Clár Athluacháil na Rátaí 2023

Clár Athluacháil na Rátaí 2023

Sí Athluacháil na Rátaí an próiseas trína ndéantar gach maoin inrátaithe i limistéar údaráis áitiúil a luacháil ag an am céanna, faoi threoir an dáta luachála céanna. Tagann dáileadh níos cothroime mar thoradh as ar rátaí tráchtála thar íocóirí na rátaí.

 

Ar an 2 Meán Fómhair 2022, tharraing an Coimisinéir Luachála siar, le cead an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, na hOrduithe Luachála reatha maidir le hathluacháil réadmhaoine na tráchtála agus na tionsclaíochta i leith Limistéir Rátúcháin Comhairlí Contae an Chláir, Dhún na nGall, Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, na Gaillimhe, Chiarraí agus Mhaigh Eo agus Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

 

National Revaluation Programme Leaflet (English)

Bileog Clár Náisiúnta na hAthluachála (Gaeilge)

 

Ordú Luachála

Mar gheall ar thionchar paindéim an COVID-19, chuir an Coimisinéir Luachála, le comhaontú an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an Clár Náisiúnta Athluachála ar athló sna blianta 2020, 2021 agus 2022. Tar éis a leithéid a chur siar, bhí gá le cealú na nOrduithe Luachála a rinneadh i leith limistéir údarás rátúcháin Comhairlí Contae an Chláir, Dhún na nGall, Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, na Gaillimhe, Chiarraí agus Mhaigh Eo agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

 

Tar éis próiseas an chomhairliúcháin reachtúil a chur i gcrích idir an Coimisinéir Luachála, an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus na hÚdaráis Áitiúla lena mbaineann, rinne an Coimisinéir Ordú Luachála nua ar an 6 Meán Fómhair 2022 faoi alt 21(5) den Acht Luachála 2001, arna leasú, i leith údarás rátúcháin Chathair na Gaillimhe. Forálann an t-ordú seo go gcríochnófar an athluacháil thosaigh i limistéar údarás rátúcháin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

 

Tá an tOrdú Luachála le feiceáil anseo: An tOrdú Luachála as Gaeilge agus as Béarla

 

Deimhnithe beartaithe luachála le heisiúint an 23 Meán Fómhair 2022

Sé dáta na luachála atá luaite le haghaidh Athluacháil 2023 ná an 1 Feabhra 2022. Tá anailís déanta anois ar fhaisnéis an mhargaidh agus eiseoidh an Oifig Luachála Deimhnithe Beartaithe Luachála chuig gach áititheoir ar an 23 Meán Fómhair 2022 ag leagan síos an luacháil atá beartaithe i leith a mhaoin. Ba chóir don áititheoir athbhreithniú a dhéanamh ar gach atá luaite sa Deimhniú Beartaithe Luachála lena chinntiú go bhfuil a leithéid ceart. Muna bhfuil tú sásta leis an luacháil bheartaithe nó le haon sonraí eile ar do dheimhniú, ba cheart duit athbhreithniú a iarraidh faoin dáta deiridh, an 1 Samhain 2022. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ag www.valoff.ie

 

Dliteanas Rátaí beartaithe á ríomh

Ní hé do dhliteanas rátaí an luacháil atá luaite ar do Dheimhniú Luachála Beartaithe. Ríomhfar do dhliteanas rátaí trí luacháil na maoine, arna socrú ag an Oifig Luachála, a iolrú faoin Ráta Bliantúil ar Luacháil (RBL) a shocróidh d’Údarás Áitiúil.

 

Dliteanas Rátaí beartaithe = Luacháil x ARV Táscach @ 0.217

 

Tá Áireamhán Liúntais Rátaí ar fáil ag Áireamhán Dliteanais Rátaí Táscacha

 

Athluacháil 2023: Príomhdátaí

 

 2 Meán Fómhair 2022

Tarraingt siar na hOrduithe Luachála ag an gCoimisinéir Luachála

6 Meán Fómhair 2022

Na hOrduithe Luachála á ndéanamh ag an gCoimisinéir Luachála

23 Meán Fómhair 2022

Tús a chur leis na Deimhnithe Luachála Beartaithe a eisiúint chuig íocóirí na rátaí sna limistéir údaráis rátúcháin lena bhaineann.

3 Deireadh Fómhair 2022

go dtí

7 Deireadh Fómhair 2022

Clinicí Siúil isteach ar siúl in Oifigí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe

1 Samhain 2022

Caithfear gach ionadaíocht a fháil laistigh de 40 lá ó dháta eisiúna na nDeimhnithe Luachála Beartaithe. Is féidir ionadaíocht a dhéanamh ar líne ag www.valoff.ie

15 Meán Fómhair 2023

Deimhnithe Luachála Deiridh á n-eisiúint

22 Meán Fómhair 2023

Liostaí na Luachála nua á bhfoilsiú do gach Limistéar Údarás Rátúcháin

1 Eanáir 2024

Tagann na luachálacha nua i bhfeidhm chun críocha Rátaí ar fud na nÚdarás Áitiúil lena mbaineann.

 

Cá bhfaighinn tuilleadh eolais faoi Athluacháil 2023?

 

Reáchtálfaidh an Oifig Luachála Clinicí ‘Siúl Isteach’ in oifigí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh tar éis na Deimhnithe Beartaithe Luachála a eisiúint.

 

Beidh foireann na hOifige Luachála i láthair chun ceisteanna a fhreagairt a mbaineann leis na Deimhnithe Beartaithe Luachála le haghaidh Athluacháil 2023.  Míneoidh siad próiseas na hathluachála agus tabharfaidh siad treoir maidir le hionadaíocht a dhéanamh.

 

Má ta tú mí-shásta leis an luacháil bheartaithe nó leis na sonraí ata luaite ar do theastas, ba chóir duit freastail ar cheann de na Clinicí ‘Siúl Isteach’ mar a leagtar amach thíos; níl aon ghá le coinne a dhéanamh.

 

Beidh na clinicí Siúil isteach ar siúl ar an:

 

Luain, an 3 Deireadh Fómhair 2022

10.00rn - 4.00in 

Máirt, an 4 Deireadh Fómhair 2022

10.00rn - 4.00in 

gCéadaoin, an 5 Deireadh Fómhair 2022

10.00rn - 4.00in 

Déardaoin, an 6 Deireadh Fómhair 2022

9.00rn – 4.00in

 

 

Tabhair faoi deara gurbh é an 1 Samhain 2022 an dáta is déanaí chun ionadaíocht a dhéanamh ar do Dheimhniú Beartaithe Luachála

 Tuilleadh eolais:

Ní mór do chustaiméirí teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Luachála maidir le ceist ar bith faoinn bpróiseas seo trí úsáid a bhaint as a leithéid thíos:

Guthán: 01 817 1033 nó Íosghlao 1800 531 431

rPhost: reval2023@valoff.ie

Tá na línte gutháin ar oscailt 9rn - 1in agus 2in - 5in Luan go hAoine (seachas laethanta saoire poiblí)

 

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo: Suíomh Greasáinan Oifig Luachála