Dramhaíl Tógála agus Scartála

Faoin reachtaíocht dramhaíola, sainmhínítear dramhaíl tógála agus scartála mar gach dramhaíl a eascraíonn as gníomhaíochtaí tógála, athchóirithe agus scartála.

Tá ithir agus cloch, táirgí barrachais agus damáiste agus ábhair a eascraíonn ag oibreacha tógála nó a úsáidtear go sealadach le linn gníomhaíochtaí ar an láthair, in éineacht le cartadh dreideála i gceist. Is féidir leis na hábhair seo a bheith guaiseach. Cliceáil anseo  doiciméad na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil ar Aicmiú Dramhaíola lena n-áirítear an Liosta Dramhaíola (Catalóg Dramhaíola Eorpach EWC roimhe seo) agus liosta eile de dhoiciméid treorach dramhaíola.

    • Más rud go bhfuil tú freagrach as tionscadal tógála agus scartála a dhéanamh, ní mór duit a chinntiú go bhfuil plean bainistíochta dramhaíola agat do gach dramhaíl a ghintear mar gheall ar an ngníomhaíocht seo AGUS a chinntiú go bhfuil sé deighilte ionas gur féidir í a athúsáid, a athchúrsáil nó a dhiúscairt mar is cuí.
    • I gcás nach féidir dramhaíl tógála nó scartála a athúsáid nó a athchúrsáil, ní mór an dramhaíl sin a iompar chuig áiseanna údaraithe dramhaíola agus úsáid á baint as seirbhísí bailitheoirí dramhaíola údaraithe.
    • Pleananna Bainistíochta Dramhaíola do Thionscadail Tógála agus Scartála 2021 ar fáil anseo .
    • seicliostaí geilleagair chiorclaigh don earnáil tógála ar fáil anseo

Mar achoimre, beidh ort:

    • Déan meastachán ar an méid dramhaíola a ghinfear.
    • Ní mór dramhaíl a ghintear ar an láithreán a dheighilt de réir an chineáil dramhaíola atá ann, nuair is féidir.
    • Ba chóir na rudaí seo a leanas a dhéanamh do gach dramhaíl a aistrítear den láithreán, ithir agus cloch san áireamh:
    • Ní mór taifid a choinneáil ar an láthair chun a chruthú gur bainistíodh an dramhaíl mar is ceart. Moltar na taifid seo a choinneáil ar feadh 7 mbliana ar a laghad.
    • Is féidir Pleananna Bainistíochta Dramhaíola a bhfuil críochnaithe a chur ar aghaidh chuig an seoladh seo:

An Rannóg Comhshaoil, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh. H91 X4K8. Rphost:  environment@galwaycity.ie 

 

Links

https://www.epa.ie/publications/monitoring--assessment/waste/2019--FULL-template.pdf https://www.epa.ie/publications/circular-economy/resources/CDWasteGuidelines.pdf