-
Céard iad Gradaim an Mhéara?
Tabharfaidh Gradaim an Mhéara aitheantas do thiomantas agus do rannpháirtíocht daoine aonair agus do grúpaí iontacha i ngníomhaíochtaí deonacha, a théann chun tairbhe go leor pobal éagsúil sa Chathair.
Iarrtar ainmniúcháin faoi chatagóirí éagsúla gach bliain e.g.
-
Gradam na nEalaíon, Cultúir, Oidhreachta & Cúrsaí Gaeilge
-
Gradam na nEalaíon, Cultúir, Oidhreachta & Cúrsaí Gaeilge
-
Gradam do Chúrsaí Comharsanachta agus Áitritheoirí
-
Gradam do Sheirbhísí Pobail agus Cuimsiú Sóisialta (Gradam Aonair & Gradam Grúpa)
-
Gradam d’Oibrí Deonach Scothaosta na Bliana
-
Gradam d’Oibrí Deonach Spóirt na Bliana
-
Gradam do Ghasúir agus don Óige
-
Gradam d’Oibrí Deonach Óg na Bliana
-
Gradam Inbhuanaitheachta ó thaobh an Chomhshaoil
-
Gradam Oibrí Deonach na Bliana Chomhairle Cathrach na Gaillimhe
-
Cén uair a bhíonn siad ar siúl?
Bronnfar Teastas an Mhéara atá deartha go speisialta ar gach duine a fhaigheann ainmniúchán ag Searmanas na nGradam a bheidh ar siúl Dé Máirt 24ú Bealtaine 2022 in Óstán Galmont, Gaillimh.
Barr...
-
Cé atáthar in ann a ainmniú le haghaidh Ghradaim an Mhéara?
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag lorg ainmniúchán le haghaidh daoine ar leith nó grúpaí atá páirteach i ngníomhaíocht dheonach a dhéantar sa chathair i gceann de na catagóirí seo a leanas, a léiríonn gnéithe éagsúla na hoibre deonaí, go háirithe i gcomhthéacs an fhreagra ar riachtanais áitiúla:
-
Gradam na nEalaíon, Cultúir, Oidhreachta & Cúrsaí Gaeilge
-
Gradam na nEalaíon, Cultúir, Oidhreachta & Cúrsaí Gaeilge
-
Gradam do Chúrsaí Comharsanachta agus Áitritheoirí
-
Gradam do Sheirbhísí Pobail agus Cuimsiú Sóisialta (Gradam Aonair & Gradam Grúpa)
-
Gradam d’Oibrí Deonach Scothaosta na Bliana
-
Gradam d’Oibrí Deonach Spóirt na Bliana
-
Gradam do Ghasúir agus don Óige
-
Gradam d’Oibrí Deonach Óg na Bliana
-
Gradam Inbhuanaitheachta ó thaobh an Chomhshaoil
-
Gradam Oibrí Deonach na Bliana Chomhairle Cathrach na Gaillimhe
-
-
Cén chaoi a n-ainmneoidh mé duine éigin?
Caithfidh tú foirm ainmniúcháin ar líne a líonadh maidir leis an té atá tú ag ainmniú.
De ghnáth iarrtar cuntas mar seo a leanas faoin duine atá á ainmniú:
- Gníomhaíochtaí an ainmní agus an méid atá bainte amach acu agus an obair atá déanta acu sna gníomhaíochtaí sin
- An difear a rinne an t-ainmní sa phobal
- Na cúiseanna go bhfuil an Gradam tuillte ag an ainmní
Chomh luath is a sheoltar Gradaim an Mhéara (i mí Eanáir go hiondúil) bíonn foirmeacha ainmniúcháin ar fáil ó oifigí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, agus i mbrainsí leabharlainne sa chathair.
Tá an fhoirm ainmniúcháin ar fáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe freisin.
Foirm Ainmniúcháin Ghradaim an Mhéara
Bí cinnte go líonfaidh tú isteach an fhoirm ainmniúcháin ar líne faoin spriocdháta de bhrí nach nglacfar le foirmeacha a gheofar tar éis an dáta sin. -
Céard a fhaigheann na buaiteoirí?
Faigheann na buaiteoirí i ngach catagóir duais airgid thirim agus trófaí comórtha a choimisiúnaítear go speisialta.
Gheobhaidh gach duine a ainmnítear teastas freisin a shíneoidh Méara Chathair na Gaillimhe.