Éifeachtúlacht Fuinnimh, Iarfheistiú Domhain agus Deontais

  • Éifeachtúlacht Fuinnimh, Iarfheistiú Domhain agus Deontais

    Ní thugann, níl aon deontais ag an gComhairle d’fheabhsúcháin a bhaineann le cúrsaí fuinnimh.

    Bronnann Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) na deontais sin.

    Suíomh gréasáin: www.seai.ie

    Top...

  • Clár Iarfheistithe Dhomhain an SEAI do Réadmhaoine Cónaithe?

    Níl sé i gceist ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe iarratas a dhéanamh leis an SEAI faoin gClár Iarfheistithe Dhomhain. Féadfaidh aon duine ar spéis leo an scéim dul i dteagmháil le ceann de na Gníomhaireachtaí Fuinnimh sa tír go bhfeice siad an gcuirfeadh an ghníomhaireacht an réadmhaoin lena hiarratas féin.

    Faoin gclár sin, féadfaidh údaráis áitiúla nó gníomhaireachtaí fuinnimh áitiúla iarratas a dhéanamh thar ceann cúigear úinéirí tí príobháideacha nó níos mó. Toisc gur féidir leis na réadmhaoine san iarratas a bheidh lonnaithe áit ar bith in Éirinn, seans go mbeadh údarás áitiúil eile nó gníomhaireacht fuinnimh atá i mbun iarratais sásta réadmhaoin a chur lena n-iarratas.

    Top...

  • Gníomhaireacht Fuinnimh na Gaillimhe?

    Níl a leithéid d’eagraíocht ann agus Gníomhaireacht Fuinnimh na Gaillimhe.

    Ba cheart aon cheist faoi chúrsaí fuinnimh a sheoladh ar ríomhphost chuig: environment@galwaycity.ie

    Top...

  • Pobail Fuinnimh Inbhuanaithe – Aistriú Fuinnimh na Gaillimhe

    Tugann an SEAI eolas ar a suíomh gréasáin faoi Choiste Fuinnimh Inbhuanaithe atá i Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.

    Níl an coiste sin i mbun feidhme faoi láthair.

    Ba cheart aon cheist faoin gCoiste Fuinnimh Inbhuanaithe a sheoladh ar ríomhphost chuig environment@galwaycity.ie.

    Top...

  • Teagmhálaithe sa Chomhairle Cathrach

    Paul Batty, Innealtóir Feidhmiúcháin - 091 536441

    Top...