Acmhainn ar líne is í ‘Deais Ghluaisteachta’ Chathair na Gaillimhe ar a léirítear treochtaí i bpatrúin taistil i gCathair na Gaillimhe, lena n-áirítear amanna turais fíor-ama; líon na ngluaisteán a théann tríd an gcathair ar lá faoi leith, agus foláirimh thaistil freisin.
Tá roinnt uirlisí agus clibeanna ar Dheais Ghluaiseachta Chathair na Gaillimhe chun faisnéis faoi thaisteal i gCathair na Gaillimhe a léiriú, agus bheadh spéis ag an bpobal san fhaisnéis sin, chomh maith le Comhairleoirí a sholáthraíonn tionscadail iompair, tithíochta nó caipitil eile sa Chathair. Is féidir teacht ar an Deais ag https://mytrafficcounts.com/public-login
Taispeántar sonraí ó roinnt foinsí éagsúla ar Dheais Ghluaiseachta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, agus suirbhéanna tráchta bliantúla Chathair na Gaillimhe; Sonraí comaitéireachta daonáirimh; sonraí ama taistil; agus cuntair tráchta buana ina measc, gan ach cúpla a lua. Beidh sonraí ó roinnt braiteoirí tráchta ar fud na cathrach curtha leis chomh maith sna míonna amach romhainn.
Tá an painéal ag céim ‘béite’ faoi láthair (Bealtine 2021), agus fágann sé sin go bhfuil tástáil á dhéanamh air de réir mar a chuirtear foinsí agus uirlisí sonraí nua leis.
Tá fáilte romhat aiseolas maidir leis an deais ar roads@galwaycity.ie
Maoinítear Deais Ghluaiseachta Chathair na Gaillimhe trí dheontais Spreagtha an Údaráis Náisiúnta Iompair 2020 agus is é Idaso Ltd a rinne í a fhorbairt. Tabhair faoi deara gur fearr breathnú ar an suíomh sa leagan is déanaí de Chrome.