-
Cén uair a thosaíonn Seirbhís Páirceáil agus Taistil na Nollag?
Cúis áthais do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt go bhfuil Seirbhís Bhliantúil Páirceála & Taistil na Nollag á reáchtáil arís i mbliana, ón Satharn, an 10ú Nollaig. Beidh an tseirbhís ar fáil gach lá suas go dtí Oíche Nollag.
-
-
Céard iad uaireanta feidhme na Seirbhíse Páirceáil agus Taistil?
Beidh an tSeirbhís ar fáil ó Ráschúrsa Bhaile an Bhriotaigh chuig Lár na Cathrach, idir 9.30 am agus 9.15 pm, gach lá agus idir 11.00 am agus 9.15 pm ar an Domhnach. Beidh busanna ag taisteal idir an Ráschúrsa agus an Busáras ag Faiche an Aonaigh gach 15 nóiméad (gach 30 nóiméad idir 7.00 pm agus 9.15 pm ar an Domhnach).
-
Céard é costas na Seirbhíse Páirceáil agus Taistil?
Is í an táille atá le híoc €1 an duine gach bealach. Níl táille le híoc le haghaidh leanaí, agus cuimsítear sa táille seo páirceáil i mBaile an Bhriotaigh ar feadh an lae.
-
Cé chomh minic is a fheidhmíonn an tSeirbhís Páirceáil agus Taistil?
Beidh an tSeirbhís ar fáil ó Ráschúrsa Bhaile an Bhriotaigh chuig Lár na Cathrach, idir 9.30 am agus 9.15 pm, gach lá agus idir 11.00 am agus 9.15 pm ar an Domhnach. Beidh busanna ag taisteal idir an Ráschúrsa agus an Busáras ag Faiche an Aonaigh gach 15 nóiméad (gach 30 nóiméad idir 7.00 pm agus 9.15 pm ar an Domhnach).
-
An bhfuil na Busanna Inrochtana?
Tá busanna inrochtana do chathaoireacha rothaí ar fáil.
-
Céard iad Buntáistí na Seirbhíse Páirceáil agus Taistil?
Cuireann an tSeirbhís Páirceáil agus Taistil “taisteal gan stró agus páirceáil shaor” ar fáil!
-
Cé a chuireann an tSeirbhís Páirceáil agus Taistil ar fáil?
Cuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe maoiniú ar fáil chun an tSeirbhís Páirceáil agus Taistil a chur ar fáil chun brú tráchta i gCathair na Gaillimhe a mhaolú roimh an Nollaig. Gach bliain, cuirtear fáilte roimh thairiscintí chun an tseirbhís a fheidhmiú ar ár son, mar gheall ar ár ndualgais um sholáthar poiblí.
-
Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoin tSeirbhís Páirceáil agus Taistil?
Tá tuilleadh sonraí faoin tSeirbhís Páirceáil agus Taistil ar fáil ó
Aonad Iompair na Gaillimhe,
Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
Halla na Cathrach,
Bóthar an Choláiste,
Gaillimh.
Teil: 091 536400
roads@galwaycity.ie