-
Deontas um Chúnamh Deontais do Dhaoine Scothaosta
Tá an Deontas um Chúnamh Deontais do Dhaoine Scothaosta ar fáil le cabhrú le daoine, 66 bliain d'aois nó níos mó, atá ag cónaí i droch-choinníollacha tithíochta chun deisiúcháin nó feabhsúcháin a dhéanamh ionas gur féidir leo leanúint ag cónaí ina dteach féin.
Áirítear leis an obair a dtugtar cúnamh deontais di faoin scéim seo:
- Cabhrú chun díon a dheisiú nó a ionadú; (caithfear litir ó do chuideachta árachais ina luaitear nach gclúdaítear deisiúcháin faoi do pholasaí a chur isteach le d'iarratas)
- Uasghrádú leis an sreangú leictreach; (caithfear tuairisc ó Leictreoir cláraithe ina ndéantar cur síos ar na deisiúcháin riachtanacha a chur isteach le d'iarratas)
- Teas lárnach a chur ar fáil, i.e. i gcás nach bhfuil aon teas lárnach nó go bhfuil sé briste níos mó ná is féidir a dheisiú; (caithfear tuairisc ó chonraitheoir teasa ag teastáil ina luaitear nach féidir an córas teasa reatha a dheisiú a chur isteach le d'iarratas)
- Doirse agus fuinneoga a dheisiú nó a ionadú.
Tá níos mó faisnéise ar fáil ar an deontas seo tríd an fhoirm iarratais thíos a íoslódáil.
Foirm Iarratais: Deontas um Oiriúnú Tithe do Sheanóirí agus do Dhaoine faoi Mhíchumas