Cathair Bheo

  • Cathair Bheo - Spreagadh i dtreo Athghiniúint Uirbeach

    Díríonn tionscnamh na Cathrach Beo ar athnuachan na gceantar miondíola agus tráchtála agus ar dhaoine a spreagadh le cónaí i gcroílár stairiúil Chorcaí, Bhaile Átha Cliath, na Gaillimhe, Chill Chainnigh, Luimnigh agus Phort Láirge.

    Tá sé mar aidhm ag tionscnamh na Cathrach Beo beocht a chur i gcroíláir na gcathracha ábhartha arís ach faoiseamh cánach a chur ar fáil as caiteachas, a tabhaíodh ar athchóiriú foirgneamh, a cháiliú nuair a bhaintear coinníollacha amach.

    Foirm Iarratais: Tionscnamh na Cathrach Beo

  • Gné chónaithe den tionscnamh

    • Forálann an ghné chónaithe de thionscnamh na Cathrach Beo d'asbhaint ar cháin ioncaim as caiteachas, a tabhaíodh ar athchóiriú foirgnimh, a úsáidfear mar áit chónaithe thar thréimhse deich mbliana, a cháiliú.
    • Caithfidh gur tógadh an foirgneamh roimh 1915 agus go bhfuil sé suite I Limistéar Athginiúna Speisialta sa chathair atá i gceist.
    • Caithfidh gurb í an réadmhaoin príomh áit chonáithe an éilitheora nó an t-aon áit chónaithe atá aige/aici chun an faoiseamh ó cháin ioncaim a fháil.
  • Gné thráchtála den tionscnamh

    • Forálann an ghné thráchtála de thionscnamh na Cathrach Beo do liúntais chaipitil thar thréimhse seacht mbliana i dtaca le caiteachas, a tabhaíodh arathchóiriú réadmhaoine atá suite I Limistéar Athghiniúna Speisialta, a úsáidfear chun earraí a mhiondíol nó chun seirbhísí a sholáthar laistigh den Stát, a cháiliú.
    • Cuirtear teorainn €200,000 le méid an fhaoisimh cánach atá ar fáil faoi ghné thráchtála an tionscnaimh do thionscadal aonair ar bith.

    Moltar duit teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim maidir le ceisteanna ar ghné thráchtála na scéime.
    http://www.revenue.ie/en/tax/it/leaflets/living-city-initiative.html

  • Limisteár Athghiniúna Speisialta

    Ainmníodh an Limistéar Athghiniúna Speisialta i ngach cathair faoi ordú an Aire Airgeadais agus is féidir féachaint air ar an léarscáil seo a leanas:

    Limisteár Athghiniúna Speisialta, Gaillimh