Diúscairt Dramhaíola Tí

  • Diúscairt Dramhaíola Tí i gCathair na Gaillimhe

    Tabhair faoi deara, le do thoil, gur do shealbhóirí tí Chathair na Gaillimhe amháin atá an t-eolas seo a leanas. Má tá tú i do chónaí lasmuigh de theorainn Chathair na Gaillimhe, déan teagmháil leis an údarás áitiúil ábhartha le do thoil.

    Cén chaoi a bhfaighim réidh le mo dhramhaíl tí?

    Faoi reachtaíocht náisiúnta, caithfidh gach sealbhóir tí a dhramhaíl a scaradh ina sruthanna éagsúla dramhaíola agus caithfidh siad fáil réidh léi ach bailitheoir ceadaithe dramhaíola nó saoráid cheadaithe/cheadúnaithe dramhaíola a úsáid nó ach í a thabhairt go hionad fág anseo nó go siopaí carthanachta le haghaidh earraí ath-inúsáidte.

    Tá ar gach táirgeoir dramhaíola, sealbhóirí tí san áireamh, an méid dramhaíola a dhéanann siad a laghdú agus earraí a athúsáid seachas fáil réidh leo nuair is féidir. Féach na naisc úsáideacha thíos.

    Barr...

  • Cén t-am ar féidir dramhaíl a bhailiú i gCathair na Gaillimhe?

    Bailiú dramhaíola tráchtála - níl aon srian ama ar an am a bhféadfar an dramhaíl sin a bhailiú i gCathair na Gaillimhe.
    Bailiú dramhaíola tí

    Chun tionchar an Bhailithe Dramhaíola Tí ar chónaitheoirí a theorannú, áirítear uaireanta oscailte ceadaithe sna ceadanna a eisítear chuig Oibreoirí Bailithe Dramhaíola Tí.

    ·        Má tá cónaí ort i limistéar i gCathair na Gaillimhe ina bhfuil luasteorainn 60 ciliméadar nó níos ísle i bhfeidhm, féadfar bailiúcháin dramhaíola tí a dhéanamh idir 6am agus 10pm

    ·        Má tá cónaí ort i limistéar i gCathair na Gaillimhe ina bhfuil luasteorainn 80 ciliméadar nó níos airde i bhfeidhm, féadfar an dramhaíl tí a bhailiú aon tráth.


    Sonraítear i gcoinníoll 6.6.12 den Chead bailithe dramhaíola “Déanfaidh sealbhóir an cheada torann agus núis a íoslaghdú”.

    Má tá gearán agat maidir le hamanna bailithe dramhaíola i do cheantar ba chóir duit teagmháil a dhéanamh ar an gcéad dul síos leis an mbailitheoir dramhaíola chun iad a chur ar an eolas faoin bhfadhb. B’fhéidir nach bhfuil siad feasach go bhfuil fadhb lena gcuid gníomhaíochtaí bailithe dramhaíola.

     

    Barr...

  • Cé na sruthanna dramhaíola ina bhfuil orm mo dhramhaíl tí a scaradh?

    Ar a laghad ar bith, tá ort do dhramhaíl tí a scaradh sna sruthanna dramhaíola seo a leanas:

    Tá ar bhailitheoirí dramhaíola eolas a chur ar fáil dá gcustaiméirí ar a dtéann i ngach araid.

    Barr...

  • Cá bhfuil mé in ann na haraidí, a mbaileofar mo dhramhaíl uathu, a fháil?

    Cuireann na bailitheoirí ceadaithe dramhaíola thíos seirbhís bailithe dramhaíola tí ar cholbha an chosáin ar fáil i gCathair na Gaillimhe. Déan teagmháil leis na bailitheoirí dramhaíola go díreach chun tuilleadh eolais a fháil ar na seirbhísí a chuireann siad ar fáil.

    Barr...

  • Níl spás agam d'araidí, cén chaoi a bhféadfainn málaí a fháil do mo dhramhaíl tí?

    Níl bailiú dramhaíola tí i málaí ar fáil ach in imthosca eisceachtúla a leagtar amach sa chritéir ón Roinn Comhshaoil.

    Caithfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe tú a fhaomhadh chun díolúine araide rothaí a fháil.

    Tá na sonraí ar fad agus foirm iarratais ar fáil ó http://www.galwaycity.ie/pay-by-weight/ Féach an fhoirm cheangailte. Ceangail foirm.

    Barr...

  • Cá bhfuil mé in ann málaí do mo dhramhaíl tí a fháil?

    Níl málaí dramhaíola agus athchúrsála ar fáil faoi láthair ach óBarna Recycling - 091 771619 nó ó sales@BarnaRecycling.com

    Caithfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe tú a fhaomhadh do sheirbhís bailithe dramhaíola tí i málaí sula ndéanann tú teagmháil le Barna Recycling. Féach freisin an fhoirm cheangailte. Ceangail foirm.

    Barr...

  • An féidir liom mo mhúiríneoir baile féin a úsáid?

    Tá cead ag sealbhóirí tí a mbia féin agus a ndramhaíl ón ngairdín a mhúiríniú i múiríneoir baile.

    Ba chóir bheith an-chúramach leis an ndramhaíl bia a chuirtear isteach san araid múirín. Níor chóir bia cócaráilte, feoil, arán nó táirgí déiríochta a chur san araid bhaile múirín. Ní féidir na rudaí céanna a chur i d'araid múirín le haghaidh bailithe dramhaíola agus i d'araid bhaile múirín. http://www.stopfoodwaste.ie/home-composting/

    Barr...

  • Cá bhfuil mé in ann na sruthanna dramhaíola seo a leanas a athchúrsáil?

    • Gloine agus prócaí - Bainc buidéal ar fud na Cathrach.
    • Seanéadaí - Is féidir éadaí a d'fhéadfaí a athúsáid a thabhairt do shiopaí carthanachta nó a chur i mbainc éadaí ar fud na Cathrach. Is féidir éadaí nach bhféadfaí a athúsáid a chur i mbainc éadaí ar fud na Cathrach.

    Tá tuilleadh eolais ar fáil ag http://www.galwaycity.ie/bring-banks-2/

    Barr...

  • Cén áit ar féidir liom mo dhramhaíl nach dtéann i m'araidí a thabhairt?

    Tá earraí móra in-athchúrsáilte plaisteacha/miotail/adhmaid, ola úsáidte chócaireachta agus innill, dramhearraí leictreacha agus cadhnraí i measc na n-earraí a nglactar leo ag Ionad Athchúrsála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe in Eastát Tionsclaíochta an Leasa Bháin.

    Tá tuilleadh eolais ar fáil ag http://www.galwaycity.ie/environment-litter-waste/recycling-centre-2

    Barna Recycling, Ceathrú an Bhrúnaigh, Bóthar Áth Cinn, Co. na Gaillimhe - 091 771619, sales@BarnaRecycling.com www.barnarecycling.com agus

    Cuireann The City Bin Company, Órán Mór, Co. na Gaillimhe - 091 787800, home@citybin.comwww.citybin.com seirbhís diúscartha dramhaíola ar fáil ag a saoráidí freisin.

    Déan teagmháil leo go díreach chun tuilleadh eolais a fháil ar na seirbhísí a chuireann siad ar fáil.

    Barr...

  • Cén chaoi a mbaileofar earraí móra dramhaíola ó mo theach?

    Cuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe seirbhís bailithe earraí téagartha ar fáil. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag http://www.galwaycity.ie/environment-litter-waste/bulky-goods-collection-2

    Má úsáideann tú bailitheor príobháideach dramhaíola, déan cinnte go bhfuil cead bailí bailithe dramhaíola acu.

    Barr...

  • Cén chaoi a bhfaighim réidh le hearraí leictreacha agus le cadhnraí?

    Tá eolas faoi dhiúscairt dramhearraí leictreacha agus cadhnraí ar fáil ag http://www.galwaycity.ie/environment-litter-waste/weee-2

    Barr...

  • An féidir liom mo dhramhaíl a dhó?

    Ní féidir. Tá sé i gcoinne an dlí dramhaíl a dhó. Is féidir le dó neamhrialaithe dramhaíola bheith mar chúis le truailliú aeir, a d'fhéadfadh saincheisteanna tromchúiseacha sláinte agus sábháilteachta a chruthú, tinneas riospráide ar nós asma ina measc.

    Is cion faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola 1996 agus/nó faoin Acht um Thruailliú Aeir dramhaíl a dhó.

    Is féidir le Comhairle Cathrach na Gaillimhe an dlí a chur ar chiontóirí faoi reachtaíocht um bainistiú dramhaíola agus um thruailliú aeir agus fíneálacha chomh hard le €3,000 a ghearradh orthu.

    Barr...

  • An féidir pionós a ghearradh orm mura bhfaighim réidh le mo dhramhaíl i gceart?

    Is féidir. Tá tú freagrach as diúscairt cheart do dhramhaíola.

    Is féidir le dumpáil dramhaíola, dramhaíl bia ach go háirithe, míolra a mhealladh, a bhaineann iarmhairtí sláinte agus sábháilteachta, chomh maith leis an riosca gortaithe óna bhfuil sa dramhaíl, leis.

    D'fhéadfadh Comhairle Cathrach na Gaillimhe fíneálacha bruscair a ghearradh as mionsáruithe an Achta um Thruailliú ó Bhruscar 1997, arna leasú. Déileáiltear le sáruithe níos tromchúisí a bhaineann le bainistiú dramhaíola faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola 1996, arna leasú.

    Áirítear leis seo do dhramhaíl a thabhairt do bhailitheoir neamhcheadaithe dramhaíola. Is cion faoin Acht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997 málaí dramhaíola neamhúdaraithe a chur amach i gceantar poiblí. Is cion faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996 dramhaíl a dhumpáil.

    Is féidir le Comhairle Cathrach na Gaillimhe an dlí a chur ar chiontóirí agus fíneálacha chomh hard le €3,000 a ghearradh orthu.

    Barr...

  • Cén chaoi a bhfuil a fhios agam go bhfuil cead ag duine, a bhfuil seirbhís bailithe dramhaíola á cur ar fáil acu, dramhaíl a bhailiú?

    Tá liosta de na bailitheoirí ar fad a bhfuil cead bailí bailithe dramhaíola acu ar fáil ag http://www.nwcpo.ie/permitsearch.aspx

    Tá ar na bailitheoirí ceadaithe dramhaíola ar fad a bhfeithiclí a mharcáil le sonraí a gceada bailithe dramhaíola agus cóip dá gcead bailithe dramhaíola a bheith san fheithicil.

    Barr...

  • Cén áit ar féidir liom tuilleadh eolais ar laghdú agus ar athchúrsáil dramhaíola a fháil?

    Tá tuilleadh eolais ar fáil ag na naisc athchúrsála seo a leanas:

    https://www.repak.ie/for-consumers/what-can-i-recycle/

    http://www.stopfoodwaste.ie/

    http://www.stopfoodwaste.ie/home-composting/

    http://www.weeeireland.ie/consumers/

    http://www.curwmo.ie/

    http://www.epa.ie/researchandeducation/education/educ/sustainableresourceuse/recycling-wasteasaresource/

    Barr...

  • Cad ba chóir dom a dhéanamh má fheicim dumpáil nó dramhaíl á dó?

    Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar 091 536400 http://www.galwaycity.ie/environment-litter-waste/litter-illegal-dumping/report-it/?filter=Illegal%20Dumping chun gearán a dhéanamh faoi.

    Níl ort do shonraí teagmhála a thabhairt. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Líne Náisiúnta Ghearáin na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil chomh maith ar 1800 365 123 http://www.epa.ie/enforcement/report/nationalenvironmentalcomplaintsline/

    Barr...