Droichead Chora na mBradán do Choisithe agus do Rothaithe

Táthar ag leanúint ar aghaidh leis na hoibreacha tógála a bhaineann le Droichead Coisithe agus Rothar Nua Dhroichead na mBradán. Tá an Conraitheoir, Jons Civil Engineering Limited, ag ullmhú ceantair chun príomhréis an droichid a ardú. Ciallaíonn sé seo gur gá socruithe sealadacha bainistíochta tráchta a chur i bhfeidhm sa cheantar mórthimpeall na hArdeaglaise. Áirítear sa phlean bainistíochta tráchta reatha go mbeidh cuid de Bhóthar an Phríosúin agus an carrchlós ó dheas den Ardeaglais dúnta. Féach ar an léaráid atá i gceangal leis seo; Céim 2 Plean Bainistíochta Tráchta Sealadach

Idir an 27 Samhain agus an 22 Nollaig, cuirfear tús le céim nua bainistíochta tráchta sa cheantar mórthimpeall na hardeaglaise. Ciallaíonn sé seo gur gá na bóithre atá dúnta sa cheantar a athrú agus go mbeidh stadanna bus á n-athlonnú. Féach ar an léaráid thíos ar a bhfuil eolas maidir le; Céim 3 Plean Bainistíochta Tráchta Sealadach.

  •  

    (Eanáir 2020) Tá rogha déanta maidir leis an droichead seo, rogha ar dócha go nglacfar leis, agus tá an tuairisciú comhshaoil faoi lán seoil. Beartaíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe an tionscadal a chur ar aghaidh le haghaidh cead pleanála in 2020. Cuirfear sonraí breise ar fáil mar chuid den phróiseas pleanála.

    (Meitheamh 2020) Ar bhéal na Coiribe atá Cathair na Gaillimhe suite, agus tá ceithre dhroichead ar an abhainn a thugann cónaitheoirí trasna na habhann is sciobtha san Eoraip, isteach i lár na cathrach, agus siar go Conamara nó soir ar bhealach eile. Cuireadh tús Dé Céadaoin an 10ú Meitheamh le tionscadal a chuirfidh athrú ó bhun ar chathair na Gaillimhe, nuair a vótáil Comhairleoirí Cathrach na Gaillimhe de mhóramh mór ar son Dhroichead na mBradán do Choisithe agus do Rothaithe. Rachaidh an plean don droichead nua ar aghaidh anois chuig an mBord Pleanála dá gceadú. Seo an chéad trasnú a beartaíodh ar an abhainn i nGaillimh le breis is 30 bliain.

    Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag iarraidh ar an bpobal tuilleadh a fháil amach faoin droichead beartaithe seo, trí ‘sheisiún fíorúil eolais’ a bheidh mar chuid den eolas poiblí neamhreachtúil ar an togra. De bharr shrianta Covid-19, tá seomra eolais fíorúil leagtha amach ag an bhfoireann dearaidh, mar ar féidir leis an bpobal léamh faoin droichead nua – beidh doiciméid an togra, múnlaí beo agus ‘eitilt fhíorúil tríd’ ar fáil. Beidh an suíomh beo ón Luan 29 Meitheamh agus é ar fáil ag https://virtualengage.arup.com/salmon-weir/

  • Cinneadh ar scagadh Mheasúnú Tionchair Timpeallachta - Droichead na mBradán do Choisithe agus do Rothaithe (Meitheamh 2020)

    Tugtar fógra leis seo go mbeartaíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe droichead do choisithe agus do rothaithe a thógáil láimh le Droichead na mBradán.  Beidh an fhorbairt bheartaithe suite idir Bóthar an Phríosúin agus Baile Nua Mhic Gabhann i lár chathair na Gaillimhe agus trasnóidh sé Abhainn na Coiribe Íochtarach.Tá sé ráite in Alt 50(1)(d) d’Acht na mBóithre (leasaithe) i gcás ina mbeartaítear bóthar poiblí (tá an droichead san aicmiú seo) a thógáil ar láithreán Eorpach (nó ar láithreán eile atá liostaithe in alt 50 (1) (d)), ní mór don údarás a bheartaíonn an fhorbairt cinneadh ar scagadh Mheasúnú Tionchair Timpeallachta a dhéanamh agus an cinneadh a chur ar fáil don phobal.  Rinneadh an cinneadh ar an 25 Meitheamh 2020 agus tá sé ar fáil lena léamh ag an bpobal.

     

  • EIA Screening Report Salmon Weir Pedestrian and Cycle Bridge.pdf
  • EIA Screening Determination Salmon Weir Pedestrian and Cycle Bridge July 2020.pdf   

  • Report for the purposes of Appropriate Assessment Screening Salmon Weir Ped Cycle Bridge July 2020.pdf

  • AA Screening Determination Salmon Weir Pedestrian and Cycle Bridge.pdf
  • Image of Proposed Bridge

    Image of Proposed Bridge


    An droichead atá ann anois, agus struchtúr easóg Iascach Intíre Éireann sa tulra.

  • Treoir An Bhoird Phleanála Meán Fómhair 2020


    Tar éis scagadh EIA a chur isteach agus iarraidh ar threoir ón mBord Pleanála - fuair Comhairle Cathrach na Gaillimhe an treoir an 30 Meán Fómhair 2020.

    Féach le do thoil
    (a) Board Order D307443.pdf
    (b) Inspectors Report R307443.pdf 
    (c) Board Direction S307443.pdf

    Is féidir an treo iomlán a fheiceáil ar suiomh An Bord Phleanála.

     

    Beidh Droichead Chora na mBradán do Choisithe agus Rothaithe á mhaoiniú go páirteach ag an Údarás Náisiúnta Iompair agus ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa , le tacaíocht ó Thionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair.

    Gheofar tuilleadh eolais ach teagmháil a dhéanamh le foireann BusConnects na Gaillimhe i gComhairle Cathrach na Gaillimhe

    busconnects@galwaycity.ie

    Fón: 091 536400

 

 

Doiciméid

An Bord Pleanála Submissions re Salmon Weir Pedestrian Bridge.pdf

ABP-308783-10 - TII Letter confirming that they have no objections.pdf

ABP-308783-20 - Submission - Alice and William Holland.pdf

ABP-308783-20 - Submission - An Taisce Galway Planning Committee.pdf

ABP-308783-20 - Submission - Ann Francis-Coyne.pdf

ABP-308783-20 - Submission - DAU.pdf

ABP-308783-20 - Submission - Galway Cycling Campaign.pdf

ABP-308783-20 - Submission - Gluas Committee.pdf

ABP-308783-20 - Submission - Hands Accross the Corrib.pdf

ABP-308783-20 - Submission - Inland Fisheries Ireland.pdf

ABP-308783-20 - Submission - Mary Francis-O'Connghailef.pdf

ABP-308783-20 - Submission - Owen Hanley.pdf

 

Beidh aighneachtaí ar fáil don phobal lena léamh ag Oifi gí Pleanála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Cathair na Gaillimhe, ón 11 Feabhra 2021, óna 10am go dtí a 1pm Luan go hAoine,  nó é a cheannach ar chostas €15.
Mar gheall ar an bpaindéim Covid-19 is gá coinne a dhéanamh chun dul isteach in oifi gí na Comhairle.


Glaoigh ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar 091-536599 nó seol ríomhphost chuig planning@galwaycity.ie má tá aon cheist agat nó más mian leat coinne a shocrú.

 

Talamh a Cheannach go hÉigeantach - Fógra (Aibreán 2021)

FÓGRA GUR DHEIMHNIGH COMHAIRLE CATHRACH NA GAILLIMHE ORDÚ CEANNAIGH ÉIGEANTAIGH A RINNEADH FAOI ALT 76 AGUS FAOIN TRÍÚ SCEIDEAL DEN ACHT TITHÍOCHTA 1966, A LEATHNAÍODH LE hALT 10 DEN ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (UIMH. 2), 1960, (ARNA N-IONADÚ AG ALT 86 DEN ACHT TITHÍOCHTA , 1966 AGUS MAR A LEASAÍODH LE hALT 6 AGUS AN DARA SCEIDEAL D’ACHT NA mBÓITHRE 1993 (LEASAITHE) AGUS AN tACHT UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT 2000 (LEASAITHE)) I DTACA LE GACH CUID DEN TALAMH LENA MBAINEANN AN tORDÚ CEANNAIGH ÉIGEANTAIGH, LE FOILSIÚ DE RÉIR ALT 78(1) DEN ACHT TITHÍOCHTA, 1966, ARNA LEASÚ LEIS AN ACHT UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT 2000 (LEASAITHE).

 

TALAMH A CHEANNACH GO hÉIGEANTACH

ORDÚ CEANNAIGH ÉIGEANTAIGH CHOMHAIRLE CATHRACH NA GAILLIMHE MAIDIR LE DROICHEAD NA mBRADÁN DO CHOISITHE AGUS DO ROTHAITHE UIMH. SWB-CPO-001, 2020 I gCATHAIR NA GAILLIMHE

 

Rinne Comhairle Cathrach na Gaillimhe Ordú Deimhnithe ar an 19 Aibreán 2021 lena ndeimhnítear an t-ordú ceannaigh éigeantaigh thuasluaite gan mhionathrú maidir leis na tailte atá tuairiscithe sa Sceideal a ghabhann leis seo. 

Tá an tOrdú Ceannaigh Éigeantach riachtanach chun Droichead na mBradán do Choisithe agus do Rothaithe a thógáil idir Bóthar an Phríosúin agus Baile Nua Mhic Gabhann i gCathair na Gaillimhe, mar aon leis na hoibreacha coimhdeacha go léir a bhaineann leis, agus ar mhaithe le bonneagar a sholáthar chun siúl agus rothaíocht a éascú.

Údaraíonn an t-ordú réamhráite, mar a deimhníodh é, do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe an talamh a ndéantar cur síos air sa Sceideal leis seo a cheannach go héigeantach. 

 

Is féidir cóip den ordú, mar a dheimhnítear é, agus den mhapa dá dtagraítear ann a iniúchadh: -

-          ar láithreán gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag www.busconnectsgalway.ie and,

-          ag Oifigí Pleanála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Cathair na Gaillimhe ó 10 am go 1 pm Luan go hAoine, seachas laethanta saoire poiblí. 

Mar gheall ar an bpaindéim Covid-19 is gá coinne a dhéanamh chun dul isteach in oifigí na Comhairle. Glaoigh ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar 091-536599 nó seol ríomhphost chuig planning@galwaycity.ie má tá ceist agat nó más mian leat coinne a dhéanamh.

Tiocfaidh an t-ordú, mar a dheimhnítear é, i bhfeidhm trí seachtaine ó dháta foilsithe an fhógra seo.

Féadfar iarratas ar athbhreithniú breithiúnach ar chinneadh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe faoi Ordú 84 de Rialacha na gCúirteanna Uachtaracha (IR Uimh. 15 de 1986) a dhéanamh chun na hArd-Chúirte laistigh de ocht seachtaine ó dháta foilsithe an fhógra seo i gcomhréir le halt 50 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, leasaithe.  Gheofar eolas praiticiúil ar an modh athbhreithnithe anseo

 

 Dátaithe an 22ú lá seo d’Aibreán 2021.

 Síniú:  Mr Brendan McGrath

Príomhfheidhmeannach

Comhairle Cathrach na Gailimhe,

Halla na Cathrach,

Bóthar an Choláiste,

Gaillimh.

 

Droichead na mBradán do Choisithe agus do Rothaithe - Sceideal I

Droichead na mBradán do Choisithe agus do Rothaithe - Sceideal II

Droichead na mBradán do Choisithe agus do Rothaithe - Sceideal III

Droichead na mBradán do Choisithe agus do Rothaithe - Sceideal IV

 

Fáiltíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh faomhadh don Droichead Coisithe agus Rothaithe ar Dhroichead na mBradán (Lunasa 2021)

(Lunasa 2021) Bhronn An Bord Pleanála cead ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe leanúint ar aghaidh le pleananna le haghaidh droichid nua do choisithe agus rothaithe a bheidh comhthreomhar le Droichead na mBradán.

Meallfaidh an droichead nua coisithe agus rothaithe agus éascoidh sé sruth réidh, nádúrtha ón dá thaobh den abhainn. Ag an am céanna, cruthófar pointe fócais iocónach do mhuintir na háite agus do thurasóirí araon chun sásamh a bhaint as an radharc ar Abhainn na Gaillimhe, ar Dhroichead na mBradán, ar an Ardeaglais, ar an bhfiadhúlra agus ar oidhreacht thógtha an cheantair – beidh píosa infreastruchtúir iompair chomh maith le foinse thaitneamhachta uirbeach agus ailtireachta á sholáthar.

Ag labhairt dó faoin gcinneadh, dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Brendan McGrath:

“Is cuid de Straitéise Iompair na Gaillimhe (SIG) é an togra do Dhroichead na mBradán do Choisithe agus Rothaithe – agus is í an aidhm ná feabhas a chur ar an taisteal inbhuanaithe i lár na cathrach agus an spleáchas ar an gcarr príobháideach a laghú, ar aon dul le polasaithe náisiúnta iompair agus pleanála. Is dea-scéala é an cinneadh seo cead a thabhairt don tionscadal, agus ligeann sé dúinn dul ag aghaidh go dtí an chéad chéim eile. Beidh dlúthcheangal ag an bhforbairt shuntasach seo le tionscadail eile ar nós BusConnects Gaillimh, feabhsuithe sa ríocht phoiblí i mBaile Nua Mhic Gabhann; agus Plás Cathrach ata le cruthú ar Bhóthar na hArdeaglaise/an Phríosúin. Oibreoidh siad seo go leir le chéile chun spásanna níos sábháilte a chruthú do choisithe agus do rothaithe agus iad ag bogadh tríd an gcathair, agus beidh ríocht phoiblí níos taitheamhaí ann do chách.”

Chuaigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe i mbun comhairliúcháin shuntasaigh leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara maidir leis an tionscadal an samhradh seo caite. Reáchtáladh seomraí eolais fíorúla in ionad cruinnithe aghaidh ar aghaidh de bharr na paindéime.

Fuair Comhairle Cathrach na Gaillimhe comhchistiú don togra faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus fuarthas cistiú meaitseála ón Údarás Náisiúnta Iompair.

Sna chéad chéimeanna eile den phróiseas, beifear ag cur i gcrích an doiciméadúchán mionsonraithe maidir le dearadh agus tairiscint don chéim tógála; ansin lorgófar tairiscintí agus bronnfar an conradh. Táthar ag súil go gcuirfear tús leis an tógáil go luath sa bhliain 2022.

An Bord Pleanala - Letter to Galway City Council re Decision - Salmon Weir Pedestrian and Cycle Bridge Aug 2021

An Bord Pleanala - Board Direction - Salmon Weir Pedestrian and Cycle Bridge Aug 2021

An Bord Pleanala - Board Order - Salmon Weir Pedestrian and Cycle Bridge Aug 2021

An Bord Pleanala - Inspector's Report - Salmon Weir Pedestrian and Cycle Bridge Aug 2021