*Do chomhairle sláinte agus an t-eolas is déanaí ar Covid-19 féach: www.gov.ie/health-covid-19 nó https://www.hse.ie/eng/services/news/newsfeatures/covid19-updates/*
Mar fhreagra ar ráig an Choróinvíris COVID-19 agus de réir threoirlínte an FSS, chuir Comhairle Cathrach na Gaillimhe roinnt srianta ar sheirbhísí i bhfeidhm.
Ar mhaithe le sláinte an phobail, tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag spreagadh gach custaiméara chun déileáil linn ar líne nó ar an bhfón ar 091 536400.
Tá na srianta seirbhíse seo a leanas i bhfeidhm:
Seirbhísí do Chustaiméirí |
Tá ár bhfoireann Seirbhísí do Chustaiméirí ar fáil ar 091 536400 idir 9am agus 5pm. Glaoigh orain, le do thoil, má tá ní criticiúil le plé agat. I ndiaidh na n-uaireanta sin, tá ár seirbhís éigeandála ar fáil. Osclófar cuntar Sheirbhís do Chustaiméirí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i Halla na Cathrach ó 9.30rn - 1.00in gach lá, le haghaidh ceisteanna nach féidir déileáil leo ar an bhfón. Beidh iontráil chuig Halla na Cathrach teoranta chun cloí le riachtanais um scaradh sóisialta. Is féidir gach íocaíocht a dhéanamh chuig Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar an bhfón – 091 536400 i rith uaireanta oifige nó ar líne ag www.galwaycity.ie. Más gnách leat go n-íocann tú le hairgead tirim anseo inár n-oifigí, déan machnamh ar na roghanna malartacha seo anois. |
Tithíocht |
Ní oibreoidh an Oifig Tithíochta ach ar bhonn coinne amháin tar éis 29 Meitheamh. Más mian leat coinne a dhéanamh, glaoigh ar 091 894370 nó seol ríomhphost chuig housing@galwaycity.ie . Is féidir ceisteanna tithíochta a phlé ar an bhfón nó ar ríomhphost nó tríd an bpost. Seol ríomhphost chuig an Rannóg Tithíochta ag housing@galwaycity.ie nó glaoigh ar 091 536400. Maidir le gach fiosrúchán HAP, seol ríomhphost chuig hap@galwaycity.ie amháin. COVID-19: Próiséas Sealadach HPL1 Ba cheart d’iarratasóirí ar Thithíocht Sóisialta agus iarratasóirí ar Iasacht Atógáil Éireann a thabhairt ar aire go bhfuil socrú malartach sealadach i bhfeidhm, i ngeall ar an ngéarchéim COVID-19, a chealaíonn an riachtanas atá ann foirm HPL1 a fháil atá comhlánaithe go fisiciúil ó na Coimisinéirí Ioncaim, bíodh sé aghaidh ar aghaidh, sa phost nó ar chórais ar líne ROS/MyAccount na gCoimisinéirí Ioncaim. Ina áit, is féidir leis an iarratasóir a iarraidh ar an Údáras Áitiúil tabhairt faoi phróiséas leictreonach leis an eolas a fháil ó na Comisinéirí Ioncaim. Is féidir le daoine ar mian leo tabhairt faoin rogha seo dul i dteagmháil lena n-údarás áitiúil ag housing@galwaycity.ie agus a iarraidh air an fhoirm ábhartha HPL1 a fháil ar a son. Fógra tábhachtach maidir le tionóntachtaí HAP • Má fhaigheann tionóntaí HAP go bhfuil athrú i gcúinsí airgeadais de bharr COVID-19, ba chóir do na tionóntaí sin dul i dteagmháil leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí agus iarratas a dhéanamh ar na tacaíochtaí ábhartha: https://www.gov.ie/en/publication/cb3726-jobseekers-payments/ •D’fhéadfadh moill a bheith ar mhéideanna cíosa difreálacha a leasú mar thoradh ar an bhféidearthacht go mbeadh laghdú ar leibhéal foirne Chomhairle Cathrach na Gaillimhe - ní rachaidh sé seo i bhfeidhm ar d’íocaíocht HAP le do thiarna talún. Ar mhaithe le teagmháil dhíreach a laghdú, ba cheart do thionóntaí HAP seiceáil leis an Aonad HAP, Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar an teileafón 091- 536588 nó trí rphost chuig hap@galwaycity.ie sula dtiocfaidh siad i láthair go pearsanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Cíos Tithíochta Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag spreagadh gach custaiméara chun déileáil linn ar líne nó ar an teileafón. Más gnách leat do chíos tithíochta a íoc le hairgead tirim tríd an Oifig Airgeadais i Halla na Cathrach, déan socruithe malartacha, le do thoil, chun do chíos seachtainiúil a íoc. Is féidir íocaíocht a dhéanamh ar an bhfón nó ar líne. Mura bhfuil tú in ann socruithe malartacha a dhéanamh, seol ríomhphost chuig housing@galwaycity.ie nó glaoigh ar (091) 536400. Má chuaigh an phaindéim Covid-19 i bhfeidhm ar d’ioncam agus má theastaíonn athmheasúnú ar do chíos uait, comhlánaigh an fhoirm thíos agus seol ríomhphost chuig housing@galwaycity.ie. Beidh ball den fhoireann Cíosanna Tithíochta i dteagmháil leat ina dhiaidh sin. COVID19 Rent Adjustment Form.docx COVID19 Rent Adjustment Form.pdf Iasacht Tithíochta agus Scéim Ceannaigh Tionóntaí Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag spreagadh gach custaiméara chun déileáil linn ar líne nó ar an teileafón. Ná tar go pearsanta chuig Halla na Cathrach chun eolas a bhaineann le d’iarratas a lorg. Is féidir ceisteanna a sheoladh chuig housing@galwaycity.ie nó glaoigh ar (091) 536400. Oifigeach Idirchaidrimh d’Eastáit Tithíochta Leanfaidh na hOifigigh Idirchaidrimh d’Eastáit Tithíochta ag soláthar tacaíochta dár dtionóntaí agus is féidir teagmháil a dhéanamh leo ar an bhfón nó ar ríomhphost. Ní féidir cruinnithe duine le duine agus cuairteanna tí a éascú. |
Cothabháil Freagartha Tithíochta Mar chuid den iarracht leanúnach chun tarchur an víris COVID19 a shrianadh, tá gníomhaíochtaí Cothabhála Tithíochta á srianadh. Tá gach iarratas ar Chothabháil Freagraí á scagadh ón Aoine 13 Márta. Tabharfar aghaidh láithreach ar iarratais a mheastar atá criticiúil. Déanfar iarratas ar chothabháil neamhriachtanach a logáil agus déileálfar leo níos déanaí nuair a athróidh rudaí agus nuair a leasófar na srianta atá i bhfeidhm san am i láthair. Gheobhaidh tionontaí a dhéanann iarratas cothabhála glao ar ais chun measúnú den sórt sin a éascú, cuirfear comhairle orthu ag an bpointe sin maidir le catagóiriú na saincheiste agus leibhéal na freagartha. I measc na n-earraí criticiúla tá – Lochtanna leictreacha/Saincheisteanna pluiméireachta/lochtanna córais téimh/Fabraic thógála shuntasach nó saincheisteanna struchtúracha. I measc na n-earraí a ndéanfar catagóiriú orthu mar earraí neamhchriticiúla tá: (liosta neamh-uileghabhálach): Athsholáthar coire/soirn/Gearáin faoi shéideáin/Deisiúcháin inmheánacha – tíleanna/urláir, leaca fuinneog, adhmadóireacht srl./Earraí sláintíochta/Taise/comhdhlúthú/Maisiú/scoilteanna balla/Athsholáthar gloine/Fuinneoga agus doirse a chlúdú le hadhmad/Gáitéir & píopaí anuas ag silteach/Deisiúchán Soffit & Éadanchlár/Cróanna & seideanna/Ballaí seachtracha, geataí & fálta. Tabharfar tús áite do thionóntaí scothaosta agus/nó leochaileacha nuair a bheidh measúnú freagartha á dhéanamh. Tá an beart seo i bhfeidhm chun sláinte ár dtionóntaí, ár bhfoireann chonartha agus an phobail i gcoitinne a chosaint. |
Pleanáil |
Is mian leis an Roinn Pleanála, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, a chur in iúl don phobal go mbeidh an oifig pleanála ar oscailt arís ach gur gá coinne a dhéanamh sa chéad tréimhse seo agus go dtabharfar tús áite d’amharc ar chomhaid bheo. Is féidir go dtógfaidh sé tamall coinne a fháil de bhrí go bhfuil teorainn le líon na ndaoine is féidir a ligean isteach agus a choimeád scartha amach. Mar sin iarraimid ar ár gcustaiméirí gan teacht go dtí an oifig ach sa chás nach féidir a gcuid gnó a dhéanamh ar aon slí eile. Ar aon dul leis na treoirlínte náisiúnta, nuair a bhíonn eolas de dhíth ba chóir sa chéad áit féachaint ar shuíomh gréasáin an údaráis áitiúil, mar a bhfuil comhaid phleanála agus eolas ar fáil ar líne ag www.galwaycity.ie. Má tá eolas nó soiléiriú eile de dhíth, iarrtar ar an bpobal ríomhphost a chur chuig an roinn pleanála planning@galwaycity.ie nó glaoch ar 091 536599. (Mura bhfuil tú ar do chompord ag úsáid an tsuímh ghréasáin, is féidir iarraidh ar an bhfoireann pleanála cabhrú leat). Más gá duit cuairt a thabhairt ar na hoifigí pleanála, ba chóir glaoch ar 01 536599 chun coinne a dhéanamh, chun aird a thabhairt ar shláinte agus ar shábháilteacht an phobail agus na foirne agus chun bheith cinnte gur féidir bheith scartha amach i gcónaí, faoi mar a iarrtar orainn a dhéanamh faoi láthair. Iarrfar ar an bpobal a thugann cuairt ar an roinn pleanála eolas a chur ar fáil ar eagla go gcaithfear a dteagmhálaithe a rianú.
|
Iompar |
Níl aon dúnadh / srianta seirbhíse i bhfeidhm ag an Roinn Iompair faoi láthair.
|
Áineas & Conláiste |
Tá Reiligí an Bhóthair Mhóir agus Rathúin tar éis filleadh ar ghnáthuaireanta oscailte: - Dé Luain 8:00 go 4:15 i. n. - Dé Máirt 8:00 go 4:15 i.n. - Dé Céadaoin 8:00 go 4:15 i.n. - Déardaoin 8:00 go 4:15 i.n. - Dé hAoine 8:00 go 3.15 i.n. - Dé Sathairn 1:30 p.m. go 4:15 i.n. - Dé Domhnaigh (Gan adhlacthaí) Príomhgheataí ar oscailt 1:30 i.n. go 4:15 i.n. - Tá scaradh sóisialta agus 25 duine ar a mhéad riachtanach De réir Threoirlínte Leibhéal 5, beidh sochraidí teoranta do 10 caoineoir. Le haghaidh tuilleadh faisnéise pléigh le do hadhlacóir, le do thoil. Dúnadh na háiseanna seo a leanas: • Túr Tumadóireachta na Carraige Duibhe • Páirceáil ar fad ar feadh an Phromanáid i mBóthar na Trá • Rochtain feithiclí ar Thrá na gCeann Tá Ionaid Pobail dúnta do gach imeacht lena n-áirítear seirbhísí reiligiúnacha. Tá gach páirc agus cúirt agus limistéar ilúsáide cluichí (MUGA) dúnta. Fanfaidh limistéar Abhantrach an Chladaigh dúnta go dtí go bhfógrófar a mhalairt. Tá clóis súgartha Chomhairle Cathrach na Gaillimhe oscailte: Ba chóir do THUISMITHEOIR nó CAOMHNÓIR MAOIRSEACHT a dhéanamh i gcónaí ar pháistí a úsáideann Clóis Súgartha Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Tá tuismitheoirí nó caomhnóirí de dhíth: 1. A n-díghalrán láimhe féin a thabhairt leo chun lámha a leanaí a ghlanadh roimh, go tráthrialta le linn agus tar éis an trealamh clós súgartha a úsáid. Mura bhfuil sláintíochta den sórt sin ann, iarrtar ar thuismitheoirí nó ar chaomhnóirí staonadh ó ligean dá leanaí an trealamh a úsáid. 2. Scaradh fisiciúil idir leanaí a chinntiú 3. Comhairle a thabhairt do leanaí gan teagmháil a dhéanamh lena n-aghaidh, súile, srón agus béal. 4. A chinntiú go dtugann leanaí atá faoi do chúram aird ar úsáid shábháilte trealaimh agus ar shábháilteacht daoine eile i gcónaí. 5. Cloí leis an gcomhairle sláinte is nuashonraithe. |
Forbairt Eacnamaíochta, Pobal agus Cultúr |
Tá Fóram Pobail Freagra Pobail COVID-19 curtha ar bun do Chathair na Gaillimhe, arna chomhordú ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Tá líne chabhrach agus seoladh ríomhphoist tiomanta tacaíocht phobail seolta do Chathair na Gaillimhe, le cabhrú le baill den phobal atá i mbaol rochtain a fháil ar thacaiochtaí agus comhairle neamhéigeandála agus neamhleighis. Glaoigh ar 1800 400 150 nó seol ríomhphost chuig covidsupport@galwaycity.ie. ta sé ar fáil 7 lá na seachtaine ón 9rn go dtí an 5in. I measc iad siúd atá san Fhóram Pobail Freagra Pobail COVID-19, tá:
Is féidir sonraí iomlána ar an bhFóram Pobail Freagra Pobail a fháil anseo Is féidir fógra príobhaideachais ar an Líne Chabhrach Glaoch Pobail a fháil anseo. Tá Músaem Chathair na Gaillimhe dúnta go dtí go bhfógrófar a mhalairt. Is féidir le cuairteoirí an músaem a thaiscéaladh go fíorúil ag www.galwaycitymuseum.ie Tá gach léiriú in Amharclann Cathrach na Gaillimhe agus sa Dubhlann ar ceal nó go dtí go bhfógrófar a mhalairt. Beidh aisíocaíochtaí iomlána i bhfeidhm do chustaiméirí nuair a chealaítear imeacht. Le haghaidh sonraí, seol ríomhphost chuig thtsales@galwaycity.ie nó glaoigh ar 091 569777. Dúnfaidh foirgnimh leabharlainne Chathair na Gaillimhe, ach beidh siad ar fáil le haghaidh ríomhsheirbhísí agus glaoch agus bailiú. |
Comhshaol agus Athrú Aeráide |
Ag teacht le srianta Leibhéal 5 COVID-19 de chuid an Rialtais, beidh an láthair Chonláiste Cathartha ar an Lios Bháin dúnta. Tá Póna Madraí Chathair na Gaillimhe dúnta anois don phobal. Tá an tionscnamh glantachán earraí ar fionraí go dtí go bhfógrófar a mhalairt. Tosóidh an tseirbhís seo arís, nuair is cuí. Seirbhísí Bailithe Dramhaíola Teaghlaigh i gCathair na Gaillimhe Fógra ón Oifig Náisiúnta um Cheadú Bailithe Dramhaíola (NWCPO) Bí ar an eolas gur comhaontaíodh de réir choinníoll 6.6.12 de na Ceadanna um Bailiú Dramhaíola Teaghlaigh nach mbeidh aon teorainn ama i bhfeidhm maidir le dramhaíl ar thaobh an bhóthair a bhailiú ar feadh ré na géarchéime sláinte reatha COVID -19. Ar feadh ré na géarchéime sláinte reatha COVID -19 ní bheidh aon teorainn ama ann maidir le bailiú dramhaíola ó thaobh an bhóthar i gCathair na Gaillimhe. Má tá aon fhiosrúchán faoin méid thuasluaite seol ríomhphost chuig an seoladh ar leanas: wastecollectionpermits@galwaycity.ie Do chuid dramhaíola a bhainistiú. - Lean ort ag cur do chuid dramhaíola i láthair le bailiú ar do lá bailithe rialta mura gcuireann do bhailitheoir dramhaíola a mhalairt in iúl duit. - Cuir an dramhaíl go léir a d'úsáid tú, lena n-áirítear fíocháin agus maisc, i mála bruscair plaisteach. Ceangail an mála nuair atá sé thart ar thrí cheathrú lán. Cuir an mála plaisteach sa dara mála bruscair agus ceangail an mála. - Caith le gach dramhaíl ghlantacháin ar an mbealach céanna. Má tá aon cheist agat faoin méid thuas seol ríomhphost chuig wastecollectionpermits@galwaycity.ie |
Seirbhísí Uisce |
||||||||
Faoi láthair níl aon dhúnadh/srianta seirbhíse i bhfeidhm ag an Roinn Seirbhísí Uisce. Iarann Uisce Éireann, i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ar ghnólachtaí uisce a chaomhnú nó an t-uisce a chasadh dhó fad is atá foirgnimh dúnta nó folamh go sealadach. Le haghaidh tuilleadh faisnéise: https://www.water.ie/support/coronavirus-update/
|
Don eolas is déanaí, féach ar ár gcainéil ar na meáin shóisialta: https://www.facebook.com/GalwayCityCouncil/