Comhairle faoi Radón
Is gás radaighníomhach é radón a thagann ó mheath úráiniam i gcarraigeacha agus in ithreacha. Is gás gan dath, gan bholadh agus gan bhlas atá ann nach féidir a thomhas ach amháin le brathadóirí speisialta. Caolaíonn radón ina thiúchan neamhdhíobhálach go tapa amuigh faoin aer ach d'fhéadfadh sé carnadh ina thiúchan ro-ard laistigh de spás dúnta, amhail teach nó foirgneamh eile.
Meathann radón isteach ina cháithníní radaighníomhacha beaga bídeacha, agus nuair a análaítear isteach sna scamhóga é féadfaidh ciondáil radaíochta na gcáithníní sin damáiste a dhéanamh do na cealla sna scamhóga agus an baol ailse scamhóg a mhéadú. In Éirinn, is é an radón is cúis le thart ar 300 cás d'ailse scamhóg in aghaidh na bliana, deirtear.
Tá leibhéal tagartha 200 Bq/m3 leagtha síos ag an rialtas do theaghlaigh agus molann an rialtas go mbeadh leibhéil radóin níos ísle ná sin ag gach teach cónaithe. Is furasta tástáil a dhéanamh le haghaidh radóin agus is furasta na leibhéil radóin i do theach cónaithe a laghdú.
Chun tuilleadh a fháil amach
Suíomh gréasáin: www.radon.ie
Saorghlao: 1800 300 600
Ríomhphost: radon@epa.ie.