-
An gcuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe áiseanna cúirt leadóige ar fáil sa chathair
Cuireann, tá na cúirteanna leadóige lonnaithe sna ceantair seo a leanas:
- Barr na Coille, Baile an Phoill, Gaillimh
- Páirc Mhic Craith, Bóthar Sheanghoirt, Cnoc na Cathrach, Gaillimh
- Faiche Spóirt Westside, Westside, Gaillimh
- Páirc Dhabhach Uisce, Bóthar Dhabhach Uisce, Gaillimh
- Páirc Ros Cam, Ros Cam, Gaillimh
Breathnaigh ar léarscáil de láthair na gcúirteanna leadóige thuasluaite
-
Cén sórt áiseanna atá ag na cúirteanna leadóige?
Tá dhá chúirt leadóige ag gach ceann de na hionaid thuasluaite.
-
Cén chaoi a gcuirfidh mé cúirt leadóige in áirithe?
Ní gá na cúirteanna a chur in áirithint agus níl srian ar uaireanta oscailte na n-áiseanna seo.
-
An bhfuil táillí i gceist maidir le húsáid cúirt leadóige?
Níl aon táille ar na cúirteanna leadóige a úsáid.