Droichead Wolfe Tone

 

Dúnadh Lána Dhroichead Wolfe Tone

Tiocfaidh dúnadh lána singil thar Dhroichead Wolfe Tone i bhfeidhm ar na hoícheanta seo a leanas;

Dé Máirt 26ú Meán Fómhair, dúnadh an lána theas ó 9in go 6.30rn
Dé Céadaoin 27ú Meán Fómhair, dúnadh an lána theas ó 9in go 6.30rn
Déardaoin 28ú Meán Fómhair, dúnadh an lána theas ó 9in go 6.30rn
Dé hAoine 29ú Meán Fómhair, dúnadh an lána theas ó 9in go 6.30rn

Beidh plean bainistíochta tráchta sealadach i bhfeidhm a chuimseoidh socrú soilse tráchta.

 

Droichead Wolfe Tone

Cuirtear in iúl don phobal go bhfuil an obair tógála ar Dhroichead Coisithe Wolfe Tone II le tosú Dé Luain an 28 Lúnasa 2023. Féach ar Dhroichead Coisithe Wolfe Tone II – Fótamontáis ag an nasc thíos, a dhéanann cur síos ar an scéim roimh agus ina dhiaidh na hoibre.

Dhroichead Coisithe Wolfe Tone II – Fótamontáis

D'fhonn an scéim seo a éascú, cuireadh achar ar fáil don gconraitheoir ceaptha, Kenny Civils, lena úsáid mar bhábhún tógála ar feadh thréimhse na hoibre. Tá tuilleadh eolais ina leith le feiceáil sa chuid  Droichead Coisithe Wolfe Tone II - Imlíne agus Bábhún Tógála ag an nasc thíos.

Droichead Coisithe Wolfe Tone II - Imlíne agus Bábhún Tógála

Más gá, bainfear úsáid as cosaintí sealadacha tuilte le linn tréimhse na tógála.

De réir mar a théann an scéim ar aghaidh ar an suíomh, beidh gá le córais sealadacha éagsúla um bhainistíocht na tráchta  d'fhonn an obair tógála a éascú.

Éileoidh na bearta tosaigh um bhainistíocht shealadach na tráchta go ndúnfar an cosán íos-srutha ó Mhargaidh an Éisc ag an bPóirse Caoch go dtí Cé an Chladaigh. Déanfar comharthaí a chur suas ar an suíomh dá réir maidir leis na bealaí atreoraithe sealadacha do choisithe tríd an gcosán uas-srutha atá ann cheana féin.

Foilseofar gach fógra faoi bhainistíocht na tráchta a éiríonn as an obair ina dhiaidh sin in am trátha.

Ceaptar go gcríochnófar scéim Dhroichead Coisithe Wolfe Tone II faoin dara ráithe na bliana 2024.