Clár Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide

Clár Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide

 

  • Tá sé mar aidhm ag an gClár Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide tacú le pobail bheaga agus mhóra gníomh ar son na haeráide a dhéanamh. Is é cuspóir foriomlán an chláir ná pobail a chumasú chun pobail ísealcharbóin inbhuanaithe a mhúnlú agus a thógáil agus cur le spriocanna náisiúnta aeráide agus fuinnimh.

    I gcomhar leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, cabhróidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe le méadú ar ghníomhaíocht pobail ar son na haeráide. Beidh Ciste Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide ar fáil chun tacú le tionscadail ghníomhaíochta aeráide ábhartha thar roinnt téamaí. 

    Tá dhá shraith maoinithe ar fáil:

    • Sraith 1: Díríonn Tógáil Pobail Ísealcharbóin ar ghníomhú díreach ar son na haeráide i gCathair na Gaillimhe.
    • Sraith 1a:  Cuireann Gníomhú Pobail ar son na hAeráide ar Oileán Comhroinnte ar chumas pobail agus Údaráis Áitiúla tionscadal trasteorann a dhéanamh i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí i dTuaisceart Éireann.
  • Conas a oibreoidh an Clár?

    Ba cheart go bhféachfadh tionscadail le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, le cuidiú leis an aistriú go geilleagar ísealcharbóin agus inbhuanaithe agus le hathléimneacht aeráide a mhéadú. Déanfar maoiniú a leithdháileadh ar eagraíochtaí pobail bunaithe ar mheasúnú ar fhoirmeacha um Léiriú Spéise a chuirtear faoi bhráid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus faomhadh an Aire.

    Ba cheart do thionscadail aghaidh a thabhairt ar cheann amháin de na téamaí seo a leanas ar a laghad, ach b’fhearr go ndíreodh siad ar roinnt dóibh:

    Fuinneamh, taisteal inbhuanaithe, siopadóireacht & athchúrsáil, bia & dramhaíl, agus gníomhú ar son na haeráide.

     

    I measc na gcineálacha tionscadal incháilithe tá:

    • Fuinneamh in-athnuaite pobail
    • Foirgnimh phobail a iarfheistiú
    • Uasghráduithe éifeachtúlachta fuinnimh
    • Soilsiú pobail LED
    • Pointí luchtaithe pobail le haghaidh FL
    • Rochtain ar rotharbhealaí a fheabhsú
    • Páirceáil rothair
    • Gairdíní pobail, mionfhoraoisí, tionscadail phailneoirí
    • Moil deisiúcháin pobail
    • Stáisiúin athlíonta uisce
  • Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

    Caithfidh eagraíochtaí pobail incháilithe:

    • a bheith ina eagraíocht sheachbhrabúsach.
    • a bheith suite laistigh de Chathair na Gaillimhe.
    • foirm iarratais chomhlánaithe a chur isteach ar nó roimh an spriocdháta agus an t-am sonraithe.
    • a bheith cláraithe le Líonra Pobail Chathair na Gaillimhe www. galwaycitycommunitynetwork.ie nó a bheith bainteach le grúpaí eile cosúil leis an Wheel, na Bailte Slachtmhara agus/nó grúpa pobail a bhfuil Airteagail Chomhlachais nó Bunreachta acu, a reáchtálann CGB, agus a bhfuil miontuairiscí ceadaithe ar fáil ina leith.
  • Cén maoiniú atá ar fáil?

    Féadfar maoiniú suas le 100% a chur ar fáil do chostais incháilithe agus tá trí scála tionscadail ann:

    • Tionscadail mhionscála suas le €20,000
    • Tionscadail mheánscála idir €20,000 agus €50,000
    • Tionscadail mhórscála idir €51,000 agus €100,000
  • Conas a chuireann grúpa pobail iarratas isteach?

    Osclófar léirithe spéise don chiste seo sna seachtainí atá romhainn. Más spéis le do ghrúpa iarratas a chur isteach nó más mian leat ceist a chur faoi thionscadal féideartha, cuir ceisteanna chuig climate@galwaycity.ie