-
BusConnects na Gaillimhe: Nasc Traschathrach (Bóthar na hOllscoil go Bóthar Bhaile Átha Cliath)
Nuashonrú 12 Meán Fomhair 2022
Beidh iarratas á dhéanamh ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe chuig an mBord Pleanála, faoi Alt 51 d’Acht na mBóithre 1993, don scéim BusConnects na Gaillimhe: Nasc Traschathrach (Bóthar na hOllscoile go Bóthar Bhaile Átha Cliath). Déanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe Ordú Ceannaigh Éigeantaigh (OCÉ) freisin do na tailte atá riachtanach don scéim, agus beidh an t-ordú sin faoi réir a dheimhniú ag an mBord Pleanála.
Tá an Nasc Traschathrach ar cheann de na mórthionscadail atá aitheanta do Chathair na Gaillimhe mar chuid de Straitéis Iompair na Gaillimhe (SIG). D’fhorbair Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Comhairle Chontae na Gaillimhe, agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair Straitéis Iompair na Gaillimhe i 2016, agus leagann sí amach creat chun líonraí na Gaillimhe a bhunathrú chun feabhais sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma.
Is tionscadal é an Nasc Traschathrach faoin gClár BusConnect na Gaillimhe níos leithne. Is é BusConnect clár an Údaráis Náisiúnta Iompair chun feabhas mór a chur ar sheirbhísí bus i gcathracha na hÉireann. Is cuid lárnach de bheartas náisiúnta é laistigh de Phlean Forbartha Náisiúnta Thionscadal Éireann 2021-2030 agus tá sé ailínithe le beartas an Rialtais chun iompar poiblí a fheabhsú agus aghaidh a thabhairt ar athrú aeráide ar fud na hÉireann. Tá an scéim seo maoinithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair agus an Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach.
Cruthóidh an fhorbairt bóthair atá beartaithe bealach lárnach d’iompar poiblí, do rothaithe agus do choisithe feadh conaire soir-siar trí lár na cathrach, agus ag an am céanna bainfear an ‘tréthrácht’ ó lár na cathrach. Tá an fhorbairt bóthair atá beartaithe thart ar 6.7km ar fad ar na bóithre atá i gCathair na Gaillimhe faoi láthair. Is é 11.4 heicteár achar na forbartha bóthair atá beartaithe a chuimsíonn na hoibreacha buana. Coinneofar rochtain do thrácht ‘ceannphointe’, ach déanfar é a athródú i go leor suíomhanna chun rochtain a sholáthar ar áitribh agus ar charrchlóis i lár na cathrach. Coinneofar an luchtú do ghnólachtaí feadh na forbartha bóthair atá beartaithe freisin, ach déanfar é a athrú agus a theorannú go hamanna agus bealaí ar leith.
Déanfar bealaí líonra busanna na cathrach a athrú le chomhtháthú feadh na conaire ardchaighdeáin seo, ag soláthar seirbhísí ardmhinicíochta le hiontaofacht am turais agus deiseanna idirmhalartaithe. Cinnteoidh an chonair gur féidir le seirbhísí iompair phoiblí rochtain a fháil ar phríomhréimsí, mar lárionad miondíola agus ionad áineasa na cathrach, moil iompair phoiblí ag na stáisiúin iarnróid agus bus, na hóstáin i lár na cathrach agus Leaba & Bricfeasta, agus príomhréimsí ar nós Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Ardeaglais na Gaillimhe.
Beidh fógraí nuachtáin sna páipéir áitiúla agus náisiúnta Dé hAoine seo, an 16 Meán Fómhair 2022. Beidh doiciméadú an tionscadail ar fáil ansin ar shuíomh gréasáin na scéime ag www.crosscitylinkgalway.ie
Is féidir cóipeanna crua a fheiceáil i Halla na Cathrach, ó 9.00rn go 4.00in, Luan go hAoine, ón gCéadaoin 21 Meán Fómhair go dtí an Aoine 18 Samhain 2022.
Is féidir aighneachtaí/tuairimí a dhéanamh freisin ar shuíomh gréasáin an Bhoird Pleanála ag an seoladh seo a leanas: https://www.pleanala.ie/en-ie/observations
Ba cheart aon fhiosrúcháin a bhaineann leis an bpróiseas iarratais a chur chuig an mBord Pleanála (Teil. 018588100).
Lúnasa 2022
- Tuarascáil Scagtha ar Mheasúnú Tionchair Timpeallachta
- Cinneadh Scagtha ar Mheasúnú Tionchair Timpeallachta
-
Comhairliúchán Poiblí 2020/2021
**Iúil 2021 - Íoslódáil an Tuarascáil
-
Ba mhaith le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhar leis an Údarás Náisiúnta Iompair, aiseolas a fháil ón bpobal ar thogra BusConnects na Gaillimhe: Nasc Traschathrach (Bóthar na hOllscoile go Bóthar Bhaile Átha Cliath), mar chuid de chomhairliúchann neamhreachtúil a thosóidh an tseachtain seo.
Is lána iompair phoiblí é an Nasc Traschathrach a nascfaidh na bruachbhailte thiar agus thoir, trí lár na cathrach. Ceanglóidh an lána seo tithe agus áiteanna oibre, siopaí agus áiteanna caithimh aimsire, agus beidh an turas ar iompar poiblí níos gasta agus níos iontaofa. Beidh spásanna poiblí ar ardchaighdeán, áiseanna nua agus áiseanna uasghrádaithe do choisithe agus do rothaithe agus tús áite d’iompar poiblí i gceist anseo, ionas go mbeidh sé níos fusa dul tríd an gcathair agus chuig do cheann scríbe ar mhodh inbhuanaithe.
Comhairliúchán Neamhreachtúil
Tugann Comhairle Cathrach na Gaillimhe cuireadh do bhaill den phobal, d’úinéirí talún agus do gheallsealbhóirí eile chun tuilleadh a fhoghlaim faoin scéim bheartaithe, agus chun a n-aiseolas a roinnt, tríd an seomra eolais fíorúil.
Is é cuspóir an chomhairliúcháin neamhreachtúil aiseolas, ceisteanna agus tacaíocht a iarraidh don Rogha is Dócha a Roghnófar, chun bonn a chur faoi dhearadh na scéime de réir mar a théann sé tríd an bpróiseas pleanála
Tosóidh an comhairliúchán ar an 22 Deiradh Fómhair 2020, agus go mairfidh sé 6 seachtaine.
Inrochtaineacht - dóibh siúd nach féidir leo aighneacht a dhéanamh tríd an suíomh gréasáin, is féidir socruithe eile a dhéanamh. Cuir glao ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag 091 536 400; nó seol ríomhphost chuig - busconnects@galwaycity.ie
Tacaíonn infheistíocht phoiblí, tríd an Údarás Náisiúnta Iompair, leis an Nasc Traschathrach.