Éire Ildánach

  • Cád é Éire Ildánach?

    Is ionann an clár 'Éire Ildánach' agus Clár Oidhreachta an Rialtais d’Éirinn 2016 – tionscnamh cúig bliana, ó 2017 go 2022, ar clár é a chuireann an chruthaitheacht ag croílár na mbeartas poiblí. Is clár cultúr-bhunaithe é Éire Ildánach atá leagtha amach chun folláine an duine aonair, an phobail agus an náisiúin a chur chun cinn. Is í fís Éire Ildánach go mbeadh an deis ag gach uile duine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn an acmhainneacht chruthaitheachta atá acu a bhaint amach. Ní mór do gach comhairle Straitéis Chultúir agus Chruthaitheachta a chruthú.

    Top...

  • Cád é cuspóir do Straitéis Chultúir agus Chruthaitheachta?

    Seoladh an Straitéis Chultúir agus Chruthaitheachta i 12 Meán Fómhair 2018. Is é an fhís atá againn straitéis a dhearadh, a stiúradh agus a sheachadadh a fhágfaidh go mbeidh Gaillimh ina samhail dháiríre maidir le hinbhuanaitheacht cultúir, rannpháirtíocht an phobail, dea-chleachtas agus go mbeidh eispéiris chultúir agus chruthaitheachta den chéad scoth ag daoine ann. Feictear go bhfuil sé riachtanach go mbeadh ceangal idir ealaíontóirí agus cruthaitheoirí agus pobail chun a chinntiú go mbainfear amach an fhís sin.

    Top...

  • Cén áit ar féidir liom an Straitéis Chultúir agus Chruthaitheachta a fheiceáil?

    Is féidir leat an Straitéis Chultúir agus Chruthaitheachta 2023-2027 a fheiceáil anseo:

    Straitéis Chultúir agus Chruthaitheachta 2023-2027

    Top...

  • Cén áit ar féidir liom tuilleadh eolais a fháil faoin Éire Ildánach I gcathair na Gaillimhe?

    Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin Éire Ildánach i gcathair na Gaillimhe anseo:

    https://www.creativeireland.gov.ie/en/creative-communities/galway-city

    Top...