Duilleog Ghlas na hEorpa 2017

  • Bronnadh an t-ainmniúchán Duilleog Ghlas na hEorpa 2017 ar Chathair na Gaillimhe an 22 Meitheamh 2016.

    Is í Cathair na Gaillimhe an chéad chathair in Éirinn ar éirigh léi an t-ainmiúchán sin a bhaint amach. Roghnaíodh cathair na hÉireann roimh dhá chathair eile a raibh éirithe go maith leo: Cornellà de Llobregat sa Spáinn agus Mikkeli san Fhionlainn.

    Cad atá i gceist le Duilleog Ghlas na hEorpa?

    Is comórtas nua é Duilleog Ghlas na hEorpa a sheol an Coimisiún Eorpach agus tá an comórtas seo dírithe ar chathracha agus ar bhailte ina bhfuil idir 20,000 agus 100,000 duine ina gcónaí iontu, agus tugtar aitheantas don tiomantas atá iontu do thorthaí comhshaoil níos fearr.

    Barr...

  • Cad iad cuspóirí an chomórtais do Dhuilleog Ghlas na hEorpa?

    Tá trí chuspóir i gceist:

    • Aitheantas a thabhairt do chathracha a bhfuil go leor déanta acu ó thaobh an chomhshaoil agus a léiríonn tiomantas chun fás glas a chruthú
    • Cathracha a spreagadh chun feasacht agus rannpháirtíocht chomhshaoil na saoránach a fhorbairt go gníomhach
    • Cathracha a aithint chun a bheith ina "n-ambasadóirí glasa" agus cathracha eile a spreagadh chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo thorthaí inbhuanaitheachta níos fearr.

    Barr...

  • Cé hiad na cathracha eile ar éirigh leo an t-ainmniúchán seo a bhaint amach roimhe seo?

    Ba í Cathair Mollet del Vallès sa Spáinn agus Cathair Torres Vedras sa Phortaingéil buaiteoirí an chéad ainmniúcháin do Dhuilleog Ghlas na hEorpa i 2016.

    Barr...

  • An féidir liom tuilleadh eolais a fháil?

    Féach air http://ec.europa.eu/environment/europeangreencapital/europeangreenleaf/

    Barr...

  • Cá féidir liom an tuarascáil deiridh a léamh?

    Oscail an tuarascáil deiridh do bhliain na Gaillimhe mar chathair Eorpach na Leaf Glasa do 2017

    Tuilleadh faisnéise

    Barr...