, chun cuidiú le dearadh na scéime a threorú agus é ag dul ar aghaidh chuig próiseas an Chead Phleanála.

Mar chuid den chomhairliúchán, rinne foireann deartha BusConnects Galway: Dublin Road seomra fíorúil na faisnéise forbartha a fhorbairt.

Is spás idirghníomhach é seo chun féachaint ar an bpríomheolas a bhaineann leis an tionscadal, lena n-áirítear:

·         Físeán eitilte den Bealach is Fearr atá ag Teacht Chun Cinn

·         Líníochtaí an Bhealaigh is Fearr atá ag Teacht Chun Cinn

·         Faisnéis maidir le haiseolas a thabhairt

·         Cruinniú a chur in áirithe

 Beidh an Seomre Fiorular ar line ón 13 Eanair ar feadh 4 Sheachtain.

Nasc leis an seomra faisnéise fíoruil: https://www.innovision.ie/bcgdublinroad

Bróisiúr Comhairliúcháin Phoiblí Neamhreachtúil Eanáir 2023 

  • Comhairliúchán Poiblí 2020 2021 

  • Tá tuarascáil achomair ar an gcomhairliúchán poiblí do BusConnects na Gaillimhe: Bóthar Bhaile Átha Cliath ar fáil le híoslódáil anois.

  • Íoslódáil an tuarascáil

 

  • Cuirtear Fáilte roimh Aiseolas Poiblí ar BusConnects na Gaillimhe: Bóthar Bhaile Átha Cliath atá beartaithe

    ** Tá an comhairliúchán poiblí neamhreachtúil seo dúnta anois. Tá aiseolas agus tuairimí á n-athbhreithniú anois. (Eanáir 2021) **

  • Sheol Comhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhpháirtíocht leis an Údarás Náisiúnta Iompair (an ÚNI) agus Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ), comhairliúchán poiblí neamhreachtúil inniu ar an Rogha is Dealraithí a Roghnófar le haghaidh BusConnects na Gaillimhe: Bóthar Bhaile Átha Cliath. Cuireann an scéim 4 chiliméadar ó Thimpeallán na Máirtíneach go hAcomhal Mhóinín na gCiseach conair ardchaighdeáin do choisithe, rothar agus iompar poiblí ar fáil a fhreastalaíonn ar fhad iomlán Bhóthar Bhaile Átha Cliath. Tugann Comhairle Cathrach na Gaillimhe cuireadh do bhaill den phobal, úinéirí talún agus páirtithe leasmhara eile chun níos mó a fhoghlaim faoin scéim a bheartaítear, agus a n-aiseolas a roinnt, trí ‘sheomra eolais fíorga’. Tá an tionscadal seo mar chuid de Straitéis Iompair na Gaillimhe agus de thionscadal níos fairsinge BusConnects na Gaillimhe.

    Mar fhreagairt do shrianta Covid-19, d’fhorbair foireann dearaidh BusConnects na Gaillimhe: Bóthar Bhaile Átha Cliath seomra eolais fíorga, áit ar féidir leis an bpobal níos mó faoin scéim a bheartaítear a léamh, cáipéisíocht agus léarscáileanna an tionscadail san áireamh.  Is é cuspóir an chomhairliúcháin chun cuireadh a thabhairt chun aiseolas a thabhairt, ceisteanna a chur agus tacaíocht a thabhairt don Rogha is Dealraithí a Roghnófar, chun cabhrú le heolas a chur ar fáil do dhearadh na scéime faoi mar a ghabhann sé tríd an bpróiseas pleanála. 

    Beidh an comhairliúchán poiblí neamhreachtúil, an seomra eolais fíorga san áireamh, ar líne ón 8 Deireadh Fómhair (tráthnóna) ar feadh ar a laghad 6 seachtaine, féach www.bcgdublinroad.ie

    Cuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh rannpháirtíocht an phobail, úinéirí talún agus páirtithe leasmhara sa tionscadal.

    Comhairliúchán Poiblí Neamhreachtúil – bróisiúr

    Barr...